Corpus of Electronic Texts Edition
The birth and life of St Mo Ling (Author: Unknown)

chapter 2

CAPUT SECUNDUM

5

Bái siur sainemhail ic á bain-céili-siumh ina farradh in tan-sin, Émnait a h-aimn. Do-rala menma Fáeláin fuirri, co tarla ina caratradh, gur' bo torrach h-í. Ro gabh omhan ocus imeccla h-í riana siáir ocus fri náire in gnímha do-rala di. Conidh aire-sin do imtigh-si i frithing na conaire i n-elódh, & ní ar imtecht i l-ló acht i n-aidche no imtigedh, & no bíth cach lá 'na tost. Conidh amlaid-sin ro-siacht si da ferann dúthaigh .i. co Cenél Síatnai síar.

6

O ránic iarum co medón na Lúachra síar fon innas-sin tuitid an aidigh fuirri annsin occus snigidh snechta adbol-mór and co ránic formna fer. Ro gabsat dano ídhain ísi tré immarcraidh úachta ocus tré mét an t-snechta ocus trésin oman & trésan imeccla do-chúaidh impe, co rucc-si iar sin an gein ro bói ina broind .i. mac mín-álainn mín-etroct.


p.10

7

Bái timthirecht aingel co h-airm i r-raibhi. Ro leghastair trá in snechta tricha traiged ar cech leth úadh tria thimthirecht na n-aingel. Ro impá-si immorro a druim frisan mac m-becc, ocus re leíc comdílsi etarru & in snechta, & ro bói ica túr aici cinnus no immeradh bás fair, ar bá mebhal lé a aicsin aici arna dhénamh dar cend a sethar.

8

At-racht solsi na gne ós dreich in talman tóebh-úaine togaidhe, ocus ro bói oc midhemhain na nóeden annsen. Ro-lá iaramh a dá doit-righidh imme d' immirt báis & écca & aidedha fair. Is aire sin tra ro chuir in Coimdiu colum do nimh {folio 44a} do dhítin in maic bhicc sin, co tucc an colum a clúimh ocus a eitidha im cnes na náidhen, co raibhe ica chlútadh & ica téghadh. No sínedh in ingen a lámha ara ammus in leth ná bidh in colum d' immirt báis fair. Ticed immorro in colum da cech leith imme, & nos-gabadh a h-etidha & a ingne dar a ghnúis & dar a h-aigidh na h-ingine, ocus ro bói occ dítin na nóidhen fon cumma-sin, co táinicc tráth don ló & don laithe fóesin.