Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author:	Unknown)
poem/story 64
LOCH AINDIND
- Loch n-Aindind ós Mide múad
 sund ar slige na sáer-shlúag:
 Aindind mac Gúmóir gab and
 iar tíachtain tíre h-Érend.
- Is Loch n-Úair, cía h-Úar 'sa loch?
 cía díb in t-Úar ronúar-chroth?
 ised ráiter fíad cach dáil
 bráthair d' Óengus mac Úmáir.
p.232
- Inann athair ós cach dind
 dorigne Úar is Aindind,
 ocus inann brú rosbert:
 dú dóib a m-beith im chomchert.
- Inann ben rosnalt malle
 in dá mac co mór-aidble:
 inann finde ocus fégad,
 inann mét is mór-dénam.
- I n-óen-fhecht rucait a n-dís,
 Aindind is Úar, cen athscís,
 acht is toísciu robreth brú
 Aindind, roleth cach lán-chlú.
- Ocus rígrad Gúmóir glain,
 lib in clos can dia n-athair,
 acht co Firu Bolg bladmar
 berar a n-ord imadbal?
- Ac Point robátar dá mac
 Danaus, Grécus na nglac,
 ótát Gréic cen ord n-dubach
 is Fir Bolg na m-borb-churach.
- Rogab Grécus co ngraimm glan
 rigi for claind a bráthar,
 co m-bátar fo mámus mass
 cen chádus cen chairtechas.
- Tarrúd úire ar airib
 for leccaib ar láech-maigib
 fognítis clann Danai dil,
 ba gním gann dia nglan-bráithrib.
p.234
- Ní laimtis usce úar d' ól
 acht in muir múad cen mín-glór
 Fir Bolg 'ca m-bráithrib bunaid,
 cíarb ord áith-mer écubaid.
- Iarsin moslúat immach
 Úar ocus Aindind óach
 fir in chóem-lossa, ba cóir,
 d' éis Óengossa maic Úmóir.
- Gabsat 'car lochaib lethnaib
 iar scarthain ria mór-ethraib:
 hi flaith Chairpri Níad Fir
 táncatar Temraig taíb-gil.
- Dochúaid Aindind coa loch lainn;
 luid Úar úad ass cen errainn
 co ríacht in loch n-úar n-aile,
 ó fil lúad a láech-blaide.
- Is Loch n-Úair óshin amach
 ca ragaib Úar a athach:
 cid d' éis Aindind, gairb im ga,
 rolen a ainm in loch-sa. Loch.