Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem/story 87

CRÚACHÁN AIGLE

¶1] Cruachán Oighle, cid diatá? Ní ansa. Aighle mac Deirg meic Condrach dorochair and lá Cromderg mac Connrach uaír[gap: extent: some words]Clíara cedach romarbh Aighle for comairce Chromdeirg. Cruachán Garbrois a ainm reme-sin. Crúachán Oighle imorro a ainm ósin ille, ut dicitur in sequenti.

    1. Oighle mac Deirg, derg a dhrech,
      romarb Cromderg mac Connrach:
      don gnim-sin co ngairge ngus
      as de atá Oighle ar Gharbrus.
    2. Crúachán Garbrois gairmdís de
      lucht eólais in tiri-si:
      Cruachán Aighle ósin amach
      a ainm co tí ia bráth brethach.
    3. Cidh díatá Clíara cétach?
      finnad senchadha Olnécmacht:
      ann robíth ingen in Scáil
      isa clíar ótha Espáin.
    4. Is Druímne, cidh díatá an t-ainm?
      ann ba Luat mac in Scáil Bhailb:
      ann robíth Bairend a ben
      dár' bhris a druim trén-galar.
    5. Ecaill atá for an linn
      an feas duibh cidh díatá in dínd?
      Ecaill ingen Aedha deirg
      and robíth, meic in Leth-deirg.


p.282