Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author:	Unknown)
poem 55
Sliab n-Echtga I
- Senchas Echtga áine,
 tria nert-bla co ndéine,
 táthum cona dálaib
 do dámaib fer Féine.
- 5] Rongab duine delb-glan,
 mac Ruide co roblad:
 's é fúair in tír tul-glan
 ó cach ríg dia fognad.
- O ríg Crúachan cloth-chóir
 10] fúair núachar co nert-máin;
 ba leis, daig cen dédail,
 feib fégair cech cert-láid.
- Lusca beist a lenmus
 ainm d'Fhergus mac Ruide,
 15] roalt i Síd Nenta:
 ann rogellta a guide:
- Ba cuchtaire ar chúanaib
 co mbruthmaire brígaig
 mac Ruide rúaid, rélaid
 20] fégaid ocus fíraid.
- Rogab gnímu dálim,
 doárim a dag-dáin,
 dia fúair deg-raind dind-móir
 i crích Sengaind sam-náir.
p.300
- 25] Robói i ngrádaib roríg
 tria dánaib co n-il-áeb;
 acht cen gái dia glan-fhír
 ní fhúair mnái ronirfháem.
- Rothecht Fergus filte,
 30] do sherb-lus a shainte,
 ó Móen na treb tuilte
 cosin róen ic fairge.
- Targaid uile i n-óen-ló
 mac Ruide co róen-gái
 35] a thír cona thoirthe
 ina coibche d'óen-mnái.
- Hi crích Echtair airig,
 ic fertaib fer fuinid,
 roalt in gein grádmar
 40] Echtga ágmar fuirid.
- Deir co núachraib núa,
 do thúathaib dil Déa,
 Aurscothaig maic Thinne,
 gein co ngrinne gnéa.
- 45] Cach máin bói for talmain
 bói lasin sáir sobraig,
 acht foirb dáer ar dílse:
 nírb ísle dia roblaid.
p.302
- Dorat airle ndúalais
 50] ara dailbe dílis
 dia daltu, gním góach,
 Dóach Móel-chend mímis
- Feis la Fergus frithir
 ar ergnus a fhuithir,
 55] ar a fúair do deg-raind
 í crích Sengaind sruith-fhir.
- Dorat uile i slabraid
 mac Ruide co rind-blaid
 in slíab, cosa saigid,
 60] co ndairib, co ndindgnaib.
- O fhuair slíab cen chísu
 in ben dían fri dúasu,
 ó shain, gairm fri gnásu,
 dofail a hainm úasu.
- 65] Is desin asberar
 Echtga, trebar tel-glas;
 sluind fiad chách cen trom-glas,
 dianid somblas senchas. S.
p.304