Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)
Verse
poem/story 1
p.2
ESS RUAID I
- A fhir dodechaid atúaid
co srethaib is co sáer-búaid,
innat léir co h-úair fessa
i sceól réid in rúad-essa?
- Ess Rúaid, cía Rúad asa h-ess?
cía roching in cúan comdess?
in fer nó in ben co m-bríg bailb
tuc for in síd in sáer-ainm?
- Áed rúad mac Baduirn in bress,
úad cen ramuirn in ríg-ess:
for a ur, ba gním guba,
fail a shíd, a sáer-duma.
- Ní chúala ar thír nó ar thuinn tig
do chlannaib Ír nó Ebir
rosessed co trían delba
for Áed fíal na fír-Emna.
- Rodúsig idu achar
Aed co n-dúsib deg-athar,
dia n-dechaid 'sin n-ess n-olor
dia mess is dia mudugod.
- Is amlaid sin dochúaid dáil
éca fhuair úa Argatmáir:
maraid a ainm ara ess
in dag-fhir mairb cen mímess.
- Iarum roclass issin chnucc
fertán Áeda fo óen-brutt,
conid é a shíd sáerda sin
úas aigthib áebda áen-fhir. A.
p.4
- Dorala sund iarsodain
ingen Máine mil-scothaig:
súan rodasomairn dia sil:
Rúad a comainm 'ca cét-fhir. A.
- Cechaing céim fordail i fat
ingen ordain adchanat,
dia tuc in mór-grád mada
d'Áed shrónmár mac Labrada.
- A Maig Moeín co mét ága
dolluid for sét sográda
ingen Máine mér-sheing múaid,
a clé fri h-Érinn n-arm-rúaid.
- Luid dar cech tuind dia tibed
il-luing Abcáin ard-fhiled
co táraill in n-inber n-án
ind ingen álaind imnár.
- Ní fitir Rúad cía-rraba
crích ná cúan co n-dosrala,
acht rochuindig, cruth nad meirb,
co m-beth in sruth 'na sáer-sheilb.
- Andsin dorochair 'na súan
eter srothaib na sáeb-chúan:
luid im-muduch fo méla
fora curuch cóem-chréda.
- Ní roacht coa lennán ind laith
ingen na ngel-lám glé-maith:
luid dar bord cen bríg m-bluga
fri dord síd na sam-guba.
- Combad úadi, cen dailb n-dét,
ainm Essa Rúaid co romét:
a h-aided, cen dúalus n-dil,
atchúadus duit, a dag-fhir. A.
p.6
- M' anam acut for nim naíb,
a Choimdiu faílid fír-baíd,
a Rí na rend is na reb,
at ferr iná cach Ïn-fher. A.