Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem/story 7

MAG SLECHT

  1. Sund nobíd
    idal ard, co n-immud fhích,
    diarbo chomainm in Cromm Crúaich:
    tuc in cach thúaith beith cen síd.
  2. Trúag in rúin,
    nonadraitis Góedil gúir:
    úad nícochuingtis cen cháin
    a n-díl im dáil domuin dúir.
  3. Ba h-é a n-día
    in Cromm crín, co n-immud chía;
    in lucht rancreit, ós cach cúan
    in flaithius búan nochosbía.
  4. Dó cen búaid
    marbtais a claind toísig trúaig
    con-immud guil ocus gáid
    a fuil do dáil 'mon Cromm Crúaich.

  5. p.20

  6. Blicht is ith
    uaid nochuingitis for rith
    dar cend trín a sotha sláin:
    ba mór a gráin is a grith.
  7. Is dó sain
    nosléchtaitis Gáedil glain:
    is dia adrad, ilar n-écht,
    atá Mag Slécht ar in maig.
  8. Tánic and
    Tigernmas, tríath Temra thall,
    aidche Samna, lín a shlóig:
    rosbaí damna bróin don bann.
  9. Lúiset olc,
    buailset bassa, brúiset corp:
    ac coí ri demun rosdáer,
    fertais frossa, fáen a folc.
  10. Marba fir
    sluaig na Banba cen bríg m-bil
    im Thigernmas taglach thúaid
    d'adrad Chruimm Chrúaich, nímuscin.
  11. Uair itgén,
    acht cethraimthe Gaídel ngér,
    fer i m-bethaid, búan in sás,
    ní dechaid cen bás 'na bél.
  12. Im Chromm Crúaich
    and nosléchtaitis na slúaig:
    cía dosfuc fo mebail mairb,
    lenaid a n-ainm don maig múaid.

  13. p.22

  14. 'Na srethaib
    trí h-ídail chloch fo chethair:
    fri sáebad serb inna slóg
    delb in Chruimm d'ór dodechaid.
  15. Ó baí flaith
    Héremóin, ard-fhir in raith,
    adrad robaí for clacha
    co techt Pátraic Macha maith.
  16. Ord don Chrumm
    rogab ó bathis coa bunn:
    rodíchuir cen gallacht ngand
    in n-arracht fann robaí sund. S.