Corpus of Electronic Texts Edition
The genealogy of Corca Laidhe (Author: Unknown)

section 2

Genealach

Corco Laidhi andso do thús

Lughaidh Laighi, a quo Corco Laighi, mac sidhein Dairi Sirdhrechtaigh. Ainm aile do Sein-Lughaidh. Mac dó Lughaidh aili, .i. Maccon, acus do ba Lughaidh ainm Dairi má's fír do dhroing do na fileadhaibh beos. Maicniadh gnath ainm Luighdheach Laighi. Mac oiredga ac Mac Con .i. Maicniadh. Clann mhaith ac Maicniadh .i. Aenghus Gaifuileach a quo h-Ua Etersceoil; acus Duach a quo h-Ua Cobhthaich; acus Fiachra, a quo h-Ua Floind Arda.


p.10

Trí meic aili dó na Trí Fothaidh .i. Fothadh Airctheach, acus Fothadh Cairptheach, acus Fothadh Canand. Trí meic aili dó acus is do ro bo clann trí meic Aencherda Berra acus Findchaemh inghen Ronáin a máthair, acus do Cheardraidh Theamhrach don cherd 'sa seilbh ar a robhadar t-seilbh ar tús. Glas acus Ger acus Gubha a n-anmanda.