Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)
poem 42
Cend Febrat
Mac Raith Uá Paain cecinit.
- Cend Febrat, álaind slíab sen,
adba robúan na ríg-fher,
atchíu, is adba fír-fhíal hé,
d'éis na ríg-fhían co rogné.
- 5] Tánac-sa lá co moch-moch
tar Cend Febrat na n-úar-scoth:
ní dál do dermat dúane,
tar Cend Febrat folt-úane.
- Domrimart gáir na gáithe
10] im chotlud co cíall-báithe,
ba dál fri gáise glaine,
eter láirne láechraide.
- Mar rochotlas, cóem in mod,
and fofhúaras m'airfiteod:
15] tarfas dam co fír i fat
cach síd fail i Cind Febrat. C.
- Iarsin co facca in dún dron,
i fail cath-gus cen chrínod:
im-mullach Cuillen cuillech,
20] i mbíd cruind-fher crúad-buillech.
p.228
- Fúaras nech roaisneis dam
issin dúnud cen dorchad
sudigud na fert i fat,
fail co cert i Cind Febrat. C.
- 25] Fert Cáin maic Deirg dúalaig druin,
ó fail slíab Cáin in choscuir,
rosamlad ar mo láim deis;
rop adbar áig i n-éisleis.
- Atchondarc and fert n-úathaid,
30] duma nEirc a hIrlúachair;
'sind leccain dind leith atúaid
atá 'na lepaid lán-chrúaid.
- Fert Garbáin maic Dedaid déin,
airm i n-adnacht 'sind aursléib;
35] cert a níam mar atá thair,
ní cían ó lecht mná Dubthaig.
- Fertán Dubthaig féin rofess
'sind leccain dind leith andess:
'sin tulaig ónd lecht ille
40] fert i fail Lugaid Láigde.
- Atát ferta na tri mban,
im mnái Dáire cen dorchad,
im Eithni, im Máir, im Mugain,
táib fri táib 'sin trom-thulaig.
- 45] Dofil úadaib thair 'sin chnucc
fert Dodera fo dond-brutt,
iarna guin co fíar i fat:
noco chían ó Chind Febrat. C.
p.230
- Atá in tibar, áille blad,
50] cen chúas ocus cen chrínad,
ós lepaid Lugdaig in lúain,
ic dún Dubthaig anairthúaid.
- In tibar diarlen in t-ainm,
i Cind Febrat in dath-airm,
55] fair, mar atchúala messe,
atát búada is búan-gesse.
- Cipé fongeib dia láim deiss,
méraid cen galar, cen geiss,
ra haiss Mac Dé rodlúthaig,
60] conid laiss a lán-dúthaig.
- Cipé fongeib dia láim chlí,
roordaig rí in betho bí,
is sí a déin-breth ria dérge,
a glé-meth nó a gair-sécle.
- 65] o rogabsat Túatha Dé
for fund Fótla co find-gné,
ós róen na ndrúad find i fat
atá in chróeb i Cind Febrat. C.
- Cend Febrat is Cend Cuirrig
70] is Cend Cláire chrúaid-buillig,
ocus Cend Aífe amra,
frismben sáithe sen-labra.
p.232
- Ó mac Flaind ónd Loch Slemain,
a n-imthús ní hanmebair:
75] marait sund ria techta trell
cethri slechta na sen-chend. C.
p.234