Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)
poem 16
Almu I
- Almu Lagen, les na Fían,
port ragnathaig Find fir-fhial,
dorala sund a slicht sain
inní d'atá Almu ar Almain.
- 5] Almu ainm ind fhir rosgab
re lind Nemid na nert-blad;
marb thall sin tilaig úane,
do thám opund oen-uaire.
- Almu rop alaind in ben
10] ben Nuadat móir mic Aiched
rachunig, ba fír in dál,
a ainm ar in cnocc comlán.
- Nuada drúi ba duni garg;
darónad leis dún dronard;
15] racomled leis almu i n-aill
don dún ule ar n-a thoraind.
- Oen-gel in dún, dremne drend,
mar nogabad áel h-Erend;
dond alamain tuc d'a thaig,
20] is de atá Almu ar Almain.
- Tadc mac Nuadat, nertaid gail,
drúi Cathair Moir cu mór-blaid,
dó rafhacaib a athair
Almuin cona h-ard-rathaib.
- 25] Ingen gnoach oc Tadg thrén,
darab ainm Murni mun-cháem;
rocunged o Chumull in ben;
rosérastar Tadc taeb-gel.
p.74
- Rasuc Cumull ar écin,
30] ingin Taidc, cer gním étig;
bliadain can chert is can chlód
do Murni ic Cumull chath-mór.
- Cíís Tadc cu trén-athach
re Cond calma cét-chathach,
35] ronimderg, adbul in t-olc,
ronglám, ba mór in mudocht.
- Focairther o Chund chalma
do Chumull facbáil Banba;
corchurset cath Cnucha thall,
40] co torchair re Cond Cumall.
- Nói tráth re cur in chatha
darónad fer in ratha
re hingin Taidc in táeib-gil,
darronad Find fír-fhennid.
- 45] Luid Murni ar marbad a fir,
cu ránic Almain n-oen-gil;
ba caintech cumthach rabáei;
nirbo dethbir don deg-mnái.
- Alaind bái in rígan cu rath,
50] ocus si tháeb-lán torrach;
rafhocair Tadc, mór in mod,
a marbad am-mudugod.
- Roraid Cond co nhgili glacc:
"Ba ferr lim co m-béra macc,
55] inund máthair cor-rathaib
do Chumall is do m'athair."
- Diultaider ic Taidc co trén;
do Murni ba domna dér;
ar nírlam a labrad,
60] am-milliud, nó am-moch-marbad.
p.76
- Dolluid co Temair find Fail
Murni muin-chaím cnis
[gap: extent: 2 syllables]
coroiarfaig do Chund can chol
a h-imthús a h-ordugod.
- 65] "Imthig-siu," ar Cond, "is ced lind
co Fiacail Fí mac Conchind
der-fiur Cumaill tall istaig
Bodmall B
[gap: extent: 5 syllables]
".
- Dolluid co Temraig Margi
70] Murni mun-chaim cu n-ardi;
Conla gilla Chuind can chol
ca
[gap: extent: 2 syllables]
d'a ordugod.
- Ba faelid ria in gilla grind
in Fiacail Bi mac Conchind,
75] ba fálid Bodmall cu becht,
ba faelid uile in t-airecht.
- Arsain rucad Find febda
rí na Fian, mór a menma;
nói mhbliadna fichet mod tend,
80] rop é rig-fhénnid h-Erend.
- Cungis Find ar Tadc na tor
íc Cumull móir do marbod
cath can chardi dó, can dáil,
nó comrac oen-fhir d'fhagbáil.
- 85] Tadc uair nir thualaing catha
i n-agaid ind fhir-fhlatha,
rofhacaib leis, ba lór dó,
mar robái uile Almó. A.
p.78