Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem/story 33

TALTIU

CÚÁN ÚA LOTHCHÁIN cecinit
  1. A chóemu críche Cuind chain
    éitsid bic ar bennachtain;
    co n-écius duíb senchas sen.
    suidigthe óenaig Thalten.
  2. Trí chét blíadan, fodagaib,
    teora blíadna do blíadnaib
    co gein Críst, coistid rissein,
    ón chét-óenuch i Taltein.
  3. Taltiu ingen Magmóir maill,
    ben Echach gairb maic Dúach daill,
    tánic sund ria slúag Fer mBolg
    co Caill Cúan iar cath chomard.

  4. p.148

  5. Caill Chúan, ropo chlethchor crand
    ó Escir co h-Áth nDrommann,
    ó Mónai Móir, mét n-uide,
    ó Shéil co h-Ard n-Assuide.
  6. Assuide, in suide selgga,
    fris'ndáiltis daim drom-dergga,
    gnáth cend carbaig a caill sair,
    in athbéim for brú Chlochair.
  7. Commur, Currech, Crích Linni,
    Ard Manai i m-bítis rindi,
    batir coscraig coin Chairpre
    for tír Tiprat Mungairde.
  8. Mór in mod dorigned sin
    al-los túagi la Taltin
    athnúd achaid don chaill chóir
    la Taltin ingin Magmóir.
  9. Ó thopacht aicce in chaill chain
    cona frémaib as talmain,
    ria cind blíadna ba Bregmag,
    ba mag scothach scoth-shemrach.
  10. Scaílis a cride 'na curp
    iarna rige fo ríg-brutt;
    fír nach follán gnúis fri gúal,
    ní ar fheda ná fhid-úal.
  11. Fota a cuma, fota a cur
    i tám Thalten iar trom-thur;
    dollotar fir, diamboí i cacht,
    inse h-Érend fria h-edacht.

  12. p.150

  13. Roráid-si riu 'na galur,
    ciarb énairt nírb amlabur,
    ara n-derntais, díchra in mod,
    cluiche caíntech dia caíniod.
  14. Im kalaind Auguist atbath,
    día lúain, Loga Lugnasad;
    imman lecht ón lúan ille
    prím-óenach h-Erend áine.
  15. Dorairngert fáitsine fír
    Taltiu tóeb-gel ina tír,
    airet nosfaímad cech flaith
    ná biad h-Ériu cen óg-naith.
  16. Óenach co n-ór, co n-argut,
    co cluichib, co ceól charput,
    co cumtuch cuirp is anma
    iar neólus iar n-erlabra.
  17. Óenach cen guin, cen gait neich,
    cen cheist, cen changin, cen chreich,
    cen chron, cen aidbriud. cen dáil,
    cen élúd, cen ergabáil.
  18. Oenach cen chol, cen chelggad,
    cen aithis, cen imderggad,
    cen imchosnom, cen ellach,
    cen táide, cen taithchennach:
  19. Cen techt fer i forud m-ban,
    cen mná i forud fer find-glan.
    acht cách fria chárus ó thaig
    inna árus ard-óenaig.

  20. p.152

  21. Óen-chairdde in óenaig andsin
    etir h-Érinn is Albain,
    ic techt ind, ic tuidecht ass,
    cen nach n-ecraitius n-amnas.
  22. Ith ocus blicht for cach dind,
    síd ocus soinenn dia chind,
    doratad do gentib Gréc
    ar fhírinne do chomét.
  23. Ó chaíniud Talten din tShéil
    co flaith Lóegaire maic Néil
    dogníthe la slúag síabra
    óenach cacha h-óen-blíadna,
  24. La Firu Bolg, bátar and,
    is la Túatha Dé Danann,
    la maccu Míled iarsin
    co Pátric iar prím-chreitim.
  25. Atbert Pátric, ‘Ba búadach,’
    ‘in recht aicnid imúallach:’
    ‘cen cop ar Dia dorónad’
    ‘boí in Coimdiu 'ca chommórad.’
  26. Co tánic Pátric iar Críst
    óenach Talten, tróeta tríst,
    mór marb rochaín a chéile
    hi relic na rath-Fhéine.
  27. Fert óen-doruis d'fhir co n-aí;
    fert co n-díb dorsib for mnaí;
    ferta cen dorsi drena
    for maccu, for ingena.
  28. Aisneis do chorthib fert fadb,
    fulang caindel d' airi marb;
    cnuicc for allmarchaib ánaib
    ocus múir for mór-phlágaib.

  29. p.154

  30. Maraid múr Tailten cech than,
    in' rohadnacht ilar m-ban,
    ocus múr foluig mór marb,
    in' rohadnacht Eochu garb.
  31. For múr Echach úaigthe clach
    fiche forud ríg Temrach;
    ocus for múr mín a mná
    fiche forud a rígna.
  32. Ríg-imscing don Mumain múaid
    fri rígu Temrach atúaid;
    teora Connacht, cen nach cacht,
    for forud fer n-Ólnecmacht.
  33. Láechrad Lagen, lór do blad,
    eturru is cóiced Ulad;
    innisem don leith andes:
    Ériu, dia ríg ba ruidles,
  34. Ulaid ria cretim cruiche
    co carptib don chét-chluiche;
    Lagin ria firu Muman,
    Connachta h-i lurgg lán-chuman.
  35. Lia Gruip, lia Gair, lia lobur,
    lia in chlaim i tóeb na forud,
    clocha ríme, roth Fáil Flaind,
    coirthe Colmáin, carn Conaill.
  36. Geiss di urchur ná geib greim,
    geiss di tochira cen tairlim,
    geiss oc dul úadi do phraind
    a déscin tar clé-gúalainn.

  37. p.156

  38. Céti tri deccra rostecht;
    fer cen chend fair 'ca imthecht,
    mac meic secht m-blíadan for meór,
    táim in tshacairt dind aeór.
  39. Na teora fogla filte
    asrogart Pátric innte,
    gait dam ar chuing, guin bó m-blicht,
    loscud lés fás, ní prím-shlicht.
  40. Pátric pritchais, conid breth,
    nad gébad síd nech doneth,
    céin bes Tailtiu cech thrátha,
    céin marait a ríg-rátha.
  41. Ráith airthir, ráith íarthair uilc,
    ráith Lugdach, ráith Lort, ráith Luirc,
    ráith Chon, ráith Chanand, mochen,
    ráith síl Taidcg, tredua Talten.
  42. Tredua Talten sech cech tír,
    áitt i troiscitis na ríg,
    láechaib, clérchib, cétaib cenn,
    na tísad teidm tír n-Érenn.
  43. Hi tredua Thalten, im theirt,
    rosnír Ísu do Mac Eirc
    na teora plága do breith
    a h-Érinn, ní h-anaichnid.
  44. In giallcherd co n-daigthe immach,
    bádud na m-barc ar Bregmag,
    mortlaid mac nĘda Sláine,
    do Mac Eirc ní h-imnáire.

  45. p.158

  46. Cíambad termond Tailtiu ar thrét
    tuc Dia cairde dia chomét,
    Pátric, Brigit, Becán bán,
    Mac Eirc, Eithni, Adamnán.
  47. Imráidem a tánic de
    iar creitim na Trinóite;
    trena Tailten, tuir théite
    oc promad na fían-chéite.
  48. Fir ar dún ar tús da tríall;
    fir eter da n-dún 'na n-díad;
    fir iar n-dún dénma ossaid:
    at eat na trí prím-thossaig.
  49. Pátric, fortgella cech rí
    iar tochim Thalten fo thrí,
    Mac Eirc, Ciarán Cairn don maig,
    at eat na trí comallaig.
  50. Cóic cét óenach immosech,
    cid cintech ar écintech,
    ó óenuch Pátric Macha
    co dub-óenach nDondchada.
  51. Dá fhichet ríg rodaacht,
    la cethrur ríg doridnacht,
    ó Níall uile ind rígrad rán
    acht Ailill a óenurán.
  52. Óen rí ó Lóegaire ille,
    óen rí ó cheniul Chairpre,
    noí flaithe síl Aéda áin,
    secht flaithe clainne Colmáin.
  53. Sé ríg déc ar Mide amach,
    ó Eogan issin óenach,
    ocus deich ríg, doríacht so
    a crích Conaill, a chóemo. A.

  54. p.160

  55. Cethri fichit, is fír sain,
    do blíadnaib acht óen blíadain,
    taichniud Tailten, tróg a fot,
    céte Cormaic cen charpot.
  56. Conostánic 'na chath chass
    mac meic ind ríg mothar-mass,
    ocus mac domeil mid mesc
    ingine ind ríg dodrairmesc.
  57. Rí Temra, togaide de,
    Maelsechlainn Slemna slane,
    sruth n-Eufrait eirge i n-ardda
    oen-milid na h-Eorapa.
  58. Orddan íarthair domuin duind
    dam chobair, Cormac úa Cuind,
    chucund i forud flatha
    do chlaind Domnaill Dondchada.
  59. Tuc gort Gáedel a gábud,
    tuc h-Érinn a h-erbádud,
    tuc óenach Talten a feór,
    cíarb atharda, rop aneól.
  60. Bec leis a tard dún do maith,
    bec leis d' ith de bliucht de braich,
    bec leis de sheót de bíud de brut,
    bec leis de ór de argut.
  61. Bec leis cacha lúaid diar les,
    bec leis d' iasc do mil do mess,
    bec leis dúnn ri cond crúaiche
    óenach cecha h-óen-túaithe.
  62. Bec lais caithmít den bith búan,
    bec leis rígad cech fir úan,
    bec leis cach lucht lán fonlen
    conontuc d' óenuch Thalten.

  63. p.162

  64. Duthragair, ria techt anonn
    cia bad fota ar saegul sund,
    co nantartad h-i tech nDé
    iar cinned a chomairle.
  65. Críst la Máelsechlainn na súad,
    Críst leis ar dothech ar dúad,
    Críst leis ar chocad ar chath,
    dia chomge dia chommórad.
  66. Ríg ná tairnechtar ar n-dáil
    ní dlegat ar n-imgabáil,
    Máelrúanaid, Flaithbertach, Fland,
    Áed, Cathal, Dondchad, Domnall.
  67. Duthrachta uí Lothchain láin
    duíbsi, a ócu ind óenaig áin;
    mo báide iar sonad so
    cían bas chomad, a chóemo.