Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem 6

Mide

Aed Úa Carthaig cecinit.
  1. Mide magen na marc mer,
    slige forsmbíd Art Oen-fher,
    lerg lán lainne Lugdech luid,
    clár clainne Chuind is Chobthaig.
  2. 5] Cid diatá Mide ar in maig,
    fine síl Chuind chét-chathaig?
    cia gass glúair garg, glan in mod,
    cia h-arg ó fúair ainmnigod?
  3. Mide mac bruthmar Bratha
    10] meic dirmannaig Deatha,
    co roatái tenid n-diamair
    ós chlaind Nemid nert-giallaig.
  4. Secht m-bliadna lána ar lassad
    don tenid, ba trén-assad10,
    15] corscáil gairge in tened trell
    tar cethri h-airde h-Érend.
  5. Conid ón tenid-sin tra,
    (ní banfót ní h-immarba)
    condlig a sír-chennach ind
    20] cach prím-thellach in Érind.
  6. Condlig a chomarba cain
    maige Midi medar-glain
    miach móeth-bleithe la muic find
    cacha h-óen-cleithe in Érind.

  7. p.44

  8. 25] Co roráidset, nír sním súail,
    drúide h-Érend i n-óen-úair,
    "Is mí-dé tucad dún tair,
    dorat mí-gné d' ar menmain."
  9. Corthinól Mide cen meth
    30] drúide h-Érend i n-óen-tech:
    co tall a tengtha, túar n-garg,
    a cendaib na n-drúad n-dron-ard.
  10. Co rosadnaicc fo thalmain
    Uisnig Midi mór-adbail,
    35] co n-dessid ar a tengthaib
    in prím-shúi 's a phrím-shenchaid.
  11. Gáine ingen Gumóir glain,
    muime Midi mid-chartchaig,
    ba ferr cach mnái, ciarbo thúi,
    40] ba sái ba fáith ba prím-drúi.
  12. Co n-erbairt Gáine co n-úaill
    re Mide cosin mór-búaid:
    "Is ós neoch rosníad ar tech
    conid deseo bías Uisnech."
  13. 45] Uisnech ocus Mide múad
    asngabar h-Ériu arm-rúad,
    feib adfét in suíde snas,
    is é sin a dind-senchas.
  14. Dín, a Dé, Aéd úa Carthaig
    50] ar iffern co méit anfaid:
    dia d' iráil a gréssa glé
    for ríg mid-charthach Mide.

  15. p.46