Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem 59

Loch Riach

  1. Loch Ríach, cá Ríach asa loch?
    do lindib cloth comtig dath:
    in fetabair cóich in Ríach,
    co línaib scíath scáiles cath?
  2. 5] Cethri ríg bátar 'sin maig:
    dorétis graig, ba gním gar;
    Cáimell ocus Étar úar,
    Casta ocus Ríach na ngrúad nglan.
  3. Ingen maith oc Cáimell cháem,
    10] ingen aile oc Étar úar:
    Celbil bél-maith, bíthe int ainm,
    Land leth-derg a hainm 'sin t-shlúag.
  4. Cuindgid Casta, nír gním cloth,
    cuindgid Ríach iat immasech:
    15] eitchither iat im na mnáib
    i ndáil dia tánic a mbrath.
  5. Andsin fócrait na fir thess
    cath rofess ar in lucht túaid:
    is deshin tánic a ndíth:
    20] ní-ma-fríth in fáth forúair.

  6. p.326

  7. Is samlaid rochuirset cath,
    ir-rechtaib dam n-idnach n-ard:
    acht óen-fer díb iarna mbrath
    ní therna ón chath codnaib celg.
  8. 25] Marbthair 'sin chath Cáimell cáem,
    ocus marbthair Étar úar:
    marbthair Casta and ria thóeb,
    marbthair ar óen a dá shlúag.
  9. Ní therna díb íarna mbrath
    30] assin chath, nírbo gním cloth,
    acht amáin Ríach railbech rúad
    diarlen ainm ria lúad don loch. L.
  10. Int inad i tuctha a cind
    'sin glind fri tóeb Dromma Sam,
    35] genid tipra and ria túr,
    fichid dar múr is dar mag.
  11. Dogní Ríach tech ós a cind,
    dar linn robo lór do neim:
    cuiris comla dar a bél,
    40] ciarbo thrén nír anacht sin.
  12. Fecht n-óen nár íadad ínt en:
    robói tan tall issin tig:
    fichis in topur co trén,
    in scél diar' bádit na fir.

  13. p.328

  14. 45] In míle robói 'sin dún,
    is derb dún, rosbáid co moch:
    ocus bádis Ríach nar-róen:
    atát mar óen issin loch. L.
  15. In fail rolegsat na fir
    50] fo lind Lir, col-lín a scoth,
    dath fola cach fhir ar úair,
    is é dath fofúair in loch. L.
  16. Cáirig Hérenn uili ind
    cach sechtmad bliadain, ba búan:
    55] ba finna ic techt isin loch,
    corcra co cloth cingtis úad.
  17. Scé na Cáirech ós a chind
    immon dind, bo dígrais dath,
    ocus Áth na Cáirech cóem,
    60] is de atát mar óen, is rath.
  18. Fót, diatá Mag Fót co fír,
    ar rót nar-ríg robo chloth:
    is é in Fót-sin, féta a shlóg,
    ba rechtaire lór don loch.
  19. 65] Mess Alluda is Rúathar sóer
    lotar tóeb fri tóeb co moch
    do chorcrad a cáirech ind,
    co rosbáid fo lind in loch. L.

  20. p.330