Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem/story 76

CODAL

¶1] Codhal cidh díatá? Ní ansa. Aird-rí rogabastair for Erind .i. Eochaidh Ollathar a ainm, ainm anaill dó an Daghdha. Rofhoghail-sidhe Erind etir thúaith De Danann. Dorat Magh Fliuchrois día mac .i. do Aedh. Bái óclach laissién forsin fearand-sin, Codhal corr-chíchach. Bái ben rochaem laissidhe .i. Eachradh ingen Garainn glúnmháir. Dorat Aedh mac in Dagdha grad dissidhe. Faidhis Aedh a draidh dia h-edarguidhe. Asbert an ben nach treicfedh a fer fesin for aird-rígh n-Erend. Indister d' Aedh éra do tabairt don mnaí fair. Luidh-sidhe d' acallaimh an Dagdha & adféd dó a éra do inghin Garaind & adbert na bíadh co coír meni chomraicedh fría. ‘Bentar ar éicin de h-í’, for an Dagdha. ‘Egail lím-sa coimérghe thúaithe Dé Danann do bith imón ngnim-sin, & a n-impodh fort-sa, & olc mór do beth dhe.’ ‘Assu lem-sa gach ní bías de’, ol an Dagdha, ‘indás do mugugad-su tríana gradh, & gan a rochtain. Gabar Codhal acod’, for sé, ‘& faí la mhnaí íarsuidhiu.’ Dognither samlaidh. Gabar Codhal la h-Aedh, saigthin, & faighis lé. Berair Codhal & trí nonbair leis día coiméd. Rosoich an fis co Garaind & co Danaind & co Guirm ingin Danaind & co Sen mac Senghaind. Is and rouatar-sidhe, ac fleghugud a tigh Garainn. Rofhagsad a fleghugad & lotar a n-díaidh Aedha, & gabsatt tech fair, & curthar ár a muintire, & eolóidh fen ass. Doberait leó in mnái co Garaind & co Gruadh cóa mac. Tinolaidh an Dagdha a muinter & a maicne .i. Aedh & Cermad caem & Aenghus & Midir aite Aenghusa & Bodb Derg. Eirghit clanda Eoghain Inbir im Gharann & im Codhal. Fobairther cath aturra. Doghníad corai íaromh do réir Elcmaire an brethiman. Is í breth ruc-sidhe, an ferann in rosáraighedh Codhal a dílsiugad dó 'na enech, & a cinta a sharaigthe, & can ingrem Aedha 'na chind tría bithu sír. Doberthair rátha dho-sum indsin ím dílsiughadh an feraind, & scaraid amlaidh. Conidh desin rolen Codhal don


p.270

tulaigh íarom, ar Chodhal a ferannus furre. Codhlín imorro mac Codhail & Eachraidhe, is úaidhibh-sidhe ainmnighther Codhlín din tulaigh aile, día n-ebradh andso ut sequitur.
    1. Tug mac an Dagdha dhimoír
      serc gan tarba fri h-anbaíl
      do mnaí Chodhail a charad,
      d' Echraidh con n-amharc n-anbail.
    2. Torchair an dún a n-dernadh
      do Chodhal na rún rind-mer:
      esce Aedha is cned Chodhail
      adaigh n-adhaigh rohíndledh.
    3. ‘Meltair lem an barc bleidhech’
      ‘a rí na rend n-imrebach:’
      ‘uaim-si ainm forsin tulaig,’
      ‘for Chodhal chubhaigh chnedhach.’