Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem/story 104

ATHAIS MIDE

¶1] Athais Midhe, cidh díatá? Ní ansa. Una (.i. gorta) mór dodheachaidh a n-Érinn uile, co n-derna cach áen forar' thoill a n-Erinn domun-chuiledha daingne acu ic taiscidh a m-bidh & ica choigill. Dorónadh teach n-daingen ac righ Midhe a Tulaig an Comlaind. Dodheachaidh araili duine & rotholl in teach & roshín a láim tresin aidherbi d' íarraidh bídh. Roairighsit an lucht robaí isin tigh sin & rotescadh a lamh thall de. Rosín-siumh dano an laim sláin tríasin aidhérbe cédna. Roghabsad an lucht robai thall issidhe, & tangus día shaighidh & rogabadh h-é. ‘Cidh 'mo tarrdais do laím,’ ar íad, ‘a n-diaidh na laímhe aile día beim dhít?’ ‘Baí dom ocaraighe’, ar sé, ‘& do saint bídh ocom, corbo cuma lím cach ball ar úair do bem dim, acht co bhfaghbainn bíadh.’ ‘Is mór in athais do feruibh Erenn anní conraidhe’, for cách. ‘Bidh de dano bías Athais forsin tilaig a n-dernadh co brath’, for an druí. Conidh de rodngiúil ósin an t-ainm sin cnuc .i. Athais Midhe.

Misi Muiris Ó Clérigh, & am tríamhain ódie.