Corpus of Electronic Texts Edition
The Colloquy between Fintan and the Hawk of Achill (Author: Unknown)

p.24

Fintan

  1. 1] Arsaidh sin, a eoúin Accla
    2] innis dúinn adbur t' echtra
    3] atá accam co séghda
    4] h' accallam a hénbérla

In t-én

  1. 5] Gé thusu nochu n-óg ort
    6] is fada ó do cháel do chorp
    7] i n-Dún Tulchu fa ticc muir
    8] a Finntain, a fir eóluigh

p.25

Fintan

  1. 9] Mó iss ínganta mo beth beó
    10] táinic ar mo chraidhe ceó
    11] cumha Rois Gredha 'gum roinn
    12] mó rom-chráidh aidhedh Illainn
  2. 13] A eóin a h-Accuill na b-fían
    14] atú ar tí t'faicsina ríam
    15] arnat faiccsin abair rinn
    16] ca cúis fa n-adhrai d' Accaill

In t-én

  1. 17] Soillsi a h-aeóir caoimi a cúan
    18] tess a fidbaidhe nach fúar
    19] torthaighe a sealg sáire a sreab
    20] ocus úaignighe a hinber
  2. 21] A Finntain ní rabu ríam
    22] áen-adhaigh i n-Accaill tíar
    23] nach fuighinn mo sáith lem threóir
    24] d' íascc iss d' fíaduch is d' oisfeóil
  3. 25] A micc Bóchra in bérla báin
    26] ó ráinic ar chóir chomhráidh
    27] ar grádh Íssu innis dam
    28] do thaidhecht is do sáeghal

Fintan

  1. 29] Mo sáeghul roimh dhílinn duib
    30] cúig bliadhna déc do bliadhnuib
    31] tug Día tar éis dílinn damh
    32] cúig cét cúig míli bliadhan
  2. 33] Fúarus-sa tuilliudh a eóin
    34] adhbar damh beth am senóir
    35] deich cét bliadhan damh mar sain
    36] adhbhur dom áeis beith arsaidh.

    Ars.

  3. 37] A h-seabuicc a h-Accuill úair
    38] ber-si bennachtain is búaidh
    39] ón lo ro ghenis a h-uigh
    40] abair nuimhir do h-sáeghuil

p.26

In t-én

  • 41] Inann sáeghal damh is duid
    42] a Finntain mheic Bóchra buicc
    43] cert-inann ré ní fáth fill
    44] inann degháes iar ndílind.
  • 45] A Finntain mheic Bóchra báin
    46] os tussa in fili 'san fáidh
    47] innis dúinn gan chairde anuis
    48] na h-uilc is aidhble fúaruis
  • Fintan

    1. 49] Díth Illuinn aidhedh mo mhacc
      50] bás Cesra co n-gili glacc
      51] mó rom-chráidh ó sin immach
      52] m' adhaigh ar Ess Rúaidh rónach
    2. 53] Ar ndíth Ladra is Bethadh binn
      54] ar n-dubhdortadh don dílinn
      55] rom-chuir in Coimdhe dom chrádh
      56] h-i richt égne ar gach n-úarán
    3. 57] Fa gairit limm beth ar Bóinn
      58] ar toidhecht dom dar muir móir
      59] ar Búais ar Banna ar Bru duinn
      60] ar Succu ar Súir ar Sinainn
    4. 61] Ar Sláine is ar Life thoir
      62] ar Maigh 's ar Ethne findgloin
      63] ar Múaidh ar Modhuirn ar Muir
      64] ar Soláin ar Láigh ar Leamhuin

    5. p.27

    6. 65] Ar Sinuinn ar Dáeil 's ar Duibh
      66] ar Sligech 's ar sruth Munuidh
      67] gu ticcinn gan lén ille
      68] go hess inbir na hÉrne
    7. 69] Adhaigh dhamh ar in tuinn túaidh
      70] ocus mé ar Ess rónach Rúaidh
      71] ní fúarus adhaigh mar sain
      72] ó thús co deiredh domain
    8. 73] Nír fétus anadh fon ess
      74] berim léim nirb é mo les
      75] ticc in t-aighredh mur ghlain n-guirmm
      76] etromm is Ess meic Modhuirn
    9. 77] Tic préchán a h-Accuill úair
      78] ós cionn inbir Essa Rúaidh
      79] ní biu 'ca chelt cidh fáth rúin
      80] do fúadhaigh leis mo lethsúil
    10. 81] Goll Essa Rúaid do lean dím
      82] ón adhaigh-sin borb a brígh
      83] atú gan mo tsúil ó h-soín
      84] nem-ingnadh dúinn beith arsaid.

      Ars.

    In t-én

    1. 85] Is misi do sluig do súil
      86] a Fintain in aicnidh úir
      87] is mé in seabac líath co ladh
      88] bís a coim Accla m' óenar

    Fintan

    1. 89] Massa thusa sin gidh sáeb
      90] d' fácbuis mé co cíamair cáech
      91] atá i ndliged 's a n-dúla
      92] ícc rimm éruicc m' énsúla

    p.28

    In t-én

    1. 93] Éraicc bec do-béruinn duit
      94] a Finntain mheic Bóchra buig
      95] in áe-nsúil-sin h-it chinn chrín
      96] prap do sluigfinn am óenmír

    Fintan

    1. 97] Searb a cana a mir-eóin móir
      98] binne cach fethim co fóill
      99] do-ghén-su osa mé is míne
      100] comrádh ar mo choimdíne
    2. 101] Cúig cét bliadhan dam-sa am gholl
      102] am égni tháeib-leaphur thromm
      103] ar lochaib ar aibnib sain
      104] ar gach muir saidhbir sruth-ghlain
    3. 105] Cóeca bliadhan mé amm ilar
      106] tercc éun do dénad minadh,
      107] iss cét bliadhan damh fa muirn
      108] am séghdha h-seabaic h-súl-ghuirm
    4. 109] Gur mithidh le rígh n-gréne
      110] mo chur am richt budhéine
      111] ca fuighinn ní bud fiú sain
      112] acht cé tú indiu co harsaidh.

      Ars.

    5. 113] Ó ré Sláinghe mheic Dhela
      114] cét-rígh Fódla fúair fledha
      115] co linn Láeghuiri mheic Néill
      116] co toidhecht Phátruic phenn-réidh
    6. 117] Is mé fa hairdbrethim binn
      118] da gach rígh dar' ghab h-Érinn
      119] mé do roinn gach crích co cain
      120] accu gan fích gan fogail

    7. p.29

    8. 121] Trí chét bliadhan gan temeal
      122] óigi m' áisse fa dheriuth
      123] re linn mo dalta gan táir
      124] Illainn sgíamaigh mheic Sgannláin
    9. 125] Gan temheal choidhchi ar mo chuirm
      126] nír sgar mo macrad ré muirn
      127] cách aca n-díl riam a m-brugh
      128] gan chrínadh criadh ná chomluth
    10. 129] Beg co bás Illainn gach ní
      130] min gach díth gur cláechlódh lí
      131] crín anocht mo chalann chain
      132] fír a canam, cid arsaid.

      Ars.

    11. 133] A eóin, is arsaidh do chlúmh
      134] ó dho léiges rit mo rún
      135] inniss dúinni tré rechtaibh
      136] blogh ale dott imthechtaib

    In t-én

    1. 137] Atá accom duit uile
      138] a mheic Bóchra barr-buidhe
      139] fiss gach catha cenn a ceand
      140] da tucodh i n-iath Hérenn
    2. 141] A cath Muighi Turith thiar
      142] h-i Cunga nír chlódh mo chiall
      143] do bídh a mheic ger mhór in ail
      144] fuil do chlainne fam chrobaib
    3. 145] Ann torchair do dá mac dég
      146] 'ga faigsin adhbul in béd
      147] do chognus da gach géig úir
      148] lám nó leth=choss nó leth- súil

    4. p.30

    5. 149] Do-chúadhus turus budh sía
      150] assin Chunga nertmur níadh
      151] i n-deguidh Eochaidh mic Eircc
      152] co Tráigh n-Eóthuili n-oirdheircc
    6. 153] Tar éis uisci d' ól don rígh
      154] turus nachar búadach brígh
      155] do chomthuit issin chath chrúaid
      156] iss clann Nemidh co nert-búaidh
    7. 157] Ar n-inntódh chum in chatha
      158] doconncus ní réim ratha
      159] ó Chunga co Sruthair sair
      160] lán do chorpaib 'na cossair
    8. 161] Ar n-dul damh a mescc ind áir
      162] do-chím dom leth-táeib an láim
      163] fainne don derg-ór mar fuil
      164] fa gach énmér da méraib
    9. 165] A l-láechdacht fa lór a mét
      166] iss mairg dar gerradh in ghég
      167] a cáeimhe 's a fad 's a fedh
      168] derge ocus áille a h-ingean
    10. 169] Muinchille sreabnaidhe sróill
      170] is muinchille inair óir
      171] do bí uimpi ar a muin-sin
      172] fedh na láime don lúirig
    11. 173] Tógbaim hí 's nírb fann in treóir
      174] in lám itir fuil is feóil
      175] berim lim fa h-anba in fedh
      176] go Druim Ibair na n-inber
    12. 177] Lám Núadhat do fúarus ann
      178] airdrígh Thúaithe Dé Danann,
      179] secht m-bliadhna di a n-adhba m' én
      180] ac sin a Fintain ursgél

    13. p.31

    14. 181] Do-gheib muicith Núadhat náir
      182] beriss co Carnn Lámha in láimh
      183] is trithe do thuitsit tair.
      184] Miach is Oirmedh gérb easbaid
    15. 185] Deich mbliadhna fichet ro fess
      186] ó chath Muighe Tuired thess
      187] co cath Muighe Tuirith thúaid
      188] ar' thuit Balur in mór-slúaigh
    16. 189] Ar n-díth Fomóruch in áigh
      190] uch rob í in t-sáimrighe sáim
      191] gan chreich gan ghalur gan ghuin
      192] gan fúath gan feall gan fingail
    17. 193] Ó Muigh Cétni itir dá choill
      194] gu Céis cráeb-thorthuigh Coruinn
      195] dob imda grecho gábaidh
      196] ó armmuib in Illdhánaigh
    18. 197] A n-diaidh meicc Ethne na n-armm
      198] fa h-imda brain-éun iss badhb
      199] do bo mana crimb chnáma
      200] táeph re Lugh na láech-lámha
    19. 201] Nochu n-facco missi riam
      202] thair ná thúaidh ná thess ná thiar
      203] 's nochu chúala láech mar Lugh
      204] ón laithiu ro ghein Ádhumh
    20. 205] Fada lim-so la toghu
      206] mór in sgéul glacc na gonu
      207] a h-aithle mic Guill dá ghuin
      208] atát na fuinn gu harsaidh.

      Ars.

    Fintan

    1. 209] Is mór m'fala rit ann sin
      210] a eóin a h-innsi in fiadaig
      211] crimm corp mo chlainne nár thaiss
      212] leth mo ruiscc ríghdo rinn-glaiss

    2. p.32

    3. 213] Budh hé h'ícc'sa ngním nách gar
      214] mádh táesca dhuit iná dham
      215] mana biad fo thalmain thinn
      216] soimmled do chuirp gan choicill

    In t-én

    1. 217] Inniss a úa Láimfiach láin
      218] ar do bhréthir ar do bháigh
      219] imthúsa Míledh don muigh
      220] is a chlainne 'na dheghuidh.

    Fintan

    1. 221] Trícha mac ocus dá mac
      222] ac Mílid co n-gile n-glacc
      223] ní ráinic díb demin linn
      224] acht óenseiser co h-Éirinn
    2. 225] Ar tocht a h-Espáin in áigh
      226] ochtur derbráithrech don dháim
      227] do báidedh h-Ír is Dunn dil
      228] ar muir úathmuir ilpíastaigh
    3. 229] Do thuccsat cath Tailltin tall
      230] maróen is Túatha Dé Dhanann
      231] 'ar n-díth clainni Cermuit crúaidh
      232] le clannuib Míled mong-rúaid
    4. 233] Do roinnsit Banbha gan brón
      234] Émer ocus Érimón
      235] co tánaic úabur a m-ban
      236] bliadhain gan chreich gan chogadh
    5. 237] Do ráidh ben Éirimóin na cath
      238] mun budh le druimm cáein Cesrach
      239] Druimm Bethi Druim b-Fingin finn
      240] nach biath áen-oidhchi i n-Érinn

    6. p.33

    7. 241] Ainm dílis gacha druimmni
      242] budh búan am chridhe a chuimni
      243] Tír Maine is Cnoc Medha mór
      244] is Cenn Mara gan cláechlódh
    8. 245] Torchuir Émear anba in fer
      246] le h-Érimón mac Míled
      247] fúair a Túaith Ghéisil a ghuin
      248] 'sa maitin ar Muigh Smerthuin
    9. 249] Ó Éremón anba in rath
      250] co Conuing meann m-boc-foclach
      251] do bí Ére 'na tuinn técht
      252] gan olcc gan feall gan ainécht
    10. 253] Do bámar lá hi Temraig thoir
      254] re tóeb Echach tind tolccoigh
      255] a Múr Tea i n-aitreb thair
      256] rissi n-abur tra Temair
    11. 257] Glúaisis Conuing a Temraigh
      258] ocus a slúaigh 'na lenmain
      259] co h-áenuch Dromma Léith láin
      260] maithi Midhe 'na mhór-dháil
    12. 261] Mar do bhámar i n-Druimm Léith
      262] slúaigh Innsi Fáil fir nár tréith
      263] co facamar in fer mór
      264] cucuinn ag techt 'nar tinól
    13. 265] Beirt ghlé-gheal mun gillu mór
      266] sí arna h-úaim ule d' ór
      267] do faluigh oirn in gréin n-glain
      268] a sgáile ac tocht co Temraigh
    14. 269] Cráeb thoruidh i l-láim in láeich
      270] maith a boludh glan re gáeith
      271] do bí ar in cráeib-sin chena
      272] cnái ublu ocus áirnedha
    15. 273] Dergbuidhe nán t-ór a folt
      274] gile ná cubur a chorp
      275] iss h-é iss áille at-chonnucc ann
      276] da táinicc i n-íath h-Éreann

    16. p.34

    17. 277] Suidhiss accuinn amra in rádh
      278] ticcmait ule da ghnúis grádh
      279] laphruiss re Conaing na cath
      280] assin bérla glan ghrécach
    18. 281] Cé thussa a láeich iss lór mét
      282] laphrus bérla na fer n-Grécc
      283] inniss dúinn co fír a bus
      284] ca tír a fuil t' urradhus
    19. 285] Is missi Tréfuilngidh trén
      286] a airdrígh nime na néll
      287] iss ass tánagus anair
      288] a parrthus a purt Ádhaimh
    20. 289] Uidhe is faite ná sin síar
      290] nochon tairinn go gnáth-ghrían
      291] nochon fuil feronn ná fód
      292] táeb thíar do Dún Mo Cháemóg
    21. 293] Do siublus-sa in cruinne
      294] ó tháeb leabhar gach thuinne
      295] nochur fácbus treab ná tonn
      296] acht in tír si gan todholl
    22. 297] Don doman iss tairsech tair
      298] parrthus port chlainne hÁdhaim
      299] tairrsech talman tíar ón tuinn
      300] Iniss Glúair baile Brénuinn
    23. 301] Do ráidh Conuing fa rádh gann
      302] nochon fétfamaeis t' fulang
      303] ar romét do sátha thair
      304] a Thréfuilngid trén-foclaig
    24. 305] Do ráidh Tréfuilngid na tráth
      306] ni beg limm do biadh gu bráth
      307] balad mo chráibi cáimhe
      308] gach n-énlá 's gach n-énaidhche

    25. p.35

    26. 309] An chráeb-so at-chíthi im láim
      310] sásadh d'feruib h-í 's do mnáib
      311] fóirid a búadha gin ghus
      312] fúacht iss íta iss occurus
    27. 313] Da caithea iss t' agaid fathúaid
      314] torad in chraind-si fo búaidh
      315] in t-arracht ghlacus h-í de
      316] téit a n-óicce assa h-aithle
    28. 317] Da caithea iss t' agaid budess
      318] torad in chrainn-si fo mess
      319] ní h-egail duit galar drenn
      320] i céin mairius in draigheann
    29. 321] Trí lá dó hi Temraig na trét
      322] a comrádh bind nocho brég
      323] co táinic slúagh finn fuinidh
      324] hi n-óen-fecht da innsaighidh
    30. 325] Ceilibhraiss d' feruibh Fódla
      326] glúaissis na réim rochródha
      327] fágbais don chráib nar tír thall
      328] cnú is áirne is uball
    31. 329] Meissi do thóguib in mess
      330] iss do chuiris é rem chress
      331] noco tairnicc limm a chur
      332] nochon fúair nech mo báeghul
    32. 333] Cuirim-si na trí toraidh
      334] táinic chucuind d' ar cobair
      335] Eó Rossa cráeb Mughna móir
      336] bile Tortan in trom-slóigh
    33. 337] Ac sin duit a h-sebuic h-suairc
      338] sgél bec comuinn ar do chúairt
      339] ar in máil-finn n-gel-bláith n- glain
      340] mun senráith áibinn arsaidh.

      Ars.

    In t-én


    1. p.36

      341] A Finntoin mic Bóchna báin
      342] ber-si bennachtain co m-báigh
      343] gacha fúarus dod sáeire
      344] budh sgél do chinn chummaéine
    2. 345] A n-aimsir Chonchobair chaéim
      346] fa mór m' allud ocus m' aéib
      347] ac sibul chnocc ocus glenn
      348] fam rí ar énlaith Érenn
    3. 349] Ar tháibleóir Trágha Bale
      350] tarrla m' úid ocus m' aire
      351] fer cúarta gacha cúaine
      352] Cúchulainn na Cráebrúaide
    4. 353] An úair do thuit 'sa mebail
      354] Cú Rúi rí Clainne Deghuidh
      355] do chaithius mo sáith da fuil
      356] arna thuitimm 'san imghuin
    5. 357] An úair do thuit Garb mac Sdairn
      358] leisin Choin do bíathad baidhb
      359] dá súil in Grégaig co n- gnái
      360] do chaithius a tús degh-lái
    6. 361] Menicc fúarus feóil is faidhb
      362] ó Náissi fa nimnech airmm
      363] nír chaithius a feóil ná a fuil
      364] ar a feabus a n-imghuin
    7. 365] Tarrla chucum-sa cenn Cet
      366] tar éis a ghona 's a ghlecc
      367] do bud grimm dásachtach dhamh
      368] tarmmuirt a súil mo thachtadh
    8. 369] Do chaithius fa h-anba a mét
      370] corpán Monodhair meic Cécht
      371] fúarus mór corp druimm ar dhruimm
      372] ó láim choscuraig Chonuill

    9. p.37

    10. 373] Ó deabuigh nocha dechuith
      374] in gcén ro búi 'na bethaid
      375] do bídh na h-aibni lán d' fuil
      376] ón Chúlglaiss Chonaill Chernaig
    11. 377] Fa hé in mílid 'sa mét móir
      378] Fergus roghasta mac Róigh
      379] fer comlainn cét crúaid a ghal
      380] ó faghuinn feóil is fulrad
    12. 381] Fa mana glíadh iss gábaidh
      382] a n-diaigh in t-slúaigh ar Tánuidh
      383] lór a déne 's a demne
      384] breisslech Muighe Murthemne
    13. 385] Tar éis ar marb Cú na cles.
      386] nír sguir gur cirrbad a chnes
      387] do bí a agaid lán da fuil
      388] 's a dhruimm re cairthe in chumpuir
    14. 389] Tánac ós cinn in churad
      390] ocus a drech ar n-dubad
      391] d' ithi a súla nír thoisc áigh
      392] crumaim mo chend 'sa chongháir
    15. 393] Mothaighis mé ar a agaid
      394] tógbais súas in láim lagaig
      395] cuiris a chletín curad
      396] trem cholainn don chéttulad
    16. 397] Berim-si eteall angbaid
      398] co h-Inis Géidh dar glennmuir
      399] tairrngim assamm borb an brígh
      400] crann crúaid-righin in chletín
    17. 401] Anaidh am cholainn in cenn
      402] mo chraidhe do chráidh go tend
      403] co slán ní fuilimm ó h-soin
      404] 's ní cheilim ótú arsaid.

      Arsaid sin.


    18. p.38

    19. 405] Mé do marb mór na sgéla
      406] óenchorr do bí ar Muigh Léna
      407] ocus ilar Droma Bricc
      408] do thuit lim 'san áth oirdirc
    20. 409] Mé do marb súaircc in sére
      410] énchorr Innsi guirm Géidhe
      411] iss mé do choguin fam chír
      412] dá én lán-méthi Léithín
    21. 413] Is mé do marb ríghda in rúaig
      414] Dubchosach seng Slébe Fúait
      415] lon Droma Seghsa na sreb
      416] fúair bás i crobaib m' ingean
    22. 417] Re linn Logha láech gan lén
      418] do-berinn co hadhba m' én
      419] am chrobaib síar gan sínedh
      420] cuirp curadh nó cathmíledh
    23. 421] I ré Iúghaine co m-búaid
      422] dam-sa ro budh croib-nert crúaid
      423] tar gach gort is tar gach n-glinn
      424] torc na bliadna do-berinn
    24. 425] Re linn Chuinn Chétchathaig cháim
      426] fa mór m' allud ocus m' áib
      427] do-berinn lim a cíana
      428] báethán lúath na leth-bliadna
    25. 429] I n-aimsir Chormaic meic Airt
      430] dam-sa fa feidm fuillmech failc
      431] do thógbuinn in muc nó in banb
      432] co h-eturuhasach aggarb
    26. 433] Do sírinn Midhe co l-lí
      434] resiu do-chúaid sair Dathí
      435] da gach táib do Themraig tair
      436] i l-lenmuin in láeigh allaidh

    27. p.39

    28. 437] Ar n-arrsugud dhamh 'na dhiaigh
      438] fúarus gábud ocus gliaid
      439] do bí mire a cuirr chíamair
      440] i n-aimsir Néill Nóigíallaig
    29. 441] A reimes Diarmata duinn
      442] meic Fergusa meic Cherbuill
      443] do-nínn scíth fa chorp in luin
      444] fo thrí ocus fo chethuir
    30. 445] D' éis gach gnímraid ar gach gort
      446] 'sa fúarus d' ág ocus d' olc
      447] is uime tánac anair
      448] re h-aghaidh h' ongtha a Fintain
    31. 449] Ac sút misi ac imthecht úait
      450] a Fintain co h-Accaill úair
      451] sír-si lóghadh ar Dia damh
      452] amárach ticc mo h-saeghal

    Fintan

    1. 453] Ná bíth uaman ort a eóin
      454] ammárach bud maith do threóir
      455] biaid th' anum ar neam na néll
      456] dochan aingel mar ursgél
    2. 457] Rachaid misi a n-dáil éga
      458] isin laithi chóir chétna
      459] is mé Fintan fial rus-fail
      460] tar éis na fían co h-arsaid.

      Arsaid sin.

    3. 461] Creidim do Chríst nocha chél
      462] do airdrígh nimi na néll
      463] triath nembras na fód rod-fail
      464] dhealbus gach óg 'gach arsaid.

      Arsaid sin.