Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem/story 69

LÉGE

  1. Senchas Lége, láthar sain
    il-laídib is il-lebraib,
    is léir amail érnid ass
    do réir in légnid légas.
  2. Líag ingen Trescait trebair,
    maic Throscaig búain, maic Belaig,
    maic Booz, maic Agaill uird,
    maic Malairn, is maic Licuirb,
  3. Maic Siabairt, maic Claraig cuir,
    maic Coltaig, is maic Smirduib,
    maic Mercill, maic Lecduib luind,
    maic Iachduib, is maic Libuirn,

  4. p.248

  5. Maic Lathairn, ris' lúate uilc,
    maic Soailt, is maic Sibuirt,
    maic Succait, maic Stairn fhíaclaig,
    maic Sailt chláraig crúaid-íachtaig,
  6. Maic Cairr, maic Fuit, maic Ifit,
    maic Filist, ba feidm trichait,
    maic Cáim na clóë can scíath,
    maic Nóë, is maic Lamíach.
  7. Genelach Lége, is lór dam,
    ó Threscait co Nóe nertmar,
    do réir na n-eólach cáem cass,
    treórach ní sáeb ín senchass.
  8. Líag ainm na mná ba mer,
    siur do Morc, mór-mac Deled;
    bráthair don mnaí molamm immaig
    Conand mac fergach Fáebair.
  9. Líag ropo lán, dar lib,
    fofúair cánaid ó chardib:
    for Érinn rop fíach fri h-ed,
    trí coícait líag cach thened.
  10. Is iat tuc in cánaid cóir
    don mnaí dífhrecra dímóir,
    Conand mac Fáebair na fled
    ocus Morc mór-mac Deled.
  11. Is úadib tucad in cháin,
    ó Chlaind Nemid in nert-gáid,
    ó Shemión, ó Fhergus ard,
    ís ó Erglan fhíal fhír-garg.

  12. p.250

  13. In cháin sin rocummad and
    trí coícait líag, nír lán-gand:
    dá trian d' arbar is imm oll,
    in tres trian linn do lommomm.
  14. Ropo throm la Claind Nemid
    in cháin-sin, ba dluig debig,
    cor' fhúacratar cath cen chlód
    for Morc, for Conand cend-mór.
  15. Tancatar do chur chatha
    na fir sin, ba réim ratha,
    co fúaratar Léig labair,
    co ruc béim ó bidbadaib.
  16. Fergus leth-derg, rosloit sin
    conosfargaib cen anmain,
    mod nárbo thacha dia thig,
    ria cur catha ria cairdib.
  17. Rochuindig for Fergus find,
    mar ná beth cend ósa chind,
    co m-beth ria gairm-si, ba glond,
    a h-ainm-si forsin ferond.
  18. Arsin rocuired in cath
    do fhúatuch na Fomórach:
    ba rogarb araí in robud
    arin mnaí do mudogud.
  19. In cath rolád, leth for leth,
    ba cummasc claideb is cleth,
    i torchair Morc, mór a blad,
    ocus Conand na comram.

  20. p.252

  21. Diar' marbad Conand 'sin chath
    ocus Morc, ba móti in rath,
    diar' fúabairthe isna h-áraib
    rofúataigthe Fomáraig.
  22. Fríth sund in senchas cose
    dia fail Lége for Lége:
    ar nech ná celid co cass:
    is demin a dind-shenchass. S.