Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem 52

Slige Dala

  1. Senchas cía lín noniarfaig
    sliged Dala dag-bríathraig,
    ind fhir dangin cen dinge
    co fúair mandir mílinde?
  2. 5] Dalo don Scithia scíathaig,
    mac Edlicon iltríathaig,
    sund robái ic brait, ic borb-gail,
    ic slait is ic sír-orgain.
  3. Cethrur tancatar dar tuind,
    10] munter Edlicon imthruim,
    dáig ba sith-eclaig slúagid,
    re Scithecdaib scíath-úainib.
  4. Dalo ba fallán fri feirg,
    ocus Cannán co crúaid-cheird,
    15] Cré is Caire 'na clethchur,
    ba lúath maige in mór-chethrur.
  5. Dalo tathaim diarbo thimm
    ó fuair fachaid is immchimm,
    conid úaid, cid fóen a airm
    20] fofúair in róen a ríg-ainm.

  6. p.278

  7. 'Ca chaslib fri fand-ág fír
    torchair Cannán in cath-míl:
    rogab thúaid in síthfe-se
    clúain Cannán críche Éle.
  8. 25] Sétig Dala Cré na crech,
    cen gné n-étig n-imthursech,
    co fúair i fuss brath is brón,
    icon russ co rath romór.
  9. Caire, ba ben Channáin chrúaid,
    30] co mbraine barráin bith-rúaid:
    ic dún Chairin cét costud
    fúair éc ocus imfhostud.
  10. Is í sin a fodail fhír
    iar scur monair is mígním,
    35] feib fúair tri a muinigud mass
    a sudigud, a senchass. S.
  11. Tathum buidin do brethaib,
    do chuirib, do chóem-srethaib;
    fail lim dliged is damna,
    40] senchas sliged sóer-Banba.
  12. Cóic róit hÉrenn cen glór camm,
    slige mór, slige Chúalann,
    slige Dala thréin túachail,
    ocus slige Midlúachair:

  13. p.280

  14. 45] Slige Assail maic Dóir duinn
    i crích móir Mide mór-Chuinn:
    in cóiced rót co ngné glass,
    cid hé ní óc a shenchas.
  15. Bátar fo díamair dulig
    50] ic Fíannaib ic Fomurib;
    co ngénair Cond cét catha
    ní fríth in sét sen-fhlatha.
  16. Ó rogénair Cond cen chair,
    rosfégaid rosfetabair,
    55] tria gním in chóicir roscind
    atát óic-fhir 'ca n-immrimm.
  17. Iar fuin gréne ba geiss dul
    do Themraig co trén-chostud:
    d' fhiur na geisse ba gledrach
    60] dochum feisse fír-Themrach.
  18. Aidche samna co sós sen
    ba damna do nós núa-mer:
    fríth a díamraib, a dairib,
    ó shíabraib, ó shídaigib.
  19. 65] Díbergaig Midi, mét marc,
    tucsat d' Assal écomnart:
    rolensat úa Domblais déin,
    dia fúair in soglais soréid.

  20. p.282

  21. Midlúachair, miriu cech máin,
    70] mac do Damairne delb-cháin:
    Damairne co serc-blaid sain
    mac Deccraig maic Diupaltaig.
  22. Úa rig Srúba Brain bailbe
    Midluachair mac Damairne,
    75] fer co finib 'na fhurad
    fúair sligid na sen-churad.
  23. Sétna secc-derg, slaide slúaig,
    mac Durbaidi daiger-múaid,
    fer cen irdubad, cen fhell,
    80] drúid Irmuman 'na thimchell.
  24. Is rempu-sin, rodasní,
    mac dorn-sholus Durbaidi,
    oc saigid óc do Themraig
    fúair rót Dala deg-menmnaig.
  25. 85] Mac Eogabail, co ceird chrúi,
    cosna gleó-galaib gnáth-núi,
    fúair sligid na slúag-arm sen
    i crích Cúalann na coibden.
  26. Sab rainne hÉrend i ndó
    90] escir Riadda, ní roen-gó,
    dianid comainm fo glór glan
    Slige Mór, mó cech mag-ar.

  27. p.284

  28. Nár mac Oengussa airgthig,
    a crích Umaill ech-cairpthig,
    95] fúair sligid na ngorm-lann nglass,
    ria finib Domnann drech-mass.
  29. Is amlaid-sin fofrítha
    na sligthi, na sen-chrícha,
    mar fhúarus a mbunad mbrass,
    100] a ndúalus, a ndind-shenchas. S.

  30. p.286