¶723] h-Éremón trá cethri mc leis .i. Muimni & Luigni & Láigni & Iarél Fáith a sósar. At-berat araili sé m. aili oca .i. Aan, Edenn, Áine, Cathiar, Cacher, Cerna, & ní fárcgaib nech díb claind acht Iarél Fáith. Mc dó-side Ethrél m. Iaréoil.
¶724] Dá mc la suide .i. Foliach & Follach a quo Tigernmas m. Follaig.
¶725] Dá mc dano la Tigernmas: Smretho & Smirgoll a quo Fiacho Labraind.
¶726] Dén & Demál dá mc Rothechtada m. Móen m. Óengusa Ólmuccada m. Fiachach Labrinne m. Smirguill mc Enbotha m. Tigernmais m. Follaig.
¶727] Áedán Glas & Én Dub & Cú Oiss trí mc airegda Nuad Find Fáil m. Giallchada m. Ailella Oalchlóen m. Sírnae Sírsáeglaich m. Déin m. Rothechtada. Én Dub díbad.
¶728] Muiridach Bolgrach m. Símóin Bricc m. Áedáin Glais dá m. leis: Fiachu Tolgrach et Duach Temra.
¶729] Úgaine Mór & Badbchad dá m. Echach Buadaig m. Ladcrai m. Fiachach Tolgraich. Úgaine Már dá m. ar fichit leis & ní fárgaib nech díb clainn acht duo tantum .i. Láegaire Lorc senathair Laigen & Cobthach Cáel Breg senathair Óengusa Tuirmich Temra.
¶730] Eochaid Altlethan m. Ailella Casfiaclaich m. Conlaíd m. Irero m. Meilge m. Cobthaich Coíl Breg.
¶731] Óengus Turbech et
Láebchor & Etarscéla Temrach .i. athair
athair Conaill Collomrach.
¶732] Óengus Turbech dá mc airegda leis .i. Fiachu Fer Mara sen Síl Chonaire i m- Mumain & Fer n-Alban & Dáil Riata & Dáil Fiatac la h-Ultu; ocus Énna Aignech senathair Echach Feidlig.
¶733] Rogen mc Essamna Emna m. Bláith mc Labrada m. Énnai Aignich, dá mc
¶734] Eochu Feidlech & Eochu Airem dá mc Find mc Findloga.
¶735] Eochu Feidlech trí mc leis .i. Bress & Nár & Lothor & sé ingena.
¶736] Óenmc lasna trí Finnaib Emna .i. Lugaid Riab n-Derg.
¶737] Óenmc la Lugaid .i. Crimthann Nia Náire.
¶738] Tuathal Techtmar m. Fiachach Findfolaid mc Feradaig Fechtnaig mc Crimthainn Niad Náire mc Lugdach Riab n-Derg. Dá mc airegda leis .i. Fiachu Már & Feideilmid Rechtaid.
¶739] Feideilmid Rechtaid secht mc leis i. Conn Cétchathach a quo Leth Cuind et Cóel et Crinna et Croissína & Eochaid Find Fuath n-Airt a quo Fothairt de quibus Brigit, Fiachu Suigdi a quo na Déissi, Fiachu Roída a quo Corco Roíde.
¶740] Trí m. dano la Conn Cétchathach .i. Condla Cáem, Crinna & Artt Óenfer.
¶741] Óenmc oc Artt .i. Cormac.
¶742] Cethri mc Cormaic .i. Cairpre & Muiredach, Cellach & Dáre.
¶743] Trí m. Cairpre: Eochuid & Eochu Domplén a quo sunt na h-Airgialla.
¶744] Trí m. Echach Dompliúin .i. na trí Collai .i. Colla Mend & Colla Fochrí & Colla Uais. Áed & Muiredach & Cairell a n- anmann riasiu no marbtais bráthair a n-athar .i. Fiachaich Sraiptine i cath Duib Chommair &rl.
¶745] Dá mc Fiachach Sraptine: Muiredach Tírech & Domnall sen Úa Maine.{facsimile page & column 138a}
- Trí meic Cuindcrichid a r- reb
Condla, CrinnaCrinna, Artt Óenfher;
óenmac Airtt Cormac is glé
ad trí ó Cormac im Chairpre.- Trí meic Cairpri nocho chél
Eochuid is Eocho Domplén,
Fiachu Sraiptine co rath
ro marbsat trí meic Echdach.- Trí meic Echachard a m- blad
na trí Collai at-chualamar:
Colla Mend is Colla Fo Chrí
is Colla h-Uais a n-ardrí.
- Is éol dam anmann in trír
riasiu no marbtais ind ríg,
inna tír thuiredach threll
Áed, Muiredach is Cairell.- Cairell Colla Uais in rí,
Muiredach Colla Fo Chrí,
Áed Colla Mendmín a blad
trén ra cach tenn in triär.T.
¶746] Óenmc Muiredaich Thírig .i. Eochu Mugmedón.
¶747] Cóic mc la h-Eochaid Mugmedón .i. Niall a quo Úi Néill tuaiscirt & deiscirt, Brian a quo Úi Briúin & Síl Muredaich, Fiachra Foltsnáithech a quo Úi Fiachrach, Ailill, Fergus Cáechán.
¶748] Eochu Mugmedón rí h-Érenn ro iarfacht dia druíd cia bad rí dia macaib. Is ann at-bert Sithchenn druí Temra, Ní fiastar, arse, aní- sin coro loiscther cerdcha forru, & ro loisced in cerdcha. Is ann ro gab Brian in sinser in carpat cona h-uilib eissib. Ro gab Fiachna in taulchoma fína. Ro gab Ailill na h-armu h-uile. Ro gab Niall airnissi in gobann uili eter bulgu & urddu & tenchoir & indéoin cona cip. Is fír, ar in druí. Niall do fortamlus, Fiachra do bar n-innarrad, Brian do bar m- brethaib, Ailill do bar cathróeb, Fergus Cáechán do bar n-dígail.
- Is la Fiachna ól corma,
is la Ailill a forba,
is la Brian a dul don chath,
is la Niall int inarrad.
¶749] Is é immorro timna Néill: Mo flaith do Chonall; mo ordan do Chrimthann; mo gaisced do Éogan; mo chrícha do Chairpriu; mo maisse do Énno; mo daithi & mo elgnus do Fhiachaich; mo chruth & mo chocad do Láegaire; mo eich & mo charpait & mo báede do Maine.
¶750] De quibus dicitur hoc carmen. Niall cecinit:
- Mo flaith do Chonall cét cerd;
mo gaisced d' Éogan armderg;
mo chrícha do Chairpriu chain;
m'amainsi d'Énno inmain.- Mo charpait, m'eich uili n-óg
no-s-aithnim do Maine mór;
aithnim m'elgnatus uili
d'Fhiachaich ind fhuilt findbuidi.
- Mo chocad mo chrud cruadach
do Láegaire lonnbuadach;
mo buar do Chrimthand cét cles
dianid sóinmech sét sairdes.- Mo briathar rissin uile
dia síl triathach cia taire,
co m-bet tria uainius h-i fus
feib ro luaidius im fhlaithius.Mo.
¶751] Item do macaib Echach. Brian & Ailill & Fiachna trí mc sin Mongfhinne ingini Fidaig. Is í tuc in dig donnaid dia bráthair do Chrimthann. Dá mc immorro Cairinne Casduibi ingine ríg Allsaxan Niall & Fergus a quo Síl Fergusa Cáecháin filet im Chill Scire.
¶752] Torna Écess di Mumain is h-é ro alt Niall co cenn noí mís (nó .ix. annis) & combad h-é at-berad cerdcha do loscad forru & comba h-é (.i. Brian) no berad na h-urddu & Ailill in gáe n-derg báe sin tenid & Fiachra in taulchuma .i. in chré derg báe sin tenid & Fergus in cliab gualaig & Niall ind airnisi uili n-óg.
¶753] Brian dano & Ailill & Fiachra ro rannsat-side h-Érinn h-i tríb rannaib inter se dia n-deochaid bráthair a máthar Crimthann m. Fidaig ar cuaird ardríg i n-Inis Bretan conus toracht Crimthann coros athríg co toracht a siur chuice do chuingid chairdde dia macaib & tuc lé dig tonnaid dó co n- érbailt de, conid de fertha cath Cóenraige &rl.[gap: editorial omission/extent: folios 138a52-139b29]