Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem 51

Luimnech

  1. A fir fadlas sós na sen,
    labras cach nós co núa-gel,
    druit lat ós druimnib daire
    cuit Luimnig na laechraide.
  2. 5] Luimnech, lethan in labrad,
    rosrethad co sír-adbal,
    co fail cech tráth cen tairbirt,
    co bráth conid bith-airdirc.
  3. Is céte óenaig agair
    10] co róenaib co robladaib;
    rongab slóg saidbir sattail
    co saidlib co sról-brattaib.
  4. Sochaide rodál cose
    co lár Luimnig na loingse:
    15] ó dáil slúaig ba tuillmech tairm,
    ó fúair Luimnech a láech-ainm.
  5. Cóiced n-Echach rodál dó,
    ba srethad sám co sáer-gnó,
    'n-agid slúaig Lúachra luinne,
    20] dagfhir Crúachna cloth-buirre.
  6. Tucsat in rígrad ille,
    co sír-blad co sóinmige,
    dag-días cen utmaille fill,
    dá mac Smucaille smitt-chind.

  7. p.272

  8. 25] Smucaille mac Bacduib buirr,
    in gilla glac-duib glé-chuirr:
    maic dó, fri ferga fige,
    fir na cerda cath-mire.
  9. Rind ocus Fáebur, fégair,
    30] cen báegul ria mbeó-dédail,
    feib noslabram dar cach ler,
    ba hiat anmann na n-ard-fher.
  10. Iar techta don chath-gail chóir
    ind fhir athlaim aiged-móir
    35] suil adralsat a ngliaid nglé
    rogabsat a commairge.
  11. Ochaill a Cruachain chróebaig
    rogab fóesam fír-Fóebair;
    oc Síd Buidb ná fóelsad fill
    40] fofríth fóesam do rúad-Rind.
  12. Oc tintúd don chúan ar chúl,
    dorat cech slúag hi sochlúd,
    co mbói in loch fo luimnib de,
    ina druimnib, demnigthe.
  13. 45] Amlaid doluid 'n-a lungair
    cach láech ina líath-lummain,
    conid lind Luimnig rosnacht
    Muimnig is fir Ólnecmacht.

  14. p.274

  15. Desin roráidset in slóg
    50] ó thul Tuinne tulach-mór
    "is lumnigthe in t-inber oll,
    cían bas chumnigthe in comlond."
  16. Desin dogarar cach airm
    Luimnech, labar in láech-airm;
    55] ón dáil-sin, mar samlait sin,
    in' rafadbait a fhír-fhir.
  17. Nó dia ruc sech íathu úaib
    scíathu mathe for mór-shlúaig
    do muin gilla co ngripe
    60] sruth na Sinna séol-brice.
  18. Lumman ainm cech scéith scenbda,
    fo nách tréith cech tigerna,
    comad díb co cuimnech cind
    rolen Luimnech in láech-lind.
  19. 65] Robátar láich 'ca labrad
    ic tul Thuinne trom-adbal,
    "is luimnechda lind maic Lir
    nidat tuillmecha a trénfhir." A.

  20. p.276