Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)
poem/story 72
LOCH CENN
- Loch Cenn, cid na cinn diatá?
adfíatar a iarmarta,
ó docher la Cairpri trá
Colmán mór mac Diarmata.
- Colmán mac Diarmata gnó
rogab Érinn cen iargnó:
dorat a lecht, líth nad gó,
i Maig Femin dia tig-ló.
- Cairpre mac Crimthainn co saí
úa Cuind catha cráeb rochlaí:
línais in Loch Cenn dia chró
úa Echdach meic Aengusso.
- Noí cét cenn, ní comdáil gann,
im chenn Colmáin na corr-lann,
Cairpre Caisil, coimnert cing,
dobert for linn Locha Cenn.
- Loch Sílenn, rossáer rosmenn
a ainm ar thús úas dígenn:
craithfid ela finnaid find
ós linnib Locha Sílind.
- Loch Cend
mairg doimir fora bruach;
dolin Cairpri do chinnu é
condad cru é sis isuas.
- Loch Sílenn ósin anall,
ar dodrímem línib drong,
rolín Cairpre cathach cairn
conid de a ainm Locha Cenn. L. C.
p.260