Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)
poem 2
Brug Na Bóinde I
Cináed Ua Hartacán cecinit.
- Án-sin a maig mic ind Óc,
fairsing do rót, rethaib cét:
forolgais mór flathe fír
d' aicme cech ríg immotrét.
- 5] Rotbrecai cach n-ingnad n-án
a chlár find-glan, fichtib slúag,
a thir férach fénach féig,
a iath n-énach n-indsech n-úag.
- Tech mic ind Óc ós do dind,
10] rígda fót fri féle find:
taircet éim ós do lind duind
géill a sídib Érend ind.
- Ingen Foraind fort lár luind,
cáin mál, ba molbthach in mind:
15] furri rolád in tor thall:
ní gann in nath2 ós a cind.
- At-chíu lind find Féic na Fían
frit aniar, ní timm in gním,
20] co lá brátha, brígach bág,
meraid hi fán rátha ríg.
- Lánamain contuiled sund
iar cath Maige Tuired thall:
in ben mór, in Dagda donn:
ní duaichnid a n adba ann.
p.12
- 25] Lecht in Máthai iarna guin
léir fort a Bruig, breccas graig:
is é a chnáim rochorbai in muir,
diatá Inber Colptha cain.
- Sechi bó Boadain buain
30] ós grúaid a liac budi báin:
Termond ua Fían fedil féig
im réid airthir nemid náir.
- Hi Fertai na Fáilenn fand,
is and romaíded in glond:
35] mór in gním n-úalle dorind
écht Find for féin Lúagne lond.
- Génair inneot mellach mac
Cellach roslat leirg for lorc;
ba túalnge trebe, rotchacht,
40] conappad éc n-úalle fort.
- A barc brainech na tor tromm,
tatbig trethan-tonn do dind:
otha Chrimthainn Niad co Niall
ba tu relec na fian find.
- 45] Fintan Feradach fecht fland
rothecht do thalmain in trom:
Tuathal Techtmar, triath ar cland,
foluing do land lechtach lom.
p.14
- Fedelmed Rechtach it rím,
50] ba gein gleccach fri cech tóir;
nídat écruthach hit tír3,
focheil Conn cét-chathach cóir.
- Ní thoracht Art, aidble uird:
immanaigtís luirg ar leirg:
55] rogab lige n-uachail n-ard
arg na láech i Luachair Deirg.
- Ní thoracht Cormac cen lén:
déad na fírinne, rodfír,
rogab fos ós Bóind báin
60] forsin tráig ic Ros na Ríg.
- Cairpre Lifechair fort lár:
Fiachu Sraptine rán réil:
Muiredach Tírech din Brí:
in rí Eochu athair Néil.
- 65] Ní thoracht Niall, nuall nad gó;
dirsan dó in rian rorá,
iar n-dul co h-Elpa fo secht
ro fes a lecht áit itá.
- Iarsin tánic cretem glan
70] for Mag Fáil, bés nirbo rom,
co fail cách i reilcib noém
dia scarad fri cloén fri col.
p.16
- Focheil cúane calma cáin
a mag mic in Dagda déin:
75] ná dernsat adrad Dé móir
andso dóib hitát hi péin.
- Iatsom dimbúan, tussu búan,
immotréide cech slúag slán:
iatsom dosrogáeth a n-gáes,
80] tussu fogéba áes n-án.
- Bóand bale roglas réil
Mana sechut la Séil sláin
cenn indais ui úabrig úaib
Senbic a túaim immais áin. Án-s.
- 85] Congalach col-lí cond fían,
dían a buille, dond a dál:
is búale rán-tor co rian,
is cúane n-ard-chon, is án. Án-s.
p.18