Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)
poem 61
Móenmag
- Móenmag, cá Móen ótá in mag,
tar cach róen ba ríg-adbal:
fúair in ainm sóer co suba
ó Móen maith mac Allguba.
- 5] Mar óen is clann Míled mass
tuc Móen in ríg-fher robrass
Labraid luchair, nad erchra,
adnad suthain sáer-berrtha.
- Dá dán oc Móen, monur ndaith,
10] ó fúair solud in sóer-fhlaith,
gním berrtha ós braine belaig
ocus maige a mór-fhedaib.
- Fúair forba fénnid cen brón
ó Ébir ó Érimón,
15] corslecht Móen, ba genand guin,
ferand fuithir mac Forduib.
- Móen ruc ar tús, búan a blad,
lúag tria rús ar roberrad,
(foclaid slóg sencha ar Samain)
20] il-lóg berrtha, Berramain.
- Berramain, somáin berrtha,
fúair ro-Máin in ríg-threbtha
ó chlainn Galaim na ngáire
dáig bad bladaig bith-náire.
p.336
- 25] É roberrad sund ar tús,
(noco tennad cen trén-rús)
Forbarr sáer na sluag, sellad:
a grúad cháem rocét-berrad.
- Fail sund, ós cech cúan-bla, cind,
30] tria chobra mbúada bél-bind,
derbthas ní baisech blaide,
senchas maisech Móenmaige.
- Cethrur Móen, co mbúada breth,
ferr atchúala ar bith buidnech:
35] in Móen-sin fri síd-blai seng,
ciaptar rígdai, ba rothend.
- Móen mac Etna in file féig,
Móen mac Ugaine airm-géir,
Móen moraind Inbir Ella,
40] molaimm Móen mac nAilella.
- Fríth tria cach sóer-blaid samail
do Móenmaig do Berramain:
gairther oc cóemaib na crad
ó na Móenaib-sin Móenmag. M.
p.338