Corpus of Electronic Texts Edition
Die fünfzehn Namen des Boyne (Author: Unknown)
p.105
A écsiu Fáil, fégam sein,
dénam dáil náchandubaig,
samlam ann-óge uili
anmann Bóinne Bregmaige.
p.106
Cóic anmand déc tre blaid m-binn
fil d'anmanaib for Bóinn,
ó Síth Nechtain, níth im gail,
co pardus n-úasal n-Ádaim.
Segais a h-ainm isin síd
intan failsigthir íar fír,
Sruth Segsa ótá síd somma
co Linn Mocóe Nóemdroma.
Dá n-ainm fuirre ó sin immach
i l-Laignib na laechmarcach:
Rig Mná Núadat, ní lúad lac,
ocus Colpa Mná Núadat.
Bóänd i m-Mide na mál,
dá n-ainm fuirri ó sein co sál:
Mórchuing Argait, h-úaisle de,
ocus Smir find Feidelme.
Trethnach tonn co Cúalngne h-úass cath,
Sruth Findchuill co Loch n-Echach,
galla a nem re gail n-glúair n-gil,
Banna íar sin co Túaig inbir.
Lunann i n-Alpain cen ail,
sruth Sabrann i Saxanaib,
sruth Tibir i r-Róim na recht,
dligid co cóir comaitecht.
Sruth n-ard n-Eordanán, ní cél,
hi tírib mac n-Israél,
Tigir a h-ainm íar n-astar
hi pardus na prímapstal.
Ropond1 béo for deis mic Dé
íar n-étsecht, íar n-essérge,
is hé ro-fargní, ro-fes,
iss é ardrí na n-éces.A hécsiu F.