Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)
poem 1
p.2
Carmun
Fulartach cecinit.
- Eistid, a Laigniu nal-lecht,
a shlúaig ós Raigniu rath-chert,
co fagbaid uaim as cech aird
cáem-shenchas Carmain chloth-aird.
- 5] Carmun céte óenaig fhéil,
co faithchi róenaig roréid,
in t-shluaig tictís dia thaichmi,
arfigtís a glan-graifni.
- Is railecc ríg a rúam rán,
10] cid sain-sherc slúag co sóer-grád;
fail mór fo dumaib dála
dia shlóg bunaid bith-gráda.
- Do cháiniud rígan is ríg,
d'fháidiud dígal is dígním,
15] ba mence find-shlúag fagmair
dar slim-grúad sóer Sen-Charmain.
- In fir nó in fer co mét gal,
nó in hí ben co n-ét anbal,
ruc gairm cen mímes marggaid,
20] tuc ainm díles deg-Carmain?
p.4
- Ní fir is ní fer fergach,
acht óen-ben dían díbergach,
glúair a tarmun is a tairm,
ó fúair Carmun a cét-ainm.
- 25] Carmun ben maic Díbaid déin
maic Doirche dírmaig dag-fhéil
maic Aincgeis co méit ratha,
ba cend airdmeis ilchatha.
- Nistailged tairecc tarba
30] fri sain-sheirc na sóer-Banba,
dáig ba snímaig cech amm thair
cland maic Díbaid 's am-máthair.
- Cengsat siar dind ara chur
Dían ocus Dub is Dothur,
35] ond Athaín aidben anair,
ocus Cairmen am-máthair.
- Nomiltís im Thúathaib Dé
in t-áes núachair náimtide
torad cach thalman co tráig:
40] ba fogal adbal écáir.
- Cairmen as cach bricht co mblaid
aidcgled cach mhblicht mborr-thoraid,
iar ngleicc as cach dán nar dlecht,
na meicc tria ág tria anrecht.
- 45] Iarum rosrathaig Túath Dé,
rosbrathaig úath is amgné,
ar cach n-om-gním gníset so
sníset a comlín chucco.
p.6
- Crichinbel, ni sáibad sin,
50] is Lug Láibach mac Cachir,
Bé Chuilli ós cach rái 'na rag,
ocus Ái mac Ollaman,
- Roráidset riu ar rochtain
in cethrur crúaid comfhortail:
55] "Ben sund i cend for máthar,
triar fer don triur derbráthar."
- "Bás dúib, ní rogain roga,
ní soraid, ní sóer-thoga,
nó fácbaid co glé-grind giall;
60] ércid a hÉrind óentriar."
- Na fir-sin dochúatar úain,
fríth a rúacad co rochrúaid,
ciarb aidben leó fácbat sund
Cairmen beó 'n-a crú chumung.
- 65] Cach fír dar' ná tecar slán
muir míl, nem, talam tond-bán,
na tístais tess na tuir thind
céin nobeth muir im hÉrind.
- Cairmen ruc bás is báide,
70] nosaidledás as écáine;
fuair a aidid, mar rodlecht,
eter dairib na ndron-fert.
p.8
- Tancas sund tria gáine ngnó,
dia cáine dia cét-gubo,
75] la Túaith Dé dar sóer-mag sair,
cétna óenach cóir Carmain.
- Fertán Carmain cía rochlaid,
in fagbaid nó in fetabair?
Iar mes cech deg-athar dil
80] Bres mac Eladan, éistid. E.
- Cethri fichit cóic cét cain
fail úad (ní bréc) do bliadnaib,
ó Charmein fo chísu cacht
co salm-gein Ísu iar ndóennacht.
- 85] A dó trichat ceithri cét
ó gein Críst, ní sóeb in sét,
co Crimthann ós Charmun cacht
co Pátric n-adbul n-étracht.
- Cóic ríg trichat cen tríst tair
do Lagnib ria Críst creitim:
90] a núall ós hÉrind roshaich
dít chúan chél-bind, a Charmain:
- Cóic ríg cóicat, sáethraig se,
do láechraid na Cristaide
95] ó Chrimthunn comdas na cned
co Diarmait dron-mas dúir-gen:
p.10
- Ocht maic Galaim, lín a slóg,
Dond, Hír, Eber, Herimón,
Amairgin, Colptha cen chrád,
100] Herech, Febria, is Erennán:
- Rop iatsin rátha ind óenaig
cech trátha fri trén-móidim,
oc tocht ind, oc tuidecht ass,
cen nach n-écraitius n-amnass.
- 105] Ó Thúaith Dé co claind Míled
ba dín roban is rígfher;
ó chlaind Míled, ba gním nglé,
ba dín co Pátric Machae.
- Nem, talam, grían, esca, is muir,
110] toirthe tíre ocus turscuir,
beóil, clúasa, súli, selbtha,
cossa, láma, láech-thengtha,
- Eich, claidib, carpait cáine,
gái, scéith is drecha dáine,
115] drucht, mess, daithen la duile,
lá 's adaig, tráig, trom-thuile.
- Doratsat sin uile n-óg
buidne Banba cen bith-brón
co ná beth fo chiabair chest
120] cech tress bliadain ar tairmesc.
- Doringset genti Góidel
ar menci fri mór-móidem
óenach cen cháin, cen chinaid,
cen gním áig ná essidain.
p.12
- 125] Lucht baistid Críst, ná celid,
caistid ris, dáig is demin
is mó dlegait tríst ar techt
ó Chríst is a Crístaidecht.
- Ríg ocus náim hÉrend and
130] im Phátric is im Chrimthand,
iat rothennfhastsat cach cath;
robennachsat in óenach.
- A nói re Túathaib Dé daith
ós brúachaib Carmuin chloth-maith,
135] cóica n-a trén-medón trait
ó Hérimón co Pátraic.
- A cóic cethri deich data
ar sreith óenaig allata,
ó Bresal bróenach cen brath
140] cosin n-óenach ndédenach.
- Ó Chrimthund in chrotha cain
co cath ard Ocha anbail
a nói raglana cen raind
la síl Labrada láech-maill.
- 145] Sé ríg déc, roderbaig dam
cech súi cech senchaid solam,
ó Charmun na cúan cróebach
dorat slúag 'sin slat-óenach.
- A hocht a Dothra dóinig,
150] slúag sochla fri sír-móidim,
gníset óenach cóir Carmain
fo glóir is fo glan-armaib.
p.14
- A dó déc cen rudra im raind
d' óenaigib urgna, atmaim,
155] do churi gríbda in gaiscid
on t-shíl rígda a ro-Maistin.
- A cóic a Fid Gaibli garg
fichset ós Charmun chloth-ard
óenach saidbir co srethaib,
160] co saidlib, co srian-echaib.
- Sessiur de Raigne réimnig,
de síl Bresail bric béimnig,
slúag find fri faglaib funid
ós grúad Charmain chét-guinig.
- 165] Pátric, Brigit imalle,
Cóemgen is Cholumcille,
iat is airthech ar cech slúag
ná rolaimther a marc-shlúag.
- Oenach na náeb, nert dia chur,
170] ar tús, is cert dia chorgud:
óenach ardríg f
[...]
s glain
issed bís ina degaid.
- Cluche ban Lagen iar ló
on t-shlúag ragel, ní rád ngó,
175] bantrocht nach bec mess immach
issé a céte in tress óenach.
- Lagsig, Fothairt, fota a mblad,
leó dar éis chota na mban:
is leó Lagin, lín a sét,
180] na dagfir dod
[...]
chomét.
p.16
- Ra rígdamnaib sruthi sund
in cóiced cluchi i Carmund:
slúaig enig hÉrend, mased,
dóib ra thrén-gell in sessed.
- 185] Fa deóid ra clannaib Condla
cluche Carmain dag-comga:
sech cech slúag sóer in sochur
ós cach róen is ríg-thorud.
- Secht cluchi, mar dámair dait,
190] issed forfhácaib Pátraic:
in cach lá ra sechtmain sain
ar bar serc-blaid sír-éistid. E.
- Donítís Lagin in sin
iar trebaib iar tellaigib,
195] ó Labraid longsech, lín slúag,
co Catháir comsech cleth-rúad.
- Nífarlaic Catháir Carmain
acht dia maicne mór-adbail;
'n-a tosach co saidbri sain
200] síl Rossa Failgi fégaid.
- Forud ríg Argatrois áin
for deis ríg Carmuin chóem-náir;
dia láim chlí cen daidbri nhdúail
forad ríg Gaibli géc-lúain.
- 205] Is lorg la síl Lugdach lóir
Láigsig maic Conaill chend-móir,
is Fothairt, nach taidli tart,
cen daidbri dia n-iarmoracht.
p.18
- Hi Kalaind Auguist cen ail
210] tiagtís ind cech tress blíadain;
agtís secht ngraifne im gním nglé
secht laithe na sechtmaine.
- And luaitís fri bága bil
certa ocus cána in cóicid,
215] cech recht ríagla co rogor
cech tress blíadna a chórogod.
- Ith, blicht, síth, sáma sona,
lína lána, lerthola,
fir ríglaich, co combáid cind
220] dirmaig forráin for hÉrind.
- Acra, tobuch frithir fíach,
écnach, écraite, anríad,
ní lamar la graifne in gáid
élúd aithne, athgabáil.
- 225] Cen dul fher i n-airecht mban
cen mná i n-airecht fer findglan
mad aithed and, nír' chlunter,
cid athfher cid athmunter.
- Cipó tí dar recht na ríg,
230] Benén co becht rabúan-scríb,
ná beth ar ás 'na fhine
acht a bás 'n-a bith-bine.
- Is iat a ada olla
stuic, cruitti, cuirn chróes-tholla,
235] cúisig, timpaig cen tríamna,
filid, ocus fáen-chlíara.
p.20
- Fian-shruth Find, fáth cen dochta,
togla, tána, tochmorca,
slisnige, is dúle feda,
240] áera, rúne romera.
- Ároisc roscada ríagail,
's tecusca fíra Fithail,
dubláidi dindshenchais dait,
tecusca Cairpri is Chormaic.
- 245] Na fessa im fheis truim Temra,
óenaige im óenach Emna,
annálad and, is fír so,
cach rand rorannad Héreo.
- Scél tellaig Temra, nach timm,
250] fis cech trichat in hÉrind,
banshenchas, buidne, bága,
bruidne, gessi, gabála.
- Deich-thimna Catháir chétaig
dia chlaind racháim ríg-métaig
255] foirb cech duine mar as dlecht
co mbet uile 'ca éistecht. E.
- Pípai, fidli, fir cengail,
cnámfhir ocus cuslennaig,
sluag étig engach égair,
260] béccaig ocus búridaig.
- Turcbait a fedma uile
do ríg Berba bruthmaire:
conérne in rí rán fri mess
ar cach dán a míad díles.
- 265] Aitte, oirgne, aidbse cheóil,
coimgne cinte cóem-cheneóil,
a réim ríg, rath dar Bregmag,
a chath is a chrúad-engnam.
p.22
- Is é sin scor ind óenaig
270] ón t-shlúag beóda bith-fóelid,
co tabar dóib ón chomdid
talam cona cóem-thorthib.
- G
[...]
Lagen iar ló
nóem in chotaig, ní clóen-ró,
275] ós rath-lind Charmain co cáid
affrind, slechtain, salm-gabáil.
- Troscud i fagmur, fofecht,
i Carmun uile i n-óen-fhecht
ra Lagnib, nach sam-therc sund,
280] ra anrecht, ra écomlund.
- Clérig, láeich Lagen ille,
mnái na ndagfher co ndemne
Dia rofitir mar rosdlig:
ria n-itgib ána éistid. E.
- 285] Oegidacht úa nDrona de,
ocus ech-thress Ossairge,
ocus núall fri crunnu sleg
ón t-shlúag sunnu, 's é a dered.
- Cid Firt Mesca atbermais de,
290] ní hespa ní hécraite,
is Sengarman fíar a fer,
is sund co cían roclaided.
- Cid uádib sin nogairthe
etir slúagaib samaigthe,
295] rosdlecht cen daidbri is rosdlig:
a Laigni na lecht éistid. E.
p.24
- Ráth ar fhichit, is búan blad,
i fail slúag fo tháth talman,
'sa lín railec cor-rablaid,
300] i fail sain-sherc saer-Charmain.
- Secht ndumai cen taidliud de
do cháiniud marb co mence,
secht maige tarmain cen tech
fo chluiche Charmain cháintech.
- 305] Trí marggaid 'sin tír treóraig,
marggad bíd, marggad beóchraid,
marggad mór na nGall ngrécach
i mbíd ór is ardd-étach.
- Fán na n-ech, fán na fuine,
310] fán na mban, dál fri druine,
fer do slúag
[...]
ngáirech
nísmáided nísimcháined.
- Fil ara nemdénam de
máile is meth is moch-léithe,
315] ríg cen géri, cen grinni,
cen fhéli cen fhírinni.
- Co se ba brígach bara
slúag línmar lis Labrada;
cach slúag nach saigthech bíd secc,
320] laimther ocus ní laimet.
- Fáilte ic slúag nemda na nóeb
dam, ic Dia delbda deg-chóem,
rí cor-rath-buidnib nosrig:
ri cach n-athchuingid éistid. E.
p.26