Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem/story 48

MAG LÉNA II

  1. Muc mic Dá Thó, tlacht-múad torc,
    nocharb í in attrúag imnocht:
    co cend secht m-blíadan, cen brath,
    sesca gamnach dia bíathad.
  2. Ba h-airdirc in molbthach mas
    feib sontar triasin senchas,
    cen chleith m-bratha rodusbrú:
    cethracha dam dia fothu.
  3. Amra cródaib, for creit chairr
    aire nónbair 'na trom-thairr:
    céin baí oc raind robailc co rath
    dosromailt Conall Cernach.
  4. Ci aslúi Ailbe na ngrúad nglan,
    cú dianad caidle in cosnam,
    cé dorairg gressa don phurt,
    nírbo messa de in mór-mucc. M.

  5. p.196

  6. Mess Gegra, Mess Roída rán,
    dá mac Dá Thó na trom-dám;
    mac Mess Roída fri féth, fuit,
    issé rométh in mór-muic. M.
  7. Lotar dó iar tóitib trell
    cóic cóicid ána Hérenn,
    dosfuc a combág cuicce;
    mór in oll-dám óen-muicce. M.