Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem 8

Dun Gabail

  1. Tochmarc ingine Guill glais,
    maic Feidlimid aird aurbrais,
    do Lutur mac Lurgnig láin,
    dind leith iartharaig d'Espáin.
  2. 5] 'S amlaid robái Lutur lór,
    dune fír-fhota fír-mór;
    cethri cind déc, ní bág bras,
    ós a muineól mothar-glas.
  3. Cid Gablach, ba mór in ben,
    10] ingen d'Feidlimid find-mer;
    cóica cubat ina fat,
    ocus a leth 'na lethat.
  4. Cethrur tancatar anair
    im Goll is imma ingin,
    15] im Lutur thánic cen luing,
    im Lurgnech mac Calatruimm.
  5. Corothomliset a fleid
    'na muntir chóem-náir chethrair;
    cét cech míl, ba mór in mod,
    20] cét míach cach arba ar domun.
  6. Corodeirged dóib iarsain
    a cethrur i n-óenlepaid;
    tucsat bennachtain cach fir;
    maith dóib is nirbat sathig.

  7. p.80

  8. 25] Oclach aile robái thair,
    i n-insib mara romair,
    Fuither mac Forduib co feirg,
    maic maic Labrada lámdeirg.
  9. Rothinóil buidin mórmóir,
    30] tánic anair fochétóir,
    is demin rop osnad áig,
    do chosnam a chóem-lendáin.
  10. Anmand tóisech tuc anair,
    lúithech lámfota Labraid,
    35] Brothur mac Sciach, Glas mac Gairb,
    Ibar mac Sciach maic Sceobailb.
  11. Mó cach buidin díb anair
    i ndegaid cecha trénfir;
    cét láech i ndegaid cach fhir
    40] d' Fomórchaib is d' Arsaidib.
  12. In tan robatar 'sin tig
    'na commond comméit chethruir
    cocluinet in guth immaig;
    "táit 'mach ar áis nó ar écin."
  13. 45] Conéracht Lutur ar leth
    coroscail roaib in ríg-thech,
    leis rosuc ri gúalle immach
    etir chúalle ocus cháilach.

  14. p.82

  15. Corogab sonn in dúne
    50] dóib dar sróin is dar súile;
    comdar lána na linde
    do bráinib a n-inchinde.
  16. Comorogaib dóib a ndís,
    nírbu maith in dín iar scís;
    55] coromarb Gablach Fuither;
    ba turus troch, trom-thuitted.
  17. In lín tancatar dar tuind
    do chosnam ingine Guill,
    noco terna óen díb ass,
    60] nírbo chóem in tochmarcas. T.
  18. O Gabail ingin Guill glain
    Dún Gabail hi Cuthraigib
    ann fáe la Lutur, lín mbarc,
    ba cutul in comthochmarc. T.
  19. 65] Dorat Goll glas ind inbir
    dindgna is dún dia dag-ingin,
    ós Lifi Lagnech nách lacc,
    ba cangnech a cét-tochmarc. T.
  20. Iarum tuc Goll co lín chless
    70] aband is dún is deg-ess,
    dia ingin cen gáibte gat,
    búar-brat is táinte is tochmarc. T.

  21. p.84