Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)
poem/story 51
CERNA
- Cía bem sund 'nar suidi sel
hi cnuc Cerna na coinnem,
atá thall 'sin Cherna chrúaid
drem, 'sa menma ri mór-úaill.
- Is and atá Cerna cass,
mac ruc dar berna búadchas,
isa athair cert Cairpre,
tuc mór m-bert ar bláth-bairdne.
- Is and atá Femen find
ocus Gemen ón gorm-glind,
ocus Artán, ard aire,
is Marcán mac Donngaile.
- Is and atá Fíngen, feith,
fer nodírged cech n-dían-breith,
is Gúaire glan gáesach grinn,
ocus Báesach mac Tuilchind.
p.204
- Is and atá co bráth m-búan
días cen táth is cen tár-lúad,
Find, scaíled cen bedg ri blaid,
ocus Derg a derbráthair.
- Is and atá Néide nía
Géide ocus Garb is Gartnía:
and atá in slúag-thend cose
Alduí úan-chend Iarlaithe.
- Is and atá Cían cen chor,
ocus Casán cúl-remor,
Dub Dá Chonn, dul cen daille,
ocus Bresal Breg-lainde.
- Is and atát na trí h-Áed,
Áed úa Temna, nach tár-máeth,
Áed úa Húaine, in sonn sercach,
ocus Áed donn dúr-bertach.
- Is and atá Bennán bind,
is Loingthe luchair láed-grind,
ocus Berr mac Eirc uide,
is Conán cerr cét-guine.
- Is and atá Détla in dul,
ocus Cétna cath-labur,
Alduí nár athben for nech,
ocus Cathgen cath-maínech.
- Is and atá cethri Gaírb,
im Garb nGlinde, im Garb mac Scairb,
im Garb rige na rúac rot,
im Garb cúac a slíab sen-Chrot.
p.206
- Is and atá Gúala in gel,
ocus Goll mac Da Gemned,
ocus Fíach dar Fálga fraig,
ocus Slánga mac Dubthaig.
- Is and atá Túathal tan
is Tipraite traig-lethan
ocus Brúach don Brega, is bind,
ocus Trena mac Loiscind.
- Is and atá Fúatach fáid,
ocus Síthchend sochonáig,
ocus Faidech na fine,
is Laidech lór lán-fhile.
- Loingsech mac Óengusa and,
Eochaid Lemna na láech-land,
is Níall mac Cernáig cubaid,
tuc i mBregmaig brón-chumaid.
- Is and atá Áed Sláine sáer,
is Conall láeg Breg bronn-cháel,
ocus Oengus óc Odba
is Congal cáid cáem-cholma.
- Is and atá Ailill án,
Diarmait, Bláthmac nár beó-bán.
Sechnasach sodaing cose,
is Conaing mac Congaile.
- Is and atá Irgalach, aig,
ocus na dá Amalgaid,
is Cendfáelad Bregach bind,
Finnachta fledach fíal-grind.
- Cináed mac Irgalaig and,
ocus Flaithbertach fúamann,
ocus Cernach, cen chur de,
is Dúnchad delbach Daíle.
p.208
- Is mór ria n-áirim uile
in slóg fáilid folt-buide,
fil fon Chernai chruim chétaig
do síl Chuinn, roscath-métaig.
- Fil mnaí fo brut cach fhir díb
hi cnuc Cernai fo chét-bríg,
don tslúag roáirmius cose,
co n-áinius, co n-oíbinde.
- Dobiur bréithir, nach bec blad,
dia m-beith nech las' m-bad chuman,
ainm cech fhír bregda, cen bréic,
fil 'sin Cherna a cét comméit.
- Is é as tóisech dóib 'na thaig
Cerna nóisech náimtemail:
is dó-sin fri foshnaidm fíal
is comainm cert in Cerníam.
- Is úad-sin ri togairm thúaid
comainm Cerna co cét-búaid
sech cach ngell co nglund guide,
cía bemm sund 'nar sír-shuide. C.
- A rí na baíde cen bréic
ar do naíme co nert-méit
co rísem nem na ngell nglé,
cía bemm sund sel 'nar suide. C.
p.210