Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem/story 49

ODRAS

  1. Odras, úais ind ingen,
    fris' indlem laíd lúaidme,
    Odornatan airme
    meic Laidne meic Lúaidre.
  2. Ban-briugaid ba brígach
    in gnímach glan gúasach,
    céile cáem co cruthacht
    do Buchatt balcc búasach.
  3. Bóaire cáid Cormaic
    co roblait in Buchatt,
    dúiscid búar co m-blaitne
    cach maitne for muchacht.
  4. Fechtus luid dia ésse
    a ben glésse gasta,
    Odras rúad co romét,
    do chomét búar m-blasta.
  5. Moch dia m-boí 'na codlud
    Odras groc-dub gnóach,
    dosrocht ben in Dagda,
    ba samla día sóach.

  6. p.198

  7. Tuc léi tarb in tnúthach,
    in rígan garb gnáthach,
    baí i Líathmuine láthach,
    in fíachaire fáthach.
  8. Dairis boin in búaball,
    tarb túamann 'nar taídenn,
    ó Themraig tric táraill
    co Slemnaib Fraích Oírenn.
  9. Slemon ainm in tairb-sin,
    dremon in dóel donn-sin:
    a ainm, mer cen mebsain,
    'sed rolen in fonn-sin.
  10. Luid co Crúachain cróda
    iarsind úath-blaid ágda
    in Mórrígan mórda,
    ba slóg-dírmach sámda.
  11. Luid Odras 'na h-iarn-gait,
    iarmairt nárbu ada,
    's a gilla dúr dorthain,
    torchair i Cúil Chada.
  12. Cada ainm a gilla
    rofinna mór fíche:
    ruc Odras, úair áithe,
    for lurg a búair bíthe.
  13. Iarsin, d' éis a gilla,
    luid in ben gléis glanda
    co Síd Crúachan cumma,
    co fríth úath-blad alla.
  14. Roléic cotlud chuicce
    in groc-dub cen glicce
    i nDaire úar Fhálgud
    dia fúair sárgud sicce.

  15. p.200

  16. Dosruacht ina tathum,
    trúag tachur for tulaig,
    in Mórrígan úathmar
    a h-úaim Chrúachan cubaid.
  17. Rochan fuirre ind agda
    tria luinde cen logda
    cach bricht dían, ba dalbda,
    fri Slíab mBadbgna m-brogda.
  18. Legais in ben brígach
    fri Segais, sreb súanach,
    mar cach linn cen líg-blad:
    nísbaí brígrad búadach.
  19. Don tshruthán fháen fhoglas
    is ainm sáer co soblas,
    luid ón mnaí thrúaig thadaill
    cosin abainn Odras. O.