Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)
poem/story 11
2ÁTH LÍAC FIND I
MAELMURU cecinit
- Áth Lïac Find, cid diatá,
cid nách sluinni nach sencha?
císsi díchumne roddall,
dia fárgab Find ailig ann?
- Dia torchair, ba mór in cath,
coíca la trichait nónbar
im thrí maccu Cirb co m-búaid
lotar la sruth anairthúaid.
- Dia torchratar issind áth
cethri Conaill, dá Cholmán,
cethri Suibni, dá mac Bricc,
cethri Dubthaig, dá Diarmait.
- Dasuí Flathgus, gilla Find,
a gnúis ri gáir n-écomlaind,
docersat laiss, airm ir-ran,
cethri cethrair, dá nónbar.
- Da torpart dond áth atuaíth
Fland mac Finde abrat-ruaíd:
marbais coíca, comul ngle,
tri conchend na h-ergaile.
- Dia n-éccid, foichne a scél,
foceirt in sluag i trom-nél
díth maic Connath di Maig Lir
robí Find in maten sin.
- Dia n-erbairt Setna iarsin
a brethir co rath taith
co m-briste fir fer co ngail
for mac Umaill di Laignib.
p.38
- Dia tánic Sinand iarsin,
ingen Mongáin as-sídib,
dobert líc co slabraid óir
do Fhind mac Umaill alt-móir.
- Rigis Find a láim iarsin
don liicc thrén tréochair
co tuc a cend buí for muin
Guairi guill fothroelagair,
- Ná melta riss, ruathor gargg,
acht gaí nó chlaidib nó chalg:
ba óen a gessa iar tain
comrac a thoíb ri talmain.
- Danarlaic iarsin sin n-áth,
tan donnánic a lond-bág,
Senach, Senchán acus Bran,
conid de darochratar.
- Iarsin iarum rogab foss
issind lind lán lethan-glass,
conatorchratar for tráig
dia domnaig im thignáir.
- Fagaib ingen maten de,
dianid comainm Bé Thuinne;
foceird a cois-sliasait cóir,
arind erdrolam dergg-óir.
- Ré secht m-blíadna iarsuidiu
co bruinniu lathi brátha:
ní fríth buith immerthas:
issed senchas ind átha.
p.40