Corpus of Electronic Texts Edition
Genealogies from Rawlinson B 502 (Author: unknown)

Section 15

MÍNIGUD SENCHAIS ÉBIR INSO.

¶1044] Éber a quo dicitur Hibernia ut alii putant .v. filios habuit et nullus ex eis genuit prolem nisi unus id est Conmáel. Hii sunt qui non habuerunt prolem id est: h- Ér, Orbba, Ferón, Fergna et regnum Hiberniae per annum tantum tenerunt. Vel per .vi. menses et alii dicunt alios .v. filios habuit id est: Cauor, Cappa, Coronn, Ethor, Airb, Airr.

¶1045] Mater eorum primorum filiorum filia Militis fuit amita id est soror patris eorum quae Díl uocabatur et quae mersa est cum duce id est Donn et qui mersus est in occiano id est oc Tig Duind iar n- Érind.

¶1046] Conmáel autem qui habuit prolem occidit filium Iaréith profetae h-Etherél nomine et postea per spatium .xx. annorum regnauit Hiberniam.

¶1047] Mc didiu don Chonmáel-sin Eochaid Fáeburglas. Is é ro marb Chermna inna dún.

¶1048] Dá mc la h-Eochaid Fáebuir .i. Nuadu Déclám & Mamfemis. Ónd Nuadait sunt Síl n-Ébir.

¶1049] Mamfemis a quo Momo a quo dicitur Mumu. Eocho Garb .i. Eocho Momo.


p.187

¶1050] Mugáeth Mórólach immorru m. Ma Femis is é robo mó ool do lind ro báe inna aimsir. Is dó ropo ingen ben Fiachach Labrinne máthair Óengusa Ólmugáetha.

¶1051] Énna Airgdech m. Echach Momoo ní h- airdircc a chlann má ro fhácaib.

¶1052] Clanna Nuadat na ríg immorro ro gabsat h- Érinn & dia chlaind na h-Éoganachta h- uile.

¶1053] Aildergdóit m. Muinemóin m. Cais Chlothaig m. Airir Ardda m. Rothechtada m. Rossa m. Glais m. Nuadat Décláim m. Echdach Fáebuir m. Conmáel m. Ébir. Aildergdóit is leis ar thús do-rónait failge óir im dóitib i nh-Érind. Muinemón is leis do-rónta ar thús muine óir fo brágtib i nh- Érind.

¶1054] Trícha ríg do Síl Ébir for h-Érind ria Mug Nuadat. It é inso a n-anmann:

  1. Conmáel (.xxx. bliadain)
  2. Eochu a mc (.iii. bliadna)
  3. Eochu Momo, (.xxi. b.)
  4. Énna Airgdech (.xv. b.)
  5. Muinemón (.v. b.)
  6. Rothechtaid (.x. b.)
  7. Éllim Ollfhínsnechta (áenb.)
  8. Artt Infig (.xvi. b.)
  9. Breisse Ríi (.ix. b.)
  10. Sétna Innarraid (.xx.)
  11. Duach Find (.x. b.)
  12. Énna a mc (.xii.)
  13. Lugaid Iardond (.ix. b.)

  14. p.188

  15. Eochu Uarchés (.xx. b.)
  16. Lugaid (.uiii. b.)
  17. Artt a mc (.ui. b.)
  18. Ailill Find (.xi. b.)
  19. Eochu a mc (.uii. b.)
  20. Lugaid Láide (.uii. b.)
  21. Rechtaid Rigderg (.xx. b.)
  22. Mug Corp(.uii.)
  23. Fer Corp (.xi. b.)
  24. Amadair (.xvii. b.)
  25. Nia Segamain (.uii. bliadna
  26. Intait Már
  27. Duach Dalta Dedaid.

¶1055] Duach Dalta Dedaid mc Sin do Érnaib do-rochair la Fachtna Fáthach di Ultaib. Ó do-rochair Duach la h-Ultu ro firmiset Érnai & Síl n- Éremóin for Eochaid Fermid m. n-Duach .i. fer ro-fuirmed. Ro gabsatar Érnai nert for Síl n- Ébir coro gaib Iair m. Dedaid rígi Muman & a bráthair .i. Dáire ocus Ross et Binni et Foroí etGlas et Conganchnes.

¶1056] Ro innarbtha clann Duach i n-iarthur Muman. Gabais Dáre m. Dedaid ríge co n-érbailt dia ruc a ingen in mc quia magus dixit ad se: ‘quando peperit filia tua filium tunc uidebis mortem’, &rl. Ro báe dano comét leissium ar inn ingin & araíde ro-s-toirrchestar quidam uir nobilis vel magus ille qui profetauit profetiam nó Óengus mc ind Óc dia luid tria mesca asa d-dún.


p.189

¶1057] Co ragbatar magii fora broind noí m- bliadna .i. noí mís fo noí, co rucad in mc iarum .i. Noíndiu Noíbrethach .i. noí m-bretha ro-huc iarna gein fochétóir. Is amlaid ro-génair co trilis fuit dá lám & co tinás ulcha fair & is h-é in tres mc ro labair iarna gein fochétóir. Morann m. Móen & Aí mc Olloman inna dó aili. Marb trá Dáre m. Dedaid in tan ro-d-huc a ingen.

¶1058] Gabais Éogan m. Iair m. Dedaid rígi co torchair la h-Énna Munchaín m. Lóich m. Ma Femis.

{facsimile page & column 147b}

¶1059] Gabais Énna rígi conid-ro-marb Cú Ruí ut alii dicunt. Na cóicedaig post.

¶1060] Etarscéla Mór i Temair co torchair la Nuadait Necht i n-Alind.

¶1061] Gabais Conaire Már i m-Mumain & do- rochair Nuadu Necht leis i cath Cliach.

¶1062] Ba rí dano Carpre mc Conaire.

¶1063] Ba rí dano Dáire Dornmár m. Cairpri & Cairpre Crommchenn a mc.

¶1064] Is í seo immorru aimser na cóicedach.


p.190

¶1065] Forbrí m. Fini i m-Mumain, ocus Lugaid Alludach, acus Sanb mc Ceitt m. Mágach a Connachta, ocus Éllim m. Condrach for Ultu, Eochu Ánchenn for Laigniu.

¶1066] Ba rí dano Eochu Ilchrothach .i. Mug Láma h-i tardud usci dar láma ríg Laigen ro báe.

¶1067] Ba rí Sraibcenn co toracht Dergtheine m. Énnae Munchaín.

¶1068] Dáre & Dergthene h-i comflaith .i. Síl Lugdach & Síl n-Ébir amal bíti do grés acht is uaisliu Síl n- Ébir; nó is h-é Dárfine ro báe i n-agid Deirgthene .i. Érnai & Dáirfhine do rád friu-side ó Dáre m. Dedaid a patre Con Ruí & ní Corco Laígde ut alii putant. Ar is ó h-Érnaib cech dara rí aness co Conaire mc Moga Láma & ó Dergthene in rí aile et at-berat na eolaig conid do clainn Dedaid do Mac Con .i. Mac Con m. Luigdech mc Dáre Sírchréchtaich.

¶1069] Ba rí dano Muman & ba rí h- Érenn Conaire Cáem.

¶1070] Ocus ba rí dano Mug Néit & Mug Nuadat a quo Leth Moga Nuadat i comflaith & Cond Cétchathach co torchair la Conn i m-Maig Léna.

¶1071] Éogan Taídlech .i. Mog Nuadat .i. dalta do Nuadait m. Dárfhine m. Bairr, dia m-baí oc dénam a rátha is aire ro gaired de-seom Mog.

¶1072] Ailill Aulomm a mc is h-é ro gab Áine ingen Fir h-Ii m. Éogabuil coro ben a chluais de unde dicitur Aulomm.


p.191

¶1073] Is h-í trá Clann Ébir fo h- Érind .i. Dál Caiss & Dál Céin & Delbna & Déisse in tuaiscirt & Dál Mess Corb ut alii aiunt & Dál Máthra & Úi Derduib & Cathrae & h-Éile & Tuath Turbi, Eoganacht Caisil et Éoganacht Áine et Éoganacht Locha Léin & Éoganacht Rathlind & Éoganacht Glenndamnach & Éoganacht Árann & Éoganacht Rois Argait.


p.192

INCIPIT DE GENELOGIA SÍL ÉBIR.

¶1074] Imprudens Scottorum genus rerum suarum obliuiscens acta quasi inaudita siue nullo modo facta uendicat quoniam minus tribuere litteris aliquid operum suorum praecurat & ob hoc genelogias Scottigenae litteris tribuam, primo gentis h- Éremóin, secundo gentis Ébir, tertio h-Ír, quarto Lugdach m. Ítha.

¶1075] Dá mc for-fácaib Mug Nuadat: Ailill Aulomm & Lugaid Lága.

¶1076] Noí mc déc oc Ailill Aulomm .i. Éogan Mór, Cormac Cass, Tidell, Mercón, Mac Corb, Cian, Conall (Hii sunt septem filii Saidbi ingine Cuind Chétchathaig), h-Uilenn, Errind (nó Malleón), Tigernach, Mathrach,


p.193

Mac Coll, Mac Malleón, Corrb & Chrochaini, Eochaid Fráech Irrind, Eochaid Orainech, Eochaid Baí nó Dímóna, Eochaid Tóebfhota. Díbaidi uili trá i Cath Muccrima & crínais a clann acht triar .i. Éogan Már a quo Éoganachta, Cian a quo Ciannachta, Cormac a quo Dál Cais .i. in Déis.

¶1077] De quibus dicitur:

  1. Clann Ailella Auluimb uill
    ós daigerbla dechardruing,
    ba h-é a l-lín co n-glórmud glan (nó gel)
    dá nónbur ocus óenfer.
  2. Secht meic Saidbi slointi lat
    co n-gleicc glanbda gelcharat
    dindgili druing dedlaid graig
    ingin Cuind Cétchathaig.
  3. A n-anmand cen mertbrón m-borb
    Tidell, Mercón is Mac Corb
    Éogan ro triall togall tlacht,
    Cian, Conall Cas is Cormac.
  4. A dó dá cóic iarom ann
    fosit fri fianmod Frémann,
    co n-gnáthbrethaib ocus gail
    ó máithrechaib écsamlaib.
  5. h-Uilenn, h-Errind athgniad oll,
    Tigernach, Mathrach, Mac Coll,
    Mac Malleón ba tolgtha tlí
    Corbba ocus Crocháni(?).

  6. p.194

  7. Cethri Echdaich aidbli ág
    fri srethblaid ocus sográd;
    ós Chlíu co tadgbríg a treb
    ba fíu ardríg cach óenf(er).
  8. {facsimile page & column 148a}
  9. Eochu Fróech ba cadla gné,
    Eochu amra Oraine;
    Eochu Baí bladach ba bá
    Eochu tagach Tóebfhota.
  10. Díbdaidi a clann aichre alt
    acht Éogan, Cian is Cormac;
    nírb fhann fri glanella uill
    a chlann Ailella Auluimb.

    Clann.


p.195