Corpus of Electronic Texts Edition
Bethada Náem nÉrenn (Author: Unknown)

Life 5


p.96

{folio 70b}

Da apstol decc na h-Erenn

Bator da apstol decc na h-Erenn h-i c-Cluain Iraird ica foghlaim oc Findian. Co n-derna Findian fleidh dona h-apstolaibh & do naemhaib Erenn archena. Amhail rob áiniu doibh ic comhól na fleidhe co nus-aicet in scoith n-dífhreccra n-dímhóir chuca dind comhartha tíre tairngire. Is ann dino ro fhás bruth & comhairle aca im dhol d' iarraidh tíre na scoithi. Nochar gabh nech do laimh sech a chele dibh dul ann; co n-dernadh crannchor etorra .i. iter cech n-dís dibh; co tarla iar sin don da Brenainn dol ann. Cuirit dino an dá Bhrénainn crannchor etorra fodhéin, cipé dibh dia roisedh dul d' iarraidh tíre tairngire. Rosoich dino do Brenainn Birrae dol ann.

Is annsin dino ro chuir náemha Erenn uile h-i socht, & i n-imsniomh, ara dhoilge leo a rochtain don t-senóir .i. do sinnser naemh Erenn & do súi na faitsine dol i craes mara & mór-fhairrgi. Conidh annsin at-bert Brenainn mac Findlogha: ‘Meisi an sósar, is mé raghus ar in fairrge’. Conidh dó ro chan in láidh si:

    1. 1] Bator ic foghlaim tréin treall,
      2] Cansat co léir a leighenn,
      3] Acc Finden co fichtibh ceall
      4]

      In Br2 this is the second line of the verse.

      Da apstol décc na h-Erenn.
    2. 5] Co n-acaiset chuca in scoith
      6] In comunn féta fir-maith,
      7] Óta tír tairngire n-daith
      8] Ó righ na righ, on rígh-flaith.
    3. 9] Ro raidhset uile malle,
      10] Ba dia c-comairlibh maithe,
      11] Co rochtain dail diamhair de,
      12] D' íarraidh tire na scoithe.

    4. p.97

    5. 13] Scarthais Día dá cech dis daibh
      14] Forla saethair na sen-náeimh,
      15] Do reir crannchair amhra uill
      16] Co tárla donBrénainn.
    6. 17] Co ros-bennach Dia datha
      18] Cona lestraibh lind-bracha,
      19] Brenainn Birrae, buaidh flatha,
      20] Is Brenainn mac Findlacha.
    7. 21] Cor cuirsiot crandchor caem n-glan
      22] I fiadhnaise na n-apstol;
      23] Brenainn Birrae cusin m-bladh,
      24] As dó do-rala in astor.
    8. 25] Innsa re n-áes cumtha cóir
      26] Co cornaibh finda fledh-óil,
      27] A dal ar lúi mara moir,
      28] A súi slán is a seanoir.
    9. 29] ‘Daigh im só sa sunn cose’,
      30] Ar Brenainn (oc) i n- airde,
      31] ‘Badh as damh inní bias de’,
      32] ‘Meisi raghus ar fairge’.

Is annsin dino do-ronadh digrais cauraidh la Brenainn .i. ar mhed & luchtmaire .i. coicciur ar cethrachat & tri sechtmogat, isé lín do- chóid isin curach.

Seolais iar sin Brenainn mac Findlogha for tonnghar in mhara mong-ruaidh, & for trethan na t-tonn t- taobh-úaine & for cichanaigh, in t-saile shith-guirm, & i m-béolu in aiccéin iongantaigh il-phiastaigh .i. airm i fuaratar ilar m-bleidhmíl muiridhi. Is annsin dino fogebhdís ailéna áille ingantacha, & ni thairistis inntibh-sin bheos.

Bator dino co cenn m-bliadhna ar in iomramh-sin. Is annsin ba comhfochraibh don cháiscc; batar a mhuinnter aca radha fri Brenainn dula for tír do chelebradh na cáscc. ‘Is tualaing Dia’, ol Brenainn, ‘talamh do thabairt duinn in cech ionad bús ail dó’. Iar tichtain na cáscc tra, is ann toccbais in míl mór a formna i n-airde o sin muir súas, cor bó talamh comard, cobhsaidh, coraighthi, coimlethan, coimhreidh,


p.98

comhalainn. Tiacchaitt iar sin for in talumh-sin, & celebhraitt in chaiscc annsin. Óen-lá & dá oidhche doibh isin inad-sin, go tarnacair léo ord na cáscc do dhénamh. Tiacchait iar sin ina curach. Sceinnidh in míl mór iar sin fon muir. Cech uair ba comhfochraibh in chaiscc cecha bliadhna no tóccbadh in míl mór a druim ós an muir, coma talamh tirim techtaidhe.

Fechtus dino bator for in aiccen, co n-acatar na srotha dearmáire. {folio 71a} Do-sreng ait dino an tanfad dara n-aimhdhéoin co bord na saebh-coire. Is annsin ros-gabh imeccla mór íat fri méd na ainbhtine. Gabhais cách dibh acc fecchadh i n- aghaidh Brenainn, uair ro ba dermáir in gábudh i rabhator. Tóccbais iar sin Brenainn a guth co h-ard, conidh ann as-bert: ‘Is lór dhuit, a mhuir mor-sa’, ol sé, ‘meisi m' óenar do bhadhadh, & léicc uait in lucht-sa’. Is annsin dino fethnaighis in mhuir fo cédoir, & toirnit feicheda na saebh-choire o shin amach riamh, & nír irchoitig- set do neoch eile.

A m-batar ann la n-aile for an muir co taínic diabhul chuca i n- deilb sentu adhuathmaire inglaine ifernaidhe, co n-deisidh for seol in churaigh i fiadhnaisi Brenainn a aenur. Ní fhacaid dino nech dibh-siumh é acht Brenainn a áenar. Iarfaighis Brenainn do dhiabal, cidh 'ma tanic a h-ifern riana aimsir chóir .i. ria n-aimsir na h-eiseirghe móire. ‘Is aire immorro tanac’, or díabal, ‘d' iarraidh mo phianta i clúsalaibh doimhnibh in mhara duibh dhorcha-sa’. Iarfaighis Brenainn do-somh: ‘Cidh on, cáit ina fuil in loc ifernaidhe sin’? ‘Truagh sin’, ar diabhal, ‘ní chuma- ing nech a fhaicsin, & se béo iar sin’.

Is annsin foillsighis diabhal dorus ifirn do Brenainn; & feghais Brenainn iar sin in carcair n-gairbh n-guirm sin, lán do bhréntaidh, lán do lasair, lán do mhosair, lán do longpurtaibh na n-demhnu neimhnech; lán do ghol & do eighim & do erchóid; & gaire truagha & nuall-ghuba móra, golfadhach & basgaire na tuath peacthach, & bethu dubach brónach h-i cride péne, i carcraibh teinntighibh, i sruam- haib na


p.99

sreth sir-theinedh, i cailiuch bith-bróin & báis cen crích cen foircenn, i lathachaibh dorchaibh, i cathairibh trom-lasar; i n-imat bróin & báis, & riagh, & cuimreach, & trom-treas n-dichumaing, co m-bloedhghail adhuathmair na n-demhna neimhnech, i n-aidhchi bith-dhorca, bith-uair, bith-bréin, bith-shalaigh, bith-ciamair, bith-ghairbh, bith-fhoda, bith-muichnigh, marbhthaigh, malartaigh, mucna mong-theinntighe iochtair imuair adheitig iffirn; h-i slesaibh sliabh sír-theinedh, cen anadh, cen airisemh, acht sluaigh demhnu ac tarra- ing na pectach i c-carcraibh troma, tenna, tee, tenntighi, dorcha, doimhne, diamhra, dímaine, dáera, dubha, déinmecha, sal- cha, seda, senta, sir-bréna, sir-debhtacha, sir- trodacha, sír-scitha, sir- marbha sir-bhéo.

Gol ger, garcc, goethach, golfartach grechda, geranach, gothach, goirt, ger-gairmnech, gubhudach. Cruma croma, cruaidhe, calma, cend-mhóra. Piasta buidhe, bana, bel-mora. Leomhain lonna, lán-luatha, leid- mecha. Seabhaic roda, ruadha, ro-arda. Drecain dercca, dubha, dronn- móra, deinmnecha (no dein- mecha). Ticcri trena, tuath-bertaigh; scoirpi gorma gimacha; griba garba, goib-ghéra; cuile goirte, guilbnecha; creabhair chroma, cruadh-ghobacha. Farchadha trena, trom-iarnaidhe; sústa senta, sen-gharba; claidhbe gera; gai ruadha; demhna dubha; teinnte bréna; {folio 71b} srotha neime; eassa bréna.

Cait ic scribadh, coin ac ledradh, gadhair tafaind; demhna ag glaedhgail; locha brena, lathacha mora, cuithe dorcha, glenna doimhne, slebhte árda, creca cruaidhe. Sluaigh demhna, longport salach, pían cen anadh; saithe sanntach, tochur meinic, troid cen fhuirech; demhna acc píanadh, imatt riagha, betha bronach.

Airm i filet srotha secdha, serbha, senta, sir-bréna, lobhta, legtha, loisctecha, loma, luatha, lan-tei, lethna; cumga cruaidhe, cairrgecha, foda, fuara, fodomna, beca mora feichtecha, sir-the, sínte, suáiti, so-thoirsecha; moighi loma, loiscthecha. Tulcha corra,


p.100

gímacha; glenda croma crumhacha; móinti garbha, deilccnecha; coillti dubha teinntighi. Slighti salcha, biastaighi. Mara techta, tul- bhrena; clóithi aidble, iarnaidhe. Usci dubha doimillsi. Aiddi imda examhla. Samudh salach, sir-lobtha; gaetha goirti geimhreta. Snechta secda, sir-silte; lanna dercca, teinntighe; gnuse dáera, dubha; demna luatha, leidmecha; piana aidble eccsamhla.

Iar faicsin na pian-sin do Bhrenainn, co c-cualaidh in nuall-gubha n-dermair n-dofulachta n-ettualaing, & an chúi ciamair, attruagh, & in golgaire dichumhaing i fudomhain iochtair ifrind. Is annsin ro gabh imeccla an clerech fri h-adhuath na troighi-sin. Conidh annsin at-connairc Brenainn in carraicc n-dermair; is fuirre-sidhe ro búi a n-at-cualaidh; & ticcedh an muir ifernaidhe da cech aird darsin carraicc n-dermair .i. tonn teinedh dubh-ruaidhe anair thairsi, & tonn uar, eighreta, aníar cech re fecht.

Is annsin búi oen-duine truagh ina shesamh forsin carraic. Iar- faighis Brenainn de, cuich é. ‘Iudas Scarioth meisi’, ol se; ‘& as me do rec mo thiccerna do chinn airccit & ionnmais dímiccnigh, díomaoin in t-saoghail .i. Ísu Crist mac De bí. Ocus as dermair’, ol sé, ‘méd mo phian n-examail; & bett amhail at-chi-siu oníu co tí an brath’. Is annsin ro chúi Brenainn fri méd na tróighi i facaidh Iudas do beith. Conidh ann do-righne Iudas na runna becca-sa oc taithmet do Breanainn:

  1. 1] Iudas Scarioth me indiu
    2] For tonnaibh na tren-fairrcciu;
    3] Truag mo betha gaibtech gorm,
    4] Ocom píanadh i n-iforn.
  2. 5] O thuinn teinedh for tuinn uair,
    6] O tuinn uair for cech tuinn trein,
    7] Mé 'com píanadh as cech airm,
    8] Truagh in gairm mo bheth h-i péin.
  3. 9] Maircc damh-sa trécced mo righ,
    10] Olc in gnimh fa tuccus laimh;

    p.101

    11] Beithir de tre bithi sír
    12] Cen sídh is cen annsa shaim.
  4. 13] h-Ichtar ifirn cech re n-uair,
    14] Truagh an grifing bís fom taobh;
    15] Deamna dubha bít im dháil,
    16] Uch, a lágh, ni cuma caemh.
  1. 17] Maircc do-righne, maircc do-gni ,
    18] Maircc a turus for bith cé;
    19] Antí do-gni saint tar ró,
    20] Maircc fa dó, & maircc a Dé.
  2. 21] Maircc damh-sa mo saint rom baidh,
    22] Demhna garcca at-cim 'ar n-uair;
    23] Maircc mo thurus a Dé dáibh,
    24] Maircc do ráidh mo cubhus crúaidh.
  3. 25] Uch, a Brenainn, fégaidh mé;
    26] Cech a n-denaim damh as mo,
    27] Ifern dona, daer, dubh, dall,
    28] Uch, as ann atú sa béo.
  4. 29] Uchan, uch luach braith mo righ,
    30] Co sír sír do-ghébh a olc,
    31] Tricha circull airccit bhain,
    32] Isé sin do cráidh mo chorp.
  5. 33] Ar ionnmus tuccus mo rígh,
    34] Uch, as tríd as olc mo dhil;
    35] Ní mhair in t-ionnmus dom réir,
    36] Mairim-si i péin tria bith sír.
  1. 37] Uch, nach marbh me, a Meic mo Dhe,
    38] Uch, as garb do-gheibhim gleo;
    39] Uch, me ar lasadh goma cét,
    40] Ní fhagaim écc, acht me béo.
  2. 41] Cruma croma bit fom thaebh,
    42] Dubha, donna, truag in baig;

    p.102

    43] Gair tafaind ann cech re n-úair
    44] Truag in grafaing bít im dáil.
  3. 45] Uch, a airccit, maircc do-gni,
    46] Uch, do airccis mé fam De;
    47] Uch, a ionnmais, bhréccaidh bháin,
    48] Uch, is plaigh ro imres fein.
  4. 49] Maille re demhnaibh atú;
    50] Uch, rom-medhraigh olc mo ghné,
    51] Do-clos tre dhiumus mo gnaoi;
    52] Is Iúdus Scarioth me.

    IUDAS SCARIOTH


p.103