Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem 1


p.2

Rath Esa

  1. Sund dessid domunemar,
    iar tíchtain bruthmar báire,
    ingen Echdach Aireman
    ocus Étáine áine.
  2. 5] Esa ainm na h-ingine;
    is di atá Ráth Esa;
    cét cech míl cen timdibe
    tucad lé, ba búaid m-bésa.
  3. Midir dalta in find-ben-sin
    10] fri h-ól fína ocus meda;
    nói m-bliadna dond ingin-sin
    i m-Brí Léith, láthar nena.
  4. Tar cend Echdach Aireman
    ruc Midir Étáin n-ólaig
    15] a Fremaind, ciarb aire-glan,
    co farcaib Banbai m-brónaig.
  5. As-bert Codal crín-chossach:
    "Ní écen dúib a fochmarc;
    i m-Brí Leith ar fír-thossach;
    20] é leth luidi for tochmarc."
  6. La tóeb Echdach Aireman
    lotar slúaig Érend áine
    a Fremaind, ciarb aire-glan,
    do thogail Brí Léith láine.

  7. p.4

  8. 25] Nói m-bliadna 'con togail-sin,
    nírbo romór a h-oibne;
    Midir ocond fholaim-sin,
    oc admilliud na h-oipre.
  9. Iar togail in t-shída-sin
    30] doluid cóica fer fuilngech,
    (ropo delbda in díne-sin)
    d'acallaim na ríg ruibnech.
  10. Tuctha and dia cétáine
    (ba scél n-irdairc rochúala)
    35] do Echdaig i richt Étáine
    tri cóicait ban, bríg búada.
  11. Is díb-sin doróega-seom,
    a ingin fír-glain fessin;
    ba gó aní romáide-seom,
    40] conid sí dál forsndessid.
  12. 'S í sin ruc Meiss m-Buachalla
    máthair Conaire chélig;
    ba dál amnas uachalla:
    roselt for slúag n-ard n-Ébir.
  13. 45] Dia luid Eochaid atherruch
    do thogail Brí Léith láine
    tuc a mnái iar n-athelluch
    ó Midir, monur n-áine.
  14. Is andsin dorimgart-seom
    50] a eneclaind for Midir
    Eochaid fírén find-balc-som,
    conosruc iar n-dáil dligid.

  15. p.6

  16. Is é-so in cetharda
    doróegai Eochaid Airem,
    55] co n-ilur drong decharda
    co lín scíath ocus claideb.
  17. Tóchur for móin Lámraigi,
    fid for Brefni co feochra,
    dichlochad más már-Midi,
    60] ocus luachair for Tethba.
  18. "A ingen domimgair-se"
    ar Eochaid "ráid 'sind úair-se
    ca dindgna dom dindgnaib-se
    cosnotidnastar úaim-se."
  19. 65] Is andsin doróega-si
    Ráith n-Ésa, fál fri find-blai,
    suide asa saílfed-si
    asnaccad na tri dindgnai.
  20. Síd in Broga belgaig-se,
    70] in tress dindgna cóir cétach,
    Duma n-Giall is' Temraig-se,
    Dún cáin Crimthaind i n-Étar.
  21. Is andsin doridnacht-si
    ó Echdaig, rád cen fhulla,
    75] co cach neoch dorimgart-si,
    co n-ilur a sét sunda.
  22. Midir iar cúl mithisi
    doluid imon dáil n-détla
    co Echdaig doridisi,
    80] imon caingin cóir cétna.

  23. p.8

  24. Gáid Midir in find-bile
    'mo les n-dían 'mondernta1
    Sigmall mac a ingine,
    fail i Síd noithech Nennta.
  25. 85] Ogniad ainm a máthar-som,
    ingen-side do Midir;
    nochon olc a láthar-som
    cen descin cirt ná dligid.
  26. Rucad Étáin aire-glan
    90] siar, ciarbo tolcda in tustiu,
    la cend Echdach Aireman,
    co m-bói i Síd Nenta iar n-usciu.
  27. Atá thiar in slóg-drongach
    oc Sigmall, síd cen fhulla,
    95] oc úa Midir mór-glonnach,
    ocus ní thoracht sunda.

  28. p.10