Bai brughaidh cétach amra irdairc comhramach i l-lergaibh na Lúachra luchtmaire co n-ilor brat & búar & bó-tháinte, dar' bo com-ainm Fáelá Find ac Feradhaig maic Odhráin maic Degha maic Findloga día tát Ui Degadh Laigen ocus Ossairge. Trí cóecait búacailli is edh batar ic comhét a alma & éti ocus a innili lais. Cíar' bo imdha thrá búacailli aca ní chumgaitis a n-immáin da líasaibh nó a n-inghaire ara n-imat. Ocus is edh do-nítis and-saidhe, a n-étaighe do chor for a lorcaib doibh, co tégtis 'na ruibnibh ro-retha do mhaigréidibh in cóiccidh d' innsaigidh a l-lías & a lán-búailtedh.
Ní bái tra do maithius sáegallu i terci dó, nó dia ban-céli. Oen na n-aidhce ann tra, dia m-bátar for dúnadh a lis & a l-lán-bhaile, nos-bert a ban-chéili frisiumh: in fil occat-sa, a fir, tothchus críchi nó ferainn dilis, ocus dia m-beith, ol sí, ropad comtigh duin techt dó, ocus ar maithius mór-adhbal do chaithim and, ocus tegh n-óighedh coitchenn do dénamh ocaind, co fagbad cách a dáethain occainn ann ac ár n-inud dúthaigh, ardaigh co m-beith iardtaige accainn, & co ro tartis ar caraitt ocus ar comairrlidhi ní dínn.
Maith a inghen, ar Fáelán, dot-rói búaidh ocus bennacht! Is maith ina canai, ocus da fesaind-se a maith occut-sa no raghmais. Is cían úaid docum ar críche ocus ar m-bunaite.
Conidh andsin tra ro éirigh fri nert seóin ocus solaid co n-imat brat ocus búair & bó-táinte & éti ocus almu & innile, co ro línad leis da conách a orba ocus a ferand díles .i. Ui Dega Laigen ocus Ui Degha Ossraige, coná báei isin túaith nó isin tír ní nár' línadh lais, nó dún nó dingna {folio 43b} nó degh-baile nár' bo lán uile da maithius, coná bói i comh-ré ris nech ro sosadh fair im shaidhbrios.