Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author:	Unknown)
poem 53
Sinann I
- Sáer-ainm Sinna saigid dún,
dáig rolaimid a lom-thúr:
nirb imfhann a gním 's a gleó
dia mbói Sinann co slán-beó. 
- 5] Rop ingen rogasta ríam
Sinann sholasta shír-fhíal,
co fúair cach ndodáil nduthain
ingen Lodáin laech-luchair. 
- Hi tír tarngire co túi,
10] ná geib anbthine imchrúi,
fúair in suthain-blaid rosmill
ingen Luchair-glain lúaidimm. 
- Tipra nad meirb fon muir mass
for seilb Chondlai, ba comdass,
15] feib adrímem ria rélad,
luid Sinann dia sír-fhégad. 
- Topur co mbara búaine
ar ur aba indúaire,
feib arsluinnet a clotha,
20] asmbruinnet secht prím-shrotha. 
- Immas na Segsa so dait
co febsa fond fhír-thiprait:
ós topur na tond tréorach
fail coll n-écsi n-ilcheólach. 
p.288
- 25] Síltair sopur na Segsa
for topur na trén-chennsa,
ó thuitit cnói Crínmoind cain
fora ríg-broind réil roglain. 
- In óen-fhecht n-a tuile thrumm
30] turchat uile don chóem-chrund,
duille ocus bláth ocus mess,
do chách uile ní hamdess. 
- Is amlaid-sin, cen góe nglé,
tuitit n-a róe dorise
35] for topur sográid Segsa
fo chomdáil, fo chomfhebsa. 
- Tecait co húais, ra gním nglé,
secht srotha, búais cen búaidre,
dorís isin topur the
40] dianid cocur ceól-éicse. 
- Adrímem in uide n-úag
dia luid Sinann co sóer-lúad
co lind mná Féile fuinid
cona gléire glan-foruid. 
- 45] Ní thesta máin bad maith linn
for in saír sin ná saílfinn,
acht immas sóis co srethaib,
ba gním nóis dia núa-bethaid. 
p.290
- Rotheich in topur, toirm nglé,
50] tria chocur na ceól-éicse,
re Sinainn, rothadaill túaid,
cor-riacht in n-abainn n-indúair. 
- Rolen sruthair na Segsa
ben Luchair na lán-gensa
55] cor-riacht huru na haba
co fúair mudu is mór-mada. 
- Andsin robáided in breiss,
is rothráiged fo throm-greiss:
cid marb in ben co mbruth baidb
60] rolen dia sruth a sáer-ainm. S. 
- Desin fri déine ndile
lind mná Féile fír-gile:
fail cech óen-airm, cúairt n-assa,
sáer-ainm súairc na Sinna-sa. S. 
p.29