Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)
poem/story 37
SRUTHAR MATHA
- Sruthar Matha, maídid lib,
a shlúag faílid dian fír-dil!
ma tá lib, cen tacha trell,
aided Matha mic Roírenn.
- A Laignib na ferg fuilid
da bás i crích comaithig
toisc Matha i m-beól in buinne,
eól a fhatha acainne.
- Fid cnúas imda atchúala mé
i n-íarthur Macha maige,
ar aí blaide ocus bolaid
daire ní boí a baramail.
- Bolad noéirged don fid,
an táeb le gaeíth noglúaised,
ní fuigbthe adba folaig
'sin Banba dia boltanaib.
- Cach muc nosúiged lia sróin
bolad in doire dímóir,
maided a croide re cois
don doire mani dechdais.
- Tríallaid tocht fon m-bolad m-búan
trét Cathaír móir na marc-shlúag:
nír thús ratha don mór mall,
Matha dia clód fo chumang.
p.174
- Filled ná sóud 'na sét
nír fhét Matha don mór-thrét:
ránic co Cummar fon chás,
ullam tánic a thig-bás.
- Maidis a chenn, ba táem troch,
le tograim is le tesbach:
téit co cíamair fon sruth súain,
mar nár guth d' íarraid indúair.
- Mac Roírenn mic Rogain rúaid,
ríg-muccid Cathaír Chonlúain,
torchair sund co sáir-mer sain
co robáided 'sin tshruthair.
- De roráid cach fer co fír,
In sruth tar Matha, is mór-gním:
méraid ria gairm, bid gním glan,
a h-ainm sír corob sruthar. S.
- Sruth Nencha, nách scaílenn scol,
ria mac Raírenn na rochor,
fúarus ós cach rús rorad,
ba h-ed ar tús in tshruthar. S.