Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)
poem 15
Faffand
Fulartach (?) cecinit.
- Broccaid brogmar co n-gním gíall
do chiniud gorm-glan Galían,
dó ba mac Faifne in file,
ní gó taithme tiug-mire.
- 5] Ba hí máthair in maic maiss
Libir ind láthair lond-braiss;
ingen dóib in dían dírmach
ind Aige fhíal il-gnímach.
- Oll-mass in cethrur cáem cass;
10] ba clethchur sáer co sognass;
athair is máthair co n-áib,
ingen is bráthair bláth-cháin.
- Tucsat na siabra side
nír gním tiamda téithmire
15] delbsat i n-deilb láig allaid
Aigi sáir co serc-ballaib.
- Roshír h-Érinn or i n-or
re cach n-albín rúad rogor,
corchúardaig Banba m-brethaig
20] co calma fo chaém-chethair.
- Tarnic a gním is a gal,
fríth sund co sír a sernad;
tucsat i m-brianna i m-bine
fianna Meilgi Imlige.
p.68
- 25] De-sin atá Aige úar
for sruth in maige, mét snúad;
ó roscráided cen chuiscle,
rosdáiled ar dían-uisce.
- Sruith-lind sin cen bás co bráth,
30] snás dar Lifi co lond-gnáth;
mad t'aire13, ní tairm cen taig,
Aige a h-ainm in cach inbaid.
- Moslúi síar inna shide
in drúi dían in deg-fhile,
35] d' ainmed ríg Beirre co m-blaid,
Meilge maic Cobthaig cundail.
- Fúacrais ar in ríg co recht
anim is on i n-óen-fhecht,
's aithis fri sír-gail setbad
40] i n-dígail a deg-shethar.
- Dorochair in file féig
dind fhochaind amnais acbéil;
romairned co sír segma
ar ainmed ríg ro-Themra.
- 45] Rocúrad rosedlad se,
rodedlad fri doenmige;
for Faffaind na fían fergach
fúair grafaind dían díbergach.
p.70
- Rosgáid im ascaid andsin,
50] áitt im-masclaig in mílid;
combeth fria gairmgním n-guba
a ainm sír in sen-duma.
- Is eol dam fri tibri tra
aided Libri is Broccada;
55] ní h-amdarc in fáth dia fail
ráth in' roadnacht Broccaid.
p.72