Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author:	Unknown)
poem/story 36
SLIAB CALLANN
- Is eól dam aní dia fail
 ainm sléibe Callann cobsaid:
 Callann ria gairm, cen chor de,
 ainm in chon roboí ac Buide.
- Buide mac Báin, ba búaid fir,
 roalt coin crúaid 'na cháem-thig,
 cú co romét ós ralaig,
 do chomét a cháem-fhalaid.
- Dáel-chú Celtchair, crúaid a chor,
 ba h-é thúaid athair in chon:
 and fríth in Dáel, nárbo dis,
 hi cloccunn cháel Chonganchnis.
- Bátar trí coin ina chind
 Conganchnis, caíme ar cach dind:
 brec, dub, odar, tes a tlacht,
 cirrset mór cnes in chonart.
- Cú maic Dá Thó, rothuill troit,
 cú na cerda fo chomnoit,
 in cú roboí ac Celtchar chóem,
 ropo rechtmar in ro-Dáel.
- In cú roboí ac Buide búan,
 cuilén don Dáel ón donn-chúan,
 ba comga cethra ocus cruid.
 co laithe debtha in Duind duib.
- Dond dub Cúalnge, dígrais dó,
 conort Callann i crú-chró,
 co fil sund 'sin tshléib a mart:
 aige do chéin rocomacht.
p.172
- Is don sceól sin, is fír dam,
 fil Slíab Callann na comram:
 fert Callann h-i fót fo fheór
 dam ósin rót is roeól. Is.