Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)
poem/story 22
AILECH I
- Decid Ailech n-Imchill n-úaib
sosad slúaig sir-thenn síl Néil
fert fo dáenai Banbai mbáin
Aida áin meic Dagda déin.
- Dagda daith, ba deog de neim,
flaith for fleid fodla co fuin:
maraid assíd
[gap: extent: monosyllabic word]
céin mair
is fair rogníd issin Bruig.
- Ba rí h-Erend ílair gíall,
ba flaith fial forsheng, ba fáel;
deg-meicc h-i toebnius ria thoéb
Cermait caem, Oengus, iss Áed.
p.94
- Aed robíth i mBend Báin Báith
tre neim ind laich col-láim luaith,
nodforglem, fo indnu áith;
ba bidba cáich Corggend Crúaich.
- Corrgend fo chairib don chin
i fid na maigib na muir
connach fúair port fo gréin gil
cen chorp ind fhir for a muin.
- Mathi h-Erend imma ríg
as cach thír tren-sheing co tráig;
niptar tlaithenaid a thúir
ó dún meic Fathemain Fáil.
- Fríth Corrgend co cridi crao;
ba bráu borb-leng inna bíu;
dobert ainech ris tre thnú
dú ita Ailech indiu.
- Dia do glan-fhert glan rogníth,
fích inid faderc do chach,
don Dagdo dil foluig líach
i n-iath bil Banba co bráth.
- Ninbói síd na slán ind uilc
cen chrad a chuirp co níth nert
on Dagdea, do díth a maic,
cen marb-lia mairt forsin fert.
- Fuair lia linne os loch
fo thinniu throch trait atbath;
robriss a blaid iss a bruth:
assbert guth, ba 'hail' co n-'ach'.
- Ailech cen Chorrcend fo chlói
ni toirm-thend in graigech glé;
bói fer tuachill fora thí
ropo rí do thuathaib Dé. D.
p.96
- Ailech n-Imchill os cech áit
dia do báirc bir-chinn fri ét
la tuatha De dremuin dúairc,
cuaird i m-bái Nemain is Nét.
- Imchéll casleóir Dagdai dúir
in múir mas-móir magdai muaid;
Coblán ua Gairb gaela gráid
rodfáig im fhert Aeda úaig.
- Atbath Corrcend co crúais chuirp:
húais n-uilc nad ordnenn a shercc:
rodechraig fón ail co h-aircc,
ind ailt rodechlaid in fert.
- Cia nosfallsige cech súi
teora amsera mollé
o na trenaib dian treb thoí
cen gói co ngénair mac Dé? D.
- Ailech Frigrend cid dia m-bói?
dia n-innlend aí, úais a lí,
Frigriu cerd Cruthmaige Cé
i ré Fhubthaire ó Hí.
- Ubthaire dind Albain óig
tuc toi Truchmaige o thír,
co fúair flaith glacc-neme geir
Fhiachraig réil Roptene in ríg.
- Rogníth tech 'mo ingin n-áin
la Frigrind Fáil, ferr cech dín;
sneid rosamig dar da sál
leir for lar Ailig na ríg.
- Rosfhuc Eochu Domlén dían
gorm-nél na ngíal, ngel a gruad;
ni saiched siblig dar sál:
aithed n-án d'a ingin úad.
p.98
- Helech der Fhubthaire fhind
dar lind Luchraide cen luing,
mathair mongda, mó cech mainn,
na tri Conla do chlaind Chuind.
- Cid airdairc in tairbirt trén,
tre garg-nert nger glethe slúaig
ind ríg rothrén ocon rám,
arsain oc snam aichde n-úar.
- Is é sin senchas cech shin
in gais gil, ní grenchas ngair,
in grin-gen graigech co ngail
dia fail Ailech Frigrend fair.
- In fáth fácbait fri cech rím,
Patric dia tír tic iar céin,
co toracht cen altu áig
ina n-dáil co maccu Neil.
- Eogan dia n-amraib ronecht
etir anmain ocus chorp,
fuair ellach ar nóebe nirt:
in Britt robennach in port.
- Patric, ni triamain a tlí,
dia m-bat riaraig i cech ré,
tellach n-Eogain os cech clói
rosbennach a deonaib Dé. D.
- Fuil buaid clérig co ngrád glán
for gruaid Ailig, án a mod,
flaith co fáthaib fogaib mid,
mo brathair cen chin cen chol.
- Colum Cille do chlaind Néill,
glan-oll gleir glinne co n-áib,
sech is áire do Albain óig,
mind n-óir Daire Chalgaig cáim.
p.100
- Colum co seolaib in súi
Conaill is Eogain mollé,
óa ríg Codail congaib Hí,
tí dom chobair at-taig De. D.