Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem 6

Achall

  1. Achall araicci Temair,
    roscarsat óic a hEmain;
    rocáined in tan atbath
    ainder gel Glain meic Carbad.
  2. 5] Ingen Chairpri dorochair,
    ingen d'Feidlim nói-chruthaig,
    do chumaid Eirc, erctha raind,
    góita i ndígail Conchulaind.
  3. Conall Cernach tuc cend Eirc
    10] dochum Temrach im thráth teirt;
    is trúag gním dorigned de,
    brissed cridi úair Aichle. A.
  4. Duma Find, Duma na nDrúad,
    Duma Créidne, grúad fri grúad,
    1] Duma 'ma ndernad gleicc glé
    Duma nEirc, Duma nAichle. A.
  5. Táncatar mathe Ulad
    im Chonchobar na curad;
    rofhersat graffaind ngil nglain
    20] d'Achaill araicci Temair. A.
  6. a Duma nEirc, ní haicde cress,
    'sin druim fri Temraig aness,
    Erc, is and tánic a ré,
    derbráthair álaind Aichle. A.1

  7. p.48

  8. 25] f Bráthir Find a hAlind úair,
    is Ailill a Cruachain chrúaid,
    Cairpre Niad a Temraig thall,
    diarbo hingen fhíal Achall.
  9. b Duma na nDrúad, fris aness
    30] Temair na ríg, in ríg-less,
    fri Temraig anair anall
    is and-sin atbath Achall.
  10. g 'S andsin roadnacht in ben,
    ingen aird-ríg na nGáedel,
    35] roclaided di in ráth-sa thall,
    and fúair a baided Achall.
  11. h Sé mná 's ferr robói ar bith-ché,
    tar éis Maire máthar Dé,
    Medb Sadb Sarait, ségda rand,
    40] Erc is Emer is Achall.
  12. d Óclach do Chairpre Nia Fer
    Eochu garb gérait Gáedel
    tarmairt co mbeth ní dia chlaind
    frisinn ingin, fri Achaill.
  13. 45] e Dobiur teist suaichnid iarsin
    for ingin Chairpri chrichid,
    ná fríth a húair tháidi thall;
    sech óc-mnáib áille Achall.
  14. p Guidmi mac Dé, dorat meirg
    50] tar Meidb leth-deirg tar Meidb ndeirg
    tar Saidb tar Sarait tar Faind
    tar Gairb tar Eirc tar Achaill, A.

  15. p.50

  16. q Co raib inad for nim nár
    do Chináed úa Artacán;
    55] rofitir rind-chert cech raind;
    is é ic imthecht i nAchaill. A.
  17. c Noco tart ar thalmain traig
    bad fherr im búar nó im graig;
    no co r'alt i Temraig thall
    60] ben bad fherr indá Achall. A.
  18. i A gillai geib m'ech it láim,
    na tí nech do m'imfhorráin;
    Gáidil for creich ocus Gaill;
    it lúatha a n-eich tar Achaill. A.

  19. 65] k In t-inad atáit ar n-eich,
    robói caill trít ar cech leith;
    tír ind écis Maine maill,
    nogairthe de ria nAchaill. A.
  20. l Maraid ráth Chonaire chain,
    70] maraid ráth Chairpri chrichid;
    ní mair Essa siu nó thall,
    ní mair Erc, ní mair Achall. A.
  21. m Fogartach robói i nDind Ríg,
    ba flaith Fodla co find-gním,
    75] fetatar Gáedil is Gaill
    guss in óen-fhir i nAchaill. A.
  22. n Súairc in dremm dedgair data,
    cland Chernaig meic Diarmata;
    gegnatar cúana cose
    80] im tháebu úara Aichle. A.

  23. p.52

  24. o Amlaib Átha Cliath cétaig
    rogab rígi i mBeind Etair;
    tallus lúag mo dúane de,
    ech d'echaib ána Aichle. A.
  25. 85] Tánic co Temraig na ríg
    Colum Cille cen imsním;
    cumdaigther leis eclais ann
    'sin chnoc-sa a radnacht Achall. A.