Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)
poem/story 58
LECC THOLLCHIND
- Lecc Thollchind, túachail in t-ainm,
ós brúachaib mara mid-gairb,
is eól dam cen chleith cubaid
a senchas, feith, fír-bunaid.
- Tollchend, drúth Echdach ria ail
meic Énna chrúaid Cheindselaig,
and rotraserad in drúth dían,
dia rascrad fri lúth láech-Níall.
- Airm i torchair féin in fer
la muintir Néill, nár Gáedel,
rotescad de co tenn tall
a chend ocus a chathbarr.
- Ba gláeta in cathbarr calad
imon cend cíar cath-labar
co ríacht frisium slúaig athlaim
dia brisiud, dia búan-scarthain.
- Roféimdetar uile n-oll
ní don chind nó don chathbarr
ara chúartaib ni chelid,
do thúarcain ná trom-thenid.
- Cuirther 'sin muir fo tháth tess
in cend, ar cách co comdess,
ar atá do shaidbre ar slúaig:
is í-seo ar n-airle in óen-úair.
- Iarsin cuirther i muir mall
in cend cíar isin chathbarr
co ticht do cach thuinn, nár thé,
cosin licc luimm lúaidmit-ne.
p.224
- Noí tuill isin chind, ba col,
tuill a chlúas, tuill a óol,
tuill srón ocus súil ngér nglass,
toll fo brón a bél bith-brass.
- Ó dofuc cach tonn, nár thé,
in cend lond mar lúath-blede,
ail forsn-dessid a thairm tricc
rolen a ainm in aird-licc. L.