Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)
poem 72
Loch Cé
- Loch Cé, cid imar' mebaid,
dia mbái 'na maig mín-shlemain?
Int usce idan, a fhir,
cá hinad asa rérig?
- 5] Fiarfaigim díb cúich in Cé
ó sloindid cach uile hé?
Cía 'ca mbái ar Banba co mblaid
in drái amra imar' forbair?
- Crét hé int adbar imar' fhás
10] in loch úaine cen úathbás?
Int usce fáilid glan glas,
ráidid dam a dind-senchas!
- Drái Núadat, nonertad báig,
maic Echtaig maic Etarláim,
15] is óa fhert ainm in lacha
iar techt ó maidm mór-chatha.
- Tánic ó Maig Tured te,
ó rogáetsat gái nime,
iarna guin d'arm co ngéire,
20] cor' shuid i carn chuirr-shléibe.
- Iarsin éirgis Cé don charn:
robo súail nárbo secc-marb:
tánic roime asa thám thais
co lár in maige mín-glais.
p.402
- 25] Carraic atchondarc 'sin maig'
is ann tugad fo thalmain:
ó rolád isin carn cloch
atracht fon marb in mór-loch. L.
- Is desin atá loch Cé,
30] atberim cen immargáe,
ó drái Núadat, níamda a gail,
atá loch ós na lochaib. L.
p.404