Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)
poem/story 6
DUBTHIR
- Dubthir Gúaire, gním dia fail,
a scél fír co fessabair,
baí tan nárbo dubthar doss,
acht crích cruth-glan chomsoloss.
- Dá mac forácaib Dall dess,
Gúaire gann, Dáire díless,
imon crích, co n-duilge de,
níptar cuibde comrainne.
- Fillis Gúaire, gním n-espach,
for Dáire n-dían n-dub-chestach,
co torchair leis Dáire in daig
cen gné n-áile n-imthrócair.
- Ón ló rogáet Dáire dron
i n-Inis Dam cen díchron
is fích co m-búaine mothair
crích Gúaire don chomfhochain.
p.18
- Mairg dogní fingail co h-om
gním dia ná timgair torud:
crích Gúaire, cen chosnam de,
fil 'na dos-mag dubthaire. D.
- Nomsháer ar fhill is ar olc
a Chríst, rochind mo cháem-chorp,
a Rí subach na síne
nírbam dubach dub-thíre. D.