Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author:	Unknown)
poem/story 24
AILECH III 
- Ailech Frigrenn, faithche na ríg rígda in domain
 dún cos' roichdis róit fo gregaib tre chóic clodaib.
- Cnoc arar-chotail in Dagda, derg a scotha,
 imda a thige, terc a chrecha, cert a chlocha.
p.108
- Caislén airard Ailech Frigrenn, ráith in degfhir,
 dún ina scaíltech ar scolaib, aíl-tech emir.
- Inad aíbind Ailech Gabráin, glas a chráeba,
 fót 'ca fuair in Dagda dúana adba Áeda.
- Innisim duíb dindshenchas anai Ailig
 nolesaigfed leth in domain tech dia thaigib.
- Cach fáth óa fríth ainm ar Ailech cona fhailgib
 atá lim duíb, ma's ed chuindgid, fer 'ca faigbid.
- Eochaid Ollathair roindsaig Érinn uile:
 robo lethiu ná leth maige drech in duine.
- Trí maic in deg-duine Echach cen úair formait,
 Óengus ocus Áed is Cermait na cáer comraic.
- Corrgend mac Faithemain fénnid d'fheraib domain
 óclach d' Eochaid rofúaig fedain cen úair n-omain,
- Géc gillai móir a maig Cruachan co céib ór-glain
 co n-aíb aignig, co n-icht ánraid, co nirt nónbair.
- Iarna rád riss do ríg Érenn tre réim suirge
 tánic Corrgenn ó Chrúaich Aigle co túaith Tuirbe.
- Tethra bán-gel ba ben Chorrginn in chuirp shéim-sheing:
 nocharb áille duine iar n-dílinn uile i n-Érinn.
- Dorat Tethra iar tocht h-i Temraig h-i tig fhleide
 áeb a h-aire ar Áed, cen co raibe reime.
p.110
- Dochúaid Corgenn d' fhis a fherainn, nírb olc léi-se:
 dochar Tethra tre tháem n-drúise Áed dia éise.
- Dochúaid Aed co céile Corrgenn, cíarb ord ainshéin,
 do fhir Tethra na slúag soréid trúag a thaibéim.
- Is andsin dorigne Corrgenn, in chleth fhuilech,
 guin in meic romill a enech ind cen fhuirech.
- Dochúaid Corrgenn d' éis ind échta i n-íarthar Connacht
 iar n-díth Áeda, cen co fríth cáemna ara chomolc.
- Dochúaid Eochaid d' íarraid Chorrginn i crích n-Umaill
 coros-timairc tre dlúim n-dodaing i cúil cumaing.
- Gabthar Corrgenn ina chinaid, acht cíar chalma,
 robuí in trén-fher tre tháem n-dogra dáer 'con Dagda.
- Co n-epirt cách Crochthar Corrgenn, cenn na fénned,
 ma dorinne úaill ná úabar a grúaid glé-gel.
- Nocho dénaim ar in Dagda, mar atberar,
 aní nach dír is nach dliged ní dím dlegar.
- Ní dlegar anim is enech i n-íc n-anma:
 ní h-ed béras ó breith nemda dreich in Dagda.
- Acht bíd amáin ara muin in mac romudaig
 nocho fagba cloich bas chubaid ina chomair.
- Cuirther in mac ar muin Chorrginn Chnuic na Taíden
 d' airbríg íaram da phíanad ri gairg-ríg nGaídel.
- Dohimcuired Áed la h-Eochaid in áig adbail:
 nocho ruc rí reime a Temraig eire amlaid.
p.112
- Hi cnuc Themra tuargbad in fer forsin fénnid:
 rosuc leis co tech Néit náraig in ngéic nglé-gil.
- Rogab Corrgenn dar clár medóin maige Senaig:
 rosíacht co rind-moch in rogein find-loch Febail:
- Febal mac Lotain, lám glé-gel, gúala roboc,
 rolád ón loch dar in lenab cloch a chomfhot.
- Ó 'tchondairc Corrgenn cloich Febail, rosfég reime,
 rosuc leis tre uinnem uile d' fhuilled eire.
- Roinnis co derb don Dagda cen deilb n-dúabair
 Ac-so in clach amuig, a mílid! ach ail úabair!
- Atrubairt bodéin in Dagda co n-dreich idain,
 (tairm 'na thigib) Bid ón ailig ainm ind inaid.
- Bid Ailech bías ar in baile seo don Banba
 sech cach cnoc mar chnoc taí Temra, ar draí in Dagda.
- Rotuit Corrgenn fon chloich buirb, robris a chride;
 ní bo chaise a chur 'na laige do bun bile.
- Desin gairther Ailech Áeda na n-ech side,
 ocus Ailech Corrginn Chrúaiche borb-thinn bithe.
- Iarsin tuctha na dá deg-fher ri dán crithir
 Garbán is Imchell co h-Eochaid find-chenn frithir.
- Co n-epert riu ráith do dénum 'mon dreim séim-sheing
 combad h-í ráith na n-eng n-álaind bad fherr d' Erinn.
p.114
- Atrubairt riu Néit mac Induí in aicnid doilig
 nocha n-derntais deg-slóg domain ermór Ailig.
- Rogab Garbán gnímach oc saírse is oc snaide,
 rogab Imchell ara aire timchell taige.
- Tarnic dénam daingin Ailig, cíarb ord sáethrach,
 mullach tige na ngíall ngáibthech roíad áen-chlach.
- Tánic Néit mac Induí in allaid, in airm lebair,
 ocus ruc leis in mnaí m-builid robaí i mBregaib:
 nocho rucad i tech n-Ailig nech mar Nemain.
- Ailech Néit ó Néit mac Induí ainm in baile,
 sul tucad air in t-ainm aile, airm 'ca aire.
- Ailech Frigrenn fuilled n-anma fúair 'na degaid:
 nocho chuirther i cend Ailig tend acht Temair.
- Doruacht Frigriu co flaith n-Alban in fhuilt raglain:
 ní chartad ór derg i n-dag-meid cerd óg amlaid.
- Ubthaire ainm aird-ríg Alban in eich dremain,
 nochassad crann gáid i ngonaib dia láim lebair.
- Ingen 'con ríg ruc do rígnaib is do romnáib,
 fofúair Frigriu tre aíb n-anbail caín a comráid.
- Ailech ainm ingine Ubthair, ba ben chaím-fhir
 náirig núa-gil, co rosbúadir grád in Gaídil.
- Co n-dechaid leis do lár Chinn Tíre i crích n-Ulad
 rogreimm roban imma rolad comling curad.
p.116
- Rochuindig Ubthaire a ingin tre fháth ferda
 nó roloiscfed leth na Banba 'mo thech Temra.
- Atrubairt ris Eochaid Doimlén co n-dreich raglain
 nach bérad co bráth in ingin tre fháth amlaid.
- Rogab in cerd comairci ind ríg sin, ríg Themra:
 rochuindig air dún in Dagda nó múr Medba.
- Cáemain, a rí, ar in rígrad ri ríg Femin,
 th' ainech, th' agaid, ocus tabair Ailech d'Ailig.
- Iarsin tucad Ailech d' Ailig sech cach n-imdaid,
 don chais glain-gil co ngrúaid roglain co n-úaill ingnaid.
- Desin gairther Ailech Frigrenn, fríth a bunad,
 d' Ailech in Dagda as cach dliged, adba Ulad.
- Flaithius Érenn, innister linn isna lebraib,
 iar m-bith i n-Ailiuch Néit nemnig rothréic Temraig.
- Tánic rí Fáil co fúair Ailig i n-úair fholaig,
 corb í máthair Cholla chridig Dromma in Domain.
- Is é sinnser sáethar Érenn Ailech Frigrenn:
 molad is mó iná fuilngenn dó ní dignemm.
- Dá fhichit blíadan acht blíadain, becht dorímed,
 gním glac glé-mer dothéiged le síl mac Míled.
- Néit mac Induí aird-rí thúaiscirt na túath ngraigech
 cét-fher colach 'car 'tréiced Obach ar Ailech.
- Noí ríga d' óen-ainm a h-Ailech d' fhine Ádaim,
 ocus Eochaid ainm cech éin-fhir ri gairm ngábaid.
p.118
- Eochaid Ollathair in cét-fher rochoisc dograing,
 Eochaid Ét-gothach fúair ingraimm, ba crúaid comlainn,
- Eochaid Opthach, Eochaid Feidlech, fer na claideb,
 rí ruc a bethaid do bunad, Eochaid Airem,
- Eochaid Búadach, Eochaid Mór nomarbad cethra,
 Eochaid Doimlén, find-lúth fromtha, imdlúth debtha,
- Eochaid Muigmedón mac aird-ríg inse Senaig
 muir ar muirer, duine ar' nár 'muid in debaid.
- Mac don fhír sin Níall ronert-gab domain dluigthech:
 a máthair mór chaím-sheng cairthech Caírenn Chruithnech.
- Clanda ro-Néill rígrad Ailig na n-arm n-ágmar
 gillai móra, maicne mér-gel, aicme ánrad.
- Eogan mac Néill co nert míled ó méit lenaib,
 drech dia ticed indeb enig, find-fher Febail.
- Indecht fhind, ingen ríg Monaig, máthair Eógain,
 co n-aicniud ríg, co rún trén-fhir, co lúth leómain.
- Cinél Eogain, úaisle indá fine Temra,
 meóir foa ngabar áinne imda, áille a n-erla,
- Is íat slúag as úaisle i n-Érinn, airecht Ailig,
 is íat as fherr 'ma n-íad fedain tíar 'ca taigib.
- Secht n-aird-ríg déc díb ar Érinn d' aicme Eógain,
 nochoseontis cóir in tsháegail dóib a n-deóraid.
p.120
- Is dóib gabthar géill cach thíre tara téigim,
 is úatha atá duine dígainn uile i n-Érinn.
- Cú Arad eólach roinnis do cach fíadain
 dinnsenchas Ailig in úabair doilig díamair.
- Darsellus, drech dess ri debaid, tress 'na thaigib,
 issé ba rí ar in domun, gním re graigib,
 tan fríth ac loch adbul Febail adbar Ailig,
- Sechtmoga ar sé cétaib blíadan, blad do chíana,
 re ngein Críst a cathraig Iúda dath-glain díada.
- Cethracha ar chét ar cóic mile ósna maigib,
 sé m-blíadna riu, rann 'na comair thall 'na taigib,
 cor' gabad ac mór-shlúag Monaig ór-dúan Ailig.
- Ísu Crist, coimsid cach thalman is cach threthain,
 rí dia ría ar n-dáin-ne fria deg-thaig, áille fhethail. Ail.