Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author:	Unknown)
poem 5
Nás
Mac Nia cecinit
- Rúadri mac Aitte na n-ell
nírbo thruag-lí traite thall,
cliamain Loga, línib long,
co ngliad-gail glond, gona Gall. 
- 5] Dí ingin Rúadrach in ríg
Bretan na mbríg mbúadach mbán
dí mnái Loga, roslúi ás,
Búi in broga ocus Nás nár. 
- Nás máthair Ibic na n-ech
10] dligid a drech is a dath,
ó thesta co ngaile grith,
cía festa ar bith baile atbath? 
- Nás rogaibi gním cen gáis;
(fír cen báis) rosbáidi bás,
15] co nglúairi im gairg-dliged grés
's úadi rohainmniged Nás. 
- Nás Lagen co nglan-gart glan,
is and rohadnacht in ben,
di ráiter fri derbthas ndein,
20] ní cheil sein senchas na sen. 
p.50
- A siur i Cnogba cen chlói
iar lot a comga 's a crúi:
nirbu mall marb-alt don mnái,
is and bái 's roadnacht Búi. 
- 25] Cnogba cnoc Búa na mbág;
nísbrúa sár snomda slúag;
acht iss í im garg-mathim ngním
is ard-chathir na ríg rúad. 
- Tancatar slúaig Gáidel nglan
30] do cháined na mban don brug;
ó Thaltin i tocab tein,
assin dollotar la Lug. 
- Láiset gáir cáine cach than
na mban cen chláine cen chol;
35] roacht leo a cluche cned
i muche, nirbu mer mod. 
- Máidiud is assin roás:
ní hé in fáidiud fás fri fés:
óenach Talten, talci gleós,
40] la cach n-antem beós din bés. 
- Ba bed násad Loga láin
sásad sona, sáim nach súail,
fáidiud find-gel fúamnach Fáil,
cáiniud ingen Rúadrach rúaid. R. 
p.52
- 45] Tri maic Dorchlaim, tromm testan,
Nás Boncc ocus Ailestar,
siar cen chairdiu ós Chúan chestach,
Tailtiu búan rosbáigestar. 
- Ráth i nUltaib, cían in cháin;
ráth cóicid Chonnacht co mbúaid;
ráth cóicid Lagen cen tláis;
magen do Náis ingin Rúaid.  R.4 
p.54