Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem 3

Boand II

  1. A Máilshechlainn mic Domnaill
    do chlainn ingine Comgaill,
    adcós duit, a máil Mide,
    senchas Bóinde báin-gile.
  2. 5] Bóand, bendacht forsin sruth
    roordaig Críst co cóem-chruth,
    conid hí ó glenn do glenn
    sruth Eorthanan na Hérenn.
  3. Find Life, Find Gaileóin gairb,
    10] do chomóentaid dá chomainm,
    dia comrac atá Mag Find,
    Find lúath Life ocus Mífind.
  4. Oén Find díb-sin, beres búaid,
    sech tóeb Temrach anairthúaid:
    15] ann comrecat 'con chommar
    ocus Bóand bán-bronnat.
  5. Bó Gúairi sech Tailtin tair
    siles tre Loch Munremair:
    Bó Gúairi ainm na haba
    20] ria ráiter in mór-Banna.
  6. Mar atá Ordan is an,
    ó' ráiter sruth Eorthanan,
    in Bóand ocus find,
    do chomrac in dá ríg-lind.

  7. p.36

  8. 25] Tánic Bóand ann andes
    ben Nechtain cosin cairdes
    co tech Elcmairi na n-ech,
    fer dobered mór ndeg-breth.
  9. IS ann dorala in Dagda
    30] i tig Elcmairi amra:
    rogab for guide na mná:
    rodusasáit re hóen-lá.
  10. IS ann fastaitís in ngréin
    co cend nói mís, mór in scél,
    35] ic gorad in rafheóir ráin
    i cléithi in aeóir imláin.
  11. And asbert in ben abus
    "Comrac rit, bad é m' óen-gus":
    "Is bad Oengus ainm in meicc"
    40] asbert Dagda tre daigbeirt.
  12. Luid Bóand ó thig co tric
    dús dá tairsed in tiprait:
    derb lé docheiled a col
    da soised ló a fothrucod.
  13. 45] A thrí deogbaire in drúad,
    Flesc ocus Lesc ocus Lúam,
    Nechtain mac Námat dorat
    do chomét a chóem-thiprat.
  14. Doruacht chucu Bóand mín
    50] dochum na tiprat iar fír:
    ércid tairsi in tobar tenn,
    corosbáid hí cen forcenn.

  15. p.38

  16. Dogabad uirre in cach trácht
    nách soised inber na mbárc
    55] ic Máelmórda, mét ratha,
    ic mac maisech Murchada.
  17. Dorónad trócaire Dé
    for leith Chuind don chomairle,
    coréló in aidchi déin daill
    60] chucut, a Máil féil Sechlaind.

  18. p.40