Corpus of Electronic Texts Edition
Genealogies from Rawlinson B 502 (Author: unknown)

Section 6

DE PERITIA ET GENELOGIA LOÍCHSI.

59

¶408] Lugaid Loígsech Cennmár m. Conaill Cernaich di Ultaib is uad secht Loíchsi Lagen. Loíches didi can as ro ainmniged? Ní ansae .i. airm h-i fárgbad iarna gein fo chétóir is ann do-luid in lóeg allaid secha forsin trácht & do-tháet ina dochum co n- dergéne óenach imme co n-epert in derccaid, ‘lóeg secha, lóeg secha’, unde Lóegsech & Lóeches nominantur.

¶409] Aliter: Lugaid m. Conaill, is ann ro h-alt h-i Temraig ic Eochaid Find Fuath Airt & do rig- Eochaid a chenn mís fo .vii. & ní fholamair Conall tíchtu dia thomailt ar immed a n-écrat. Co toracht díblidecht & sentu fri Conall & co luid riam do Chruachain dia goire & issed són is aurdircc .i. Gaire Chonaill h-i Cruachain. Do-tháet didiu ar thús co Temraig do thich a altrann .i. Echach Find do chomfhis a meic. Lugaid annsin tall isin Temraig dia chomét ar mífholtaib athar. Tech dano Echach fri Temraig ammuich conid ann ro fóe Conall. Ba lán cach clár do biud & cach lestar im lind ar bélaib Conaill ind aidchi-sin & ím ní tudchaid ina dochum arná bud geis do Themraig, ar ní h-oslaicthi Temair ó fhuin gréne coa turcbáil arabárach. Muslui do Conall i m-muche arabárach do saigid Cruachna ar ní lámair anad fria mífholtaib.

¶410] Do-tháet didiu Lugaid dia éis do thig a aite & ad-comaircc i m-bátar óegid i sunn arráir & as-bered cach láe samlaid ar ba fial Lugaid h-i tich a aite fri tairec tuile dia óegedaib. As-bert Eochaid: ‘Conall Cernach th'athair is é foíte h-i sunna arráir’. ‘Cid fríth dó & cia méit ro thomail’, ar Lugaid. ‘Lind bríge & biad berbtha & cláir lána’. ‘Tucthar damsa a chummat cétna’, ar Lugaid, & do-breth dó & ron-thomail. Conid ann as-bert Eochaid: ‘A meic, is láechfhes insin’. Conid de ro-llil-seom Lugaid Láechfhes & a quo Láechfhes & Láechfhessaich .i. Láechsich nominantur.

60

¶411] Lugaid didiu a quo Milige m. Fintait m. Lugdach Loíchsi, dá mc leis .i. Ercc & Fachtna.


p.88

60

¶412] Fachtna m. Milige a quo Baccán m. Brain m. Eircc h-Ubulchind m. Feidelmid mc Findchada m. Fiachach Uanchind m. Dáire m. Rossa m. Ogomain m. Fergusa Múlcheist m. Fachtna m. Milige m. Intait m. Lugdach Loíchsi m. Conaill.

¶413] Síl m-Baccáin m. Lugdach Loíchsich a quo Síl Mescill & Úi Dochlú & Laíches Réta h-uile.

¶414] Ercc m. Milige a quo Comgall m. Domongairt m. Bairr m. Sárbile m. Cormaic m. Lugnae m. Éogain m. Guaire m. Eircc m. Milige m. Intait.

¶415] Síl Diarmata Laíches Raimne.

¶416] Síl Senaich Bic dano Dublaíches & Láeches Taulcha Breguin.


p.89

60

¶417] Síl Senaich Móir Láeches Lethnada & Láechfhes Cúile Buichle.

¶418] Cumascach m. Cathniad m. Dúngusa m. Nárchon m. Déicsenaich m. Cúiléni m. Brócáin m. Senaich m. Domongairt.

{facsimile page & column 127a}

60

¶419] Áeducán m. Snédgusa m. Rudgusa m. Snédgaile m. Déicsenaich.

¶420] Snédgal dano m. Rudgusa m. Donngusa m. Snédgaili mc Déicsenaich.

¶421] Secht m. Lugnai m. Éogain .i. Ruadán et Garbán, Nissi & Laignech, Ercc & Colum, Comgall.

¶422] Ruadán dano & Garbán & Columb: is é a ferann Ráth Ruadáin & Caelle Coluim & Cell Meithne & Ard m-Bruchas.

¶423] Nissi dano issed a forbba Bile Methes & Cluain Meic Nisse.

¶424] Laignech m. Lugnae a quo Úi Báeth & Úi Brócáin. Issed a forbba Loch Laignich & Cluain Connaid.


p.90

60

¶425] Ercc m. Lugnae a quo Úi Diamráin & Dodeccae & Úi Forandla & Úi Cormaic. Is ed a ferann Tech Décláin & Domnach Findchon & Cóelbóthur & Cluain Dá Fiach & Cluain Dartada & a n-or fora tát Úi Forannla.

¶426] Comgall a quo Úi Bróccáin. Is ed a ferann Fán Lethan & ind Nuachongbál .i. Taulach m. Comgaill & Druimm Toga h-i tá Senach m. Comgaill .i. la Colmán m. Comgaill érlam na cille.

¶427] Berach Find m. Domongairt m. Bairr mc Sárbile cethri mc leis: Commán & Columb, Furudrán & Altíne.

¶428] Cóic m. Comgaill m. Domongairt .i. Senach et Áedán, Fínán & Máelodrán, Colmán.

¶429] Cóic m. Brócáin m. Senaich .i. Cúiléni, Conshamail, Émíne, Alténe, Dub Lis.

¶430] Epscop Ibar trá ro baiste dá mac déc Bairr m. Cáirthind. A cethir lia n-athair cona fodlaib .i. Fergus, Nath Í, Énna, Áed. A cóic díb i m-Maig Réta: Fechuir, Bresal, Énna Dubbrónach, Fundech, Lugthigern. A trí díb h-i Feib .i. Éogan, Lugaid, Diarmait. Ad-róbart Barr a h-uu & a h-indhuu eter bíu & marbu do epscup Ibar co bráth.

GENELACH LOÍCHSE RAIMNE.

¶431] Rónán m. Snédgusa m. Duib Tiprat mc Fáelchon m. Fáelbrain m. Commáin m. Senaig m. Áeda m. Carpri m. Bairr m. Cáirthind.


p.91

¶432] Flannacán m. Rudgusa m. Ruadgusa m. Snédgusa.

¶433] Trí mc Duib Tiprat .i. Snédgus & Óengus a quo Clann Flannacán i m- Bairrchiu, Forannán a quo Clann Eilge.

DE GENELOGIA LOÍCHSE CÚILE & RÉTA.

¶434] Cathnia m. Dúngusa m. Nárchon m. Déicsenaich ut supra.

¶435] Fergal m. Augráin m. Ceinnétig m. Gáethíne m. Cináeda m. Cathail m. Beraig m. Mescill m. Máel Aithgeáin m. Beraich m. Baccáin m. Óengusa m. Nastáir m. Bairr idem est hic Barr & praescriptus Barr.

GENELACH BENNTRAIGE.

¶436] Cillíne m. Dochartaich m. Eóin m. Feromuin m. Aildíne m. Oirenn m. Mágach m. Cellaich Croto m. Nechta m. Lugna m. Inomuin m. Benta a quo Bentraige nominantur nó Benta filius Conchobuir m. Nessa ut alii dicunt m. Máil m. Formáil m. Sírnae


p.92

m. Forich m. Rochada m. Clothnai m. Coirbb m. Sethrann m. Loga m. Cethnenn.

64

¶437] Ó Amalgaid Réta trá ro fodailte secht Laíchsi Lagen .i. ó Licc Réta & lia ríg a cathróe & a n-dúnad & a cáin & a n- dliged.

¶438] Sóerchlanna Laíchsi trá Síl Bairr mc Cáirthind uile cip sí áitt i Loíchis do-s-fail.

¶439] Síl m-Beraich immorro m. Mescill ind rígrad a quo sunt reges .i. Berach na bennachtan .i. Sóergus Doithnennach do-rat bennachtain for dá mc déc Beraich m. Meiscill .i. Cathal a quo reges .i. Gáethíne cona chlaind; Fachtna mc Beraich a quo Clann Beraich; Cenndubán m. Máelucáin m. Finguine m. Flaithniad m. Beraich m. Mescill; Dunechaid m. Beraich a quo Clann Duinechda .i. a quo Fubthad m. Donnacáin m. Fogartaich m. Duinechda m. Beraich; Carpre a quo Clann Charpri .i. Úi Chroíbíne m. Suibne; Ailill a quo Síl n-Ailella; Cathal a quo Úi Fachtnai;


p.93

Ruaidíne a quo Clann Ruaidíne cuius filius Coscrach m. Ruaidíne; Indrechtach{facsimile page & column 127b} a quo Clann Indrechtaich de quibus Conall m. Godra; Cathasach a quo Clann Chathasaich de quibus Úi Fínáin & Úi" & Úi Ruaidíne h-i Cluain Eidnech.

¶440] Fine Loíchsi Síl n-uAduair n-Aduair i n-Eittiuch a quo Airenannáin m. Báeth m. Beláin m. Máel Pátric m. Fir Dá Chrích m. Onchon m. Aduair m. Forbaird m. Áeda m. Lugdach m. Bairr.

¶441] Coscrach m. Dubucáin m. Murchada m. Faílgusa m. Cethernaich m. Dubthathuad m. Aduair.

¶442] Síl Techáin m. Áeda. Síl Furudráin m. Áeda m. Énnae m. Bairr. Síl Cumma mc Senaich m. Áeda. Síl Chuaráin m. Énnae. Síl m-Bairr trá sáerchlanna na secht Laíchsi, ar is co Barr bertair a n-geneloige h-uile ut praediximus.

¶443] Is la ríg Laíchsi Réta trá a fecht & a slógad, a cáin & a cobach, a cís & a m-bés na secht Laíches. Ní-s-toirchet gillae ríg aile do rígaib Lagen acht gilla ríg Laíchsi Réta. Co h-aimsir m-Bairr trá ro báe insin. Ro gab cach mc immorro dia maccaib-side a Laíchis sainredaich & filii eorum potentantur eos similiter.


p.94

Conid airesin ní h-óenrí fallnas na secht Laíchsi hodie.

¶444] Ní dlig dano rí Lagen braich ná biad do ríg Laíchsi Réta acht aige slige nammá .i. ag cacha h-aiccmi la Loíchis Réta in tan téite rí Lagen for crích Muman. Is amlaid dano dlegtair na h-aige i m-bethaid & cuindregtar do phupull ríg Lagen isin dúnad i m-bí.

¶445] Ní íccat bú slógaid dano Loíches Réta & ní thiagat h-i sluagad ní as lia oldát tri coícait nammá .i. fer ar fichit ó cach aicme & dias la ríg cúlchométaid & dorsaid. Óthá aimsir Beraich m. Meiscill aní-sin .i. h-it secht n-aicmi la Laíchis.

¶446] Is aire dano do-ratait na sáere-se do Laíchsib arin dochratti báe i n-amsir Con Corb do dingbáil do Laignib .i. Fir Muman dia n- gabáil ó Áth Lagen co Maistin.

¶447] Ó ro-s-rathaig Cú Chorb, rí Lagen, ro imgab a thír co cenn noí mís & mus-luid co Temraig co Fedelmid Rechtaid nó co h-Artt ut alii dicunt. Is h-é robo rí in tan-sin. M. dó int Eochu Finn Fuath n-Airt, et is h-é-side ro alt Lugaid Laíchsech Cennmár m. Conaill Cernaig.

¶448] Is í insin aimser tairchanatar a druíd do Eochuid a thairired co Laigniu & combad h-i Laignib trogfaitis a chlainn & no gigned gein n-amra n-uad .i. h-úa ingine & ropad lán h-Ériu dia h-anmuimm .i. Brigit.

¶449] Do-cumlai iarum Eochaid for conair a Temraig la tecosc in druad & ro gáid a dalta co tísed leis .i. Lugaid Loíchsech Cennmár ar ba m. féinnida .i. m. Conaill Cernaich, conid aire ron- gáid a aite im thuidecht leis. Ro-s-gáid iarum rí Laigen Cú Chorb a n-dís co tístais do innarbu na dochraite ro buí for Laignib ó Mumnechaib.

¶450] Do-sn-airgert immon ferann ro buí fo Mumain cen cháin cen chobach cen chís cen bésad acht ainm ríg Lagen h-uasaib nammá dia cuirtis na Muimnechu de. Ar-róet Eochu & Laíchsech aní-sin & ro nassaiset a curu co léir.

¶451] Is iarum immus-fópratar Muimnecho. Lugaid Lóechsech dano is é ropo ching catha ara fénnidecht.

¶452] Oc Áth Truisten trá do-ratad in cét-chath do feraib Muman & maidis foraib co Berba & ro slechta ind airet-sain. In cath tánaise h-ic Áth h-Ii. Is de ar-róet ainm int áth-sin .i.


p.95

h-Ii m. Dergabail m. Echach Find do-cer forsind áth-sin i n-airenuch oc elluch eter dá cath. Slechta iarum in Mumnich co Corthíne.

¶453] In tres cath i m-Maig Réta ó Chorthíne co Slige n-Dala & co Áth Lagen. Is iar sin at-áigsetar Lagin gabáil dóib forru co n-dernsatar a r-raind secundum consilium Eithne Sithbaicc[gap: cut off by binder/extent: 1 letter]{facsimile page & column 128a} ingene Óengusa Múisc mná Con Corb con-das- fil for esriud h-i secht partib. Lugaid Lóechsech dano do-róegatar Lagin i m-Mag Réta ar méit a neirt i n-agid Muman conid arin fochun-sa dlegait na sóere-se as-rubartmar.

GENELOGIA CLAINNE FÍNÁIN.

¶454] Secht mc Fínáin mc Saigir .i. Commán, Dímma, Laidcnén, Máelodrán, Diarmait, Fiacc Catech, Fáelán.

¶455] Diucaill m. Meicc Liacc m. Ólchon mc Mengáin.

¶456] Na cóic mc aile díbdatar a clann: Becc, Blathmac, Forannán, Cano, Cillíne.

¶457] Suanach m. Cummíne Srenn & Báethgus m. Diarmata m. Fínáin m. Saigir.

¶458] Dúnamail m. Cummíne Máir m. Diarmata m. Dímmae.

NUNC ÚI MEIC LIACC.

¶459] Díumasach m. Cóelbad m. Aithechdae m. Máeli Doburchon m. Sinill m. Dímmae m. Meicc Liacc m. Ólchon m. Mengáin m. Anmerech.


p.96

¶460] Mál Noara a quo Conmáel sapiens.

¶461] Trian a quo Dubluachair.

¶462] Dub Tuath m. Onchon m. Dubluachair m. Crónáin m. Lasre m. Cennfhota m. Niad m. Threna mc Airmera nó Anmerech.

¶463] Cóic m. Threna m. Airmera .i. Mechar, Mend, Cáechán, Furich, Dubthaich.

¶464] Lugaid m. Bicc m. Brócán m. Lugdach m. Lonáin mc Oathair m. Blait mc Cáechán.

¶465] Cethri mc Lugdach m. Lonáin .i. Sílán, Máel Dub, Sinell, Brócán.

¶466] Baet[gap: illegible/extent: 1 letter]l[gap: illegible/extent: 2 letters]ge m. Connaid m. Máeli Doburchon m. Lóchéne m. Demle m. Lommáin m. Cuirc m. Findchada m. h-Írchada m. Fir Roith m. Fir Nuad m. Buain m. Airgetbrain m. Cairpri Cluichechair m. Con Corb unum genus est & Dál Cairpri Arad Tíre.

¶467] Conaire m. Furudrán m. Cruadiníne m. Grelláin m. Lugbae m. Luigne m. Meicc Ríme .i. m. Luga m. Cais m. Casluga m. Flescu m. Airmeda.


p.97

¶468] Trí m. Finnchada .i. trí mc Ríme m. Lommáin Pich[gap: illegible/extent: unknown]áin dangid cichon Antrichid .i. mogaid.

¶469] Sé mc m. Lugna .i.[gap: illegible/extent: 4 letters]beosem, Locha, Cuiliud, Lugain, Báetán.

¶470] Secht m. Lugna .i. Lugba, Lugair, Lugaid, Manchán, Eirnéni, Máel Pichicháin; hinc dicitur tocuiriud Máel for Pichán.

NUNC DÁL CARPRI DÍTHA.

¶471] Cú Sléibe m. Náir m. Daigthi m. Flannacáin m. Guaire mc Grillíne m. Féccáin m. Eircc m. M[gap: illegible/extent: 1 letter]scuire m. Dalláin m. Cóelbad mc M. Locc m. Meicc Tháil m. Náir m. Airmora.

DO FORSLOINDTIB DÁL CAIRPRI NÓ TÁCRAIGE.

¶472] Odor m. Folachtáin m. Brócáin m. Cailgga m. Ardda m. Saír m. Tóeccae m. Loidir Arad Imrosnada m. Fir Thlachtga m. Rossa m. Rudraigi & Fergus m. Róich & Fer Cécht m. Róich & Fer Tlachtga m. Róich.


p.98

NUNC ÚI DIABULBAINE .i.

¶473] Cummair Diabulban m. Conglais de Chiannacht Glinni Gemen. Is de atá Cummair Diabulbane & Druim Senchuimre qui habuit duas uxores unaque in his duabus non erat frequens et ob hoc Diabulbane dictus est.

¶474] Cummair Diabulban didiu m. Conglais m. Nóes m. Fincháin m. Féicc m. Imchada Ulaich m. Condlae m. Thaidc m. Céin m. Ailella.

NUNC GLASRAIGE.

¶475] Cú Maige m. Ingordail m. Ernáine m. Áedgega m. Fintain m. Mc Reithe m. M. Daimle m. Dega m. Cairpri m. Néill.

¶476] Derccu Glasfile comalta Cairpri m. Néill. Hinc máthair Dega m. Cairpri cecinit:

  1. Co fes cor leth iar Luachair
    mac ríg fallnar for tuathaib;
    co fes cor leth i m-Maig in Nit
    mac ríg fallnathar imbribb.


p.99

DÚIL LÁECHSLUINTE LAGEN in so sís acht ón is diamair.

¶477] Na trí Fothaid .i. trí m. Maicnia m. Lugdach m. Dáre Deirg m. Gnáthaltaig m. Nuadat Necht mc Sétnae Sithbaicc m. Lugdach Lóthfind m. Bresail Bricc.

{facsimile page & column 128b}

¶478] Is do chlainn Ailella Móir m. Breccáin Manaich Locha Éirne & Manaich Ulad .i. Manach m. Ailella Móir m. Féicc m. Breccáin m. Dáire Barraich m. Cathaír.

¶479] Is do chlainn Ailella Nósraige Gulbain Guirt .i. Nós m. Ailella Máir.

¶480] Is dia clainn Cairpre i Conmaicnib Réin .i. Carpre m. Ailella a sen. Is í tucait ro-s-fuc asa tír orgguin Énnae m. ríg Lagen la h-Eochaid Gunnat di Ultaib.

¶481] Is dia chlainn Ailella máthair Colum Cille .i. Eithne ingen Óengusa nó Dímmae m. Nóe m. Féchín m. Carpri Filed m. Ailella Máir.

GENELACH FIND M. H-UMAILL.

¶482] Find m. h-Umaill m. Trénmóir m. Suailt ut supra.

¶483] Trí mc Nuadat: Gnáthaltach senathair na trí Fothad, et Baíscne senathair Find & Fergus Fairrce senathair rígraide Lagen, amal as-bert Find File m. Rosa:

  1. Na trí Fothaid     firsat Maicnia Lugdach luind Dáre Derg
    daig garg Gnáthaltach     gáir níth Nuadu Necht.
  2. Di gablae gelfhine     Galéoin Find fir h- Umaill
    argg tricc Trénmór     triur sóer sainb Soailt
    sóer bríg Baíscne     boda nar Nuadu Necht.
  3. Lonn Lugaid Find File     Ross Ruad rupte Fergus
    fiadu nia Nuadu     Necht nind.

¶484] Secht ríg do Laignib ro fallnatar h-Érind & Alba co Muir n-Icht ó Labraid Longsech co Bresal de quibus dicitur:

  1. Secht ríg do Laignib na lerg,

    &rl.


p.100

¶485] Ocht ríg fichet immorro cenmothát na secht ríg-sin ro gabsatar h-Érind, de quibus hoc carmen dictum est:

  1. Cóic ríg tríchat do Laignib

    &rl.

¶486] Mad ó aimsir mc Míled immorro h-it sé ríg cethorchat for h- Érind díb.

  1. Sé ríg dá fhichet co n-gail
    gabsat h-Érind a Laignib
    ó aimsir mac Míled mach
    cosin Rónán rogiallach.


p.101