Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem/story 34

SLIAB FÚAIT I

  1. Foderc dam fri sellad suairc
    oc Ard Asse imma cúaird
    Fert mná Nemid, níth co ngail
    Med meic ingine Balair,
  2. Port cos' tucsat Lugair luing
    i nDesciurt Maige ind Óendhruind,
    Snám in Tuirc trén iar trath tert,
    sech is focus is fodeirc. F.
  3. Loch Echtra, loch n-Echach n-án,
    sliab Breg, sliab Bairche bith-bán,
    lecc Suidi Congail na cend,
    sliab n-ard n-airegda n-Ullend,

  4. p.164

  5. Sliab Slánga, sliab Culind cain,
    sliab Moduirn im-Mugdornaib,
    sliab Cairthind oc Áni án,
    sliab Fóta fetach find-ár.
  6. Slebe Ulad alla tuaid
    i crích Araide adruaid,
    sliab Mis magnech, monor ngand,
    sliab caín comramach Calland.
  7. Slebe Connacht sund, sliab Tua,
    sliab Cairn, sliab Betha bith-nua,
    sliab Carthind, sliab Bethech bend,
    slebe gann-ardda Galeng.
  8. Cenél n-Eogain, crích Ulad,
    fir Breg féta fir-bunad,
    crích na Colla, ni cói ceirt,
    for cech oen-leith is fodeirc. F.
  9. Finnaid úaim co segda súairc
    aní dia n-apar sliab Fúait,
    ar domrala sund im thass
    co fessabair a shenchass.
  10. Fúat mac Bregoin, bailc a baind,
    ba toirm dar tíre treboind,
    óclách narb uathad 'na loing,
    toísech úa m-buadach mBregoin.
  11. Is é a oenur dorell
    oc tascnam tíri h-Erend :
    rosuc ceím gradach nglinne
    co h-inis na Firinne.
  12. Tuc leis da lár na h-inse
    fót dar tonna trén-trillse,
    co nofuirim, cadla cuaird,
    sunna for lár sleibe Fúait.

  13. p.166

  14. In tan ba fíren in rí
    nobid in fót fo chaem-lí:
    mad dia raded gói nach than,
    suas dochured a foescal.
  15. Is fair-sin, seol cen timmi,
    do chomét a fírinni,
    dellig iar céin, ceím co m-blait,
    in gerrán buadach Patraic.
  16. Atá sunna, sét col-lí,
    fotán tíri tairngirí,
    in-Nemiud nár nithach neirt ;
    duíb ceín co follus is fodeirc. F.