Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem 2

Temair II

  1. Ní cheil maissi dona mnáib
    Temair cen taissi ar tócbáil;
    fúair ingen Lugdach 'n a láim,
    tul-mag bad líach do lot-báig.
  2. 5] Ellom rogáid ben Géde
    for a céle, rochúala,
    dindgna dath-glan, dréim n-áine,
    ba hathlam áine im úaga.
  3. Árus ba dún ba dindgna,
    10] ba cádus, múr cen mannur,
    forsmbiad lecht Tea iar tuinnem,
    combad fhuilled fria hallud.
  4. Robói ic Erimón umal
    ben i ngle-medón gemel;
    15] ruc uad cach roga romer;
    atnóimed cech ní atbered.
  5. Brega Tea, treb tuilltech,
    rocluinter úair ba haird-ben,
    fert fosfail in mór mergech,
    20] in róm relgech ná rairged.
  6. Ingen Foraind co lín argg,
    Tephi rolaind, lúaded leirg,
    rochum cathraig, croda in chuird,
    dia luirg rostorna is dia deilg.

  7. p.8

  8. 25] Dorat ainm dia cathraig cáim
    in ben co n-áib rathmair ríg;
    Múr Tephi frisíoirged dáil,
    asnoirged cen gráin cech ngním.
  9. clethi in rún ria ráda,
    30] múr thair Tephi, rochúala;
    fúisain sund, cen dúal dígna,
    cumsat mór rígna rúama.
  10. Fat lethet tige Tephi,
    cen trethi midit súthi,
    35] sesca traiged cen tláthi,
    confégsat fáthi is drúthi.
  11. Atchúala i n-Espáin uillig
    ingin lesc-báin láech-buillig,
    cin ó Bachtir mac Buírig;
    40] dosfuc Camsón cáem-chuingid.
  12. Tephi a hainm ó cech gérad;
    mairg forsmélad a múrad!
    ráth sescat traiged tólach
    leo dorónad dia rúnad.
  13. 45] Nístuc rí Bregoin cen brón,
    ciarbo debaid la Camsón,
    combeth a haisec dia hón,
    cid mór cid mín cid marb-són.

  14. p.10

  15. Erlam Camsóin, ní clethe,
    50] Etherún, ba herchrede,/l[gt ]
    is slúag na nglas-derc nglethe
    úad fri tassec trén-Tephe.
  16. Ec trúag Tephe tánic túaid,
    nír gním clethe fri hóen-úair,
    55] Camsón ro léic luing cen lúaig
    lé dar tuind sáili sóeb-úair.
  17. Roscart bár Bretan ó'n brúch,
    ar ba hetal Etherún,
    co marblaig fria mess 'sin múr
    60] tess forstarblaig Tephi-rún.
  18. Is fon samla-sin sunna
    gníth co calma a cét-chuma
    Temrach, cen táidlius trumma,
    ar áibnius, ar étrumma.
  19. 65] Temair cech n-ard cech n-irgna
    forsmbít sosta so-dindgna;
    Temair cech mbennach mbirda,
    acht mad Emain airirgna.
  20. Temair tuathi ocus tigi
    70] cen luathi cen laech-miri,
    mathair anai cech fhini,
    co nosbrathaig baeth-bini.

  21. p.12

  22. Ba targa triath ocus tor,
    ba hadba niath, níth co neim;
    75] Temair cen taissi cen tráig
    a maissi do mnáib ní cheil. D.

  23. p.14