Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem/story 28

LECHT ÓEN-FHIR AÍFE

  1. Lechtán sund óen-fhir Aífe
    mac lánamna lán-baíthe:
    noco tart in talam tlacht
    dar mac bad dánu dóennacht.
  2. Do maccán bec nírbo thimm,
    dia luid dar fairrgi find-linn,
    suide for brú díthraib Daill
    is chomrac fri Coinculaind.
  3. Rafaíd a máthair anair
    ocus rombí a athair:
    olc dóib ar óen díb línaib
    bás a meic a mígnímaib.
  4. Dia athair nírbo chíalla
    ferg fri mac noí cert-blíadna:
    nímbuí ní nandénad lond,
    dáig rofitir ba h-écond.
  5. Mad comáes nodcorad fris,
    dia rístais, immuserntais,
    ní bérad a oscur slán
    coscur laích isa lechtán. L.
  6. Trúag in guba rochachain
    Cúchulaind garg, rognáthaig:
    táncatar Ulaid 'na dáil
    oc caíniud a óen-maccáin.
  7. Rosfuc Cúchulaind iarsin
    co h-óenach Airbi Rofhir:
    Airbe Rofhir, cid diatá
    acht a h-airbe in lechtáin-sa? L.

  8. p.134

  9. Is imda écht ar bith bras
    iarna dénum tria thétnas:
    isat ili ar Banba báin
    a ligi ocus a lechtáin. L.