Corpus of Electronic Texts Edition
Lebor na Cert (Author: unknown)
section 10
38
- Temair teach a mbuí mac Cuind
1815] forad na laech a Liathdruim ;
atá limsa do mebair
a díre dá deigfearaib .
- Cach rí gébus Teamair theand
& techtfas iath nÉrenn,
1820] is é as saíre díb uili
do sluag Banba barrbuidi .
- Mad rí díleas do Theamair
bus deach dona deigferaib,
giallad cách co ruici a theach
1825] don ríg fírén fírbrethach .
- Dleagar de-som réir na slóg
acht co tísad 'na thinól:
dlegar díb-seom giall cach fir
do breith dó-som co Temair T.
p.124
- 1830] Temair nocho dír do-son
minba senchaid sár-fosud
co n-innisea dia ruiri
tuaristal cach aenduine.
- Ná tardad tar cert co neach
1835] conách ruca
féin gúbreath ;
ná déntar debaid 'na thaig
dáig is geis mór dá geasaib
.
- Conách dearna cocad cain
re slóg chóicid Choncobair ;
1840] ná falmaigthear Temair the
do chocad cland Rudraige .
- Dligid beith i Temraig thréin
& cách ica óigréir:
mene fergna féin re goil
1845] ad riaraig dó a chúicedaig.
- Dligid rí Ulad amra
flead dó cach sheachtmad Samna
is a cur dó cen gaindi
ós brú Lindi Luathgainni .
- 1850] Méd na fleidi dlegar and
do ríg Themra na trén-land
dá dabaig déc cach leanda
cona fuireac fír-grema.
- Dul co Temraig 'na deagaid
1855] a thinól do deigfearaib,
indmos dóib ara n-astar
co findtais a tuaristal.
- Dligid rí Eamna Macha
dóig nocho mac minflatha
1860] gach flaith gébus gart ngaíne
nába holc dó a shomaíne .
p.126
- Dligid 39 leath in tigi te
in slóg sin Eamna Maichi
& gabaid, ní claen lind,
1865] ceirt-leath araen re Héirind.
- Fín do dáil forro i Teamraig
co médaiged a menmain ,
cuirn breca cona mbeandaib
foirni cona fichthillaib .
- 1870] Coimlethid a haigthi d'ór
don ríg díreagra dímór,
dá chét bó & dá chéd ech,
dá chéd carbad, ní claen-breth.
- {MS page 202a}Dá luing déc ar choblach cain
1875] ó ríg Themra co treasaib,
a cur do macaib flatha
dóig is congaib indlatha .
- Dá sleig déc ara mbia nem,
dá chlaideam dég mar ealtain ,
1880] dá édach déc cach datha
fa chomair mac n-ardflatha.
- Roga tochmairc a Temraig
do rígnaib co ro-menmain
a tobairt dó 'sa toga
1885] mad dá roib a n-aentuma.
- Comairci gaei deirg dámaig
do ríg Ulad ilbágaig,
dá roib a Temraig na tor,
ná lam neach a shárugud.40
- 1890] Gaileanga fo chís a each
Fir Breag fa foirnib 'ma seach ,
dá roib a Temraig thuathaig ,
ro feas is dá fírthuathaib .
p.128
- A chuibrind a tig Themra ,
1895] córaidi dó mórmenma ,
trí fichit mart, fichi muc,
fichi tindi co trén-lucht .
- Fichi glac losa dar lim,
fichi ug faílind forfind ,
1900] fichi cliab i mbítis beich,
is a tobairt dó ar én-leith.
- Ní dligend acht mad sine
ó ríg Themra toinngile
& aderim fo dí
1905] ní hinand sin is nemthní .
- Iar sin téid roime dia thoig
rí Cuailgni cosna cathaib,
iar n-airisim dia astar ,
do fodail a thuarastal.
- 1910] Do ríg Rátha Móir Muigi
dligid ro-chrud rígraidi
dáig is é is uaisle astar
is as túsca tuaristol.
- Dligid , ce iarfaigid sin,
1915] minba hé bus rí ar Ultaib
ocht mbruit datha & dá luing
co sciath ngel ar gach ngualaind.
- Fidchell & brandub bán,
ocht cuirn & ocht copán ,
1920] ocht mílchoin & ocht n-eich
& ocht sleaga ar éinleith .
- Dligid rí Muigi Coba
na n-arm n-édrom n-imthana
secht mílchoin & secht n-eich
1925] & secht slega for aeinleith .
p.130
- Dligid Eógan sluaiged leis,
dligid Conall cen éisleis ;
fair nochon fellaid a ndáil ,
is ed dleagaid beith d'aenláim.
- 1930] Dligid rí Airgiall a each
tar cend a giall, ní gú-breath,
& dligid Conall cain
suidi cach dú ara bélaib.
- Dligid rí Hua mBriúin miadach
1935] a each frangcach fírmiadach :
dligid rí Conmaicne coin,
each & roga n-édaig. 41
- Is airi do-beir sin dóib
rí Ulad an airm thrénmóir
1940] co mbet a tresi 'na thoig
co tecat leis co Temair . T.
- Geasa ríg Ulad Eamna
& a land lánmeabra
dula dó a cend doiri thuirc
1945] aenfeacht d'aicsin dá fuabairt:
- Éitseacht re hénlaith nglindi
Lacha Saileach saerlinne ,
fothrucad belltaine thair
ar findloch álaind Febail.
- 1950] Ac sin a gesa cruaidi
airdríg cóicid Chraebruaidi;
mádá ndearna co gnáth sin
ní géba co bráth Temair. T. 42
- Do buadaib ríg Ulad uill
1955] coindmead a chásc a Caendruim,
a maír i Tailltin tredoig ,
Eamain imma ingenaib .
p.132
- Coblach aici for Loch Cuan
cleamnas re ríg Gall glanuar ,
1960] Eanach Caín do beith fa blaid
& a maír a Temair .43 T.
- Dligid rí Náis anosa
flead adbal nach urusa ,
fichi dabach do cach lind
1965] cona fuireac ósa cind.
- Tuaristal ríg Laigen Luirc
ó ríg Themrach in trénphuirt ,
a dream sa atáid in bar taig ,
atá leam-sa do meabair:
- {MS page 292b}Céd mac uirríg is buan blad
1971] lesiun co tua na Temrach,
ingen aentuma cach fir
édach taebthana i Temair. T.
- Seacht carbaid ara mbia ór
1975] neach beireas leis co comól,
seacht fichit édach ndatha
fo chomair mac n-ardflatha.
- Ar sin téid roime dá thig
rí Laigen cusna laechaib 44,
1980] co roich dún Náis iar n-astar
co fodail a thuarastal .
- Mad ac Ceindsealaib cróda
bes in flaithis fírmóra ,
is leó fodail a cruid chain
1985] dá macaib ríg 's dá rígaib.
- Dligid rí Hua Faelán find
seacht mbruit datha im cach deiglind
& ceithri longa ar loch
co mbed a corra i coblach
p.134
- 1990] Dligid rí Húa Failgi fuar
ceithri scéith datha, is deagluag ,
ceithri cuirn cacha datha ,
ceithri claidim chruad-chatha .
- Dligid rí Osraigi án
1995] dá mílchoin déc co ndegál .
Dá each déc dó cen aife
co carbadaib deagmaithe .
- Rí Hua Cendsealaig na creach
2000] is é seo a fír in cach than
uair is é teach ríg Laigen.
- Dligid rí Hua nGabla ngér
fáindi óir im cach n-én-mér,
& fail óir ón geal gual
2005] dligid rí find na Forthuath.
- Geasa ríg Laigen adchím,
cath do uagra fair 'na thír ,
& Goill d'aimréir im rind
& a géill co Duiblind.
- 2010] Rí ar aíde cen fégad ,
Caeimgin cana choimégad,
cen teacht co Nás re lind láin
do gesaib in ríg ro-náir.
- Brigid do réir ima rath
2015] do buadaib na ríg Laigneach ;
beth dó fo chís ina thaig
dola cach mís co Temair . T.
- Dligid rí Caisil na creach
dula co tua Temrach
2020] da fichit cairptheach 'ma le
do thaisbénad a flede.
p.136
- Dligid rí Temrach na tor
dul a choimlín sin leiseon
& cen mac athaig and
2025] do chaitheam fleidi Érann.
- Dligid a Temair Luachra
rí Muman 's a mórthuatha
deich ndabcha fichead ro feas
cona furec , is fír-leas .
- 2030] Dligid sechtmain tiar istaig
i Temair Luachra Deagaid ,
& can dula ar astar
noco fodla a thuaristal.
- Is hé seo in tuaristol tend
2035] dleagar ó airdríg Éreand,
ocht n-eich , ocht carbaid fo chuing ,
ocht failgi & ocht caemchuirn.
- Ocht fichid brat do brataib,
ocht scéith gela ós glan-glacaib ,
2040] seacht sesrecha 'na sreith sláin
is seacht fichit bó bennáin .
- Coiri uad do ríg Caisil
ó ríg Themra in trén-taisic ,
a tabairt mar dlegur thrá
2045] 's a breith i Temair Luachra.
- Ar sin fodlaid rí Muman
na cath is na cét curad
do lucht a gníma co ngail
itir ríg & rígain .
- 2050] Ocht n-eich maithi ara mbia grád
dligid rí na nDési nár,45
is ocht mbruit uaine 'ma le
co n-ocht ndeilgib findroine.
p.138
- Dligid ríg Hua Liathán lir
2055] ocht cuirn & ocht claidim
& ocht n-eich maithi dó
ó ríg Caisil can chlaechló ;
- {MS page 202c}Dligid rí Hua nEachach n-oll
lúireach & ga i comlonn,
2060] & dá falaig d'ór dearg
& dá each nach droch-beadc .
- Dligid rí Dáirine duind
ó ríg Caisil in chomlaind
ocht claidim chorra chatha,
2065] ocht longa is ocht lúireacha.
- Do ríg Lacha Léin lebair
dligid cumaín chairdeamail ,
fichi bó & fichi each,
fichi long dó, ní droch-breath.
- 2070] Dligid rí Ciarraigi m chnuic
fichi each, ní fáth ard-uilc,
& trí fichid bó bán
& trí fichit copán .
- Dligid rí Hua Conaill chain
2075] errid cásc ó ríg Caisil,
a llann lígda co lí ngloin
& a gaí 'na deagaid .
- Dligid rí Éile mar tá
a thír saer co Sliab Bladma
2080] acht mina theachta cath cain
gan eachtra fair seach rígraid .
- Is aire dobeir sin dóib
rí Muman an aignid móir ;
is de bus buideach na fir
2085] can a fuireach i Temair . T.
p.140
- Trí buada ríg Caisil cain
rígan aici i Condachtaib,
loingeas aici ar Sinaind sláin
& Caisill do chongbáil.
- 2090] A thrí dimbuada iar sin
cath d'fuagra uad ar Laignib,
a choinmed a Caisil chain
& gan dul co Temair .
- Dligid ó flaith Luimnig lir
2095] flead aireagda forbaílig,
deich ndabcha fiched ro feas,
cona fuireac re fír-leas. 46
- Rí Tuadmuman in toraid
dligid cumaín chairdeamail,
2100] trí deich mbó & dá chét each,
trí failgi d'ór , ní droch-breath.
- Ceithri longa re laíding,
gid ead ní hord anaíbinn,
dá sciath im cach luing díb sin,
2105] dá laind & dá lúirig.
- Ní dligend acht mad saine
flaith Luimnig a Liathmune,
is é seo a fír imach ,
& ingen ríg Temrach. T.
- 2110] Dligid rí Chorco Baiscind
ó ríg Thuadmuman taistill
corn & dá fichit each,
édach in ríg , ní gú-breath.
- Dligid uirrí Chorca Mruad
2115] ó ríg Thuadmuman na tuath
a roga luingi ar ló ar feacht ,
dá chét bó & a beandacht.
p.142
- Ingen ríg Tuadmuman tinn
do ríg Chorco Mruad beirim
2120] coma hí a bean ar cach leath
ar tocht a tig ríg Temrach. t.
- Geasa ríg Luimnig leathain
amimair ós airdeachaib
beith triur ina chocar chain
2125] & a rún re rígain.
- As iad a buada in ríg raith
nónbar 'na chocar chomaith ,
raga ndelba air iar tain
& a menma a Temair. t.
- 2130] Dligid flaith Cruachan , ná ceil ,
dá fichid dabach ac fleid
& can dul uathad ann
ó ríg uasal na Hérind.
- Dligid rí Gaela in gosa
2135] a chomaín uad anosa,
trí fichid bó, dá chéd each,
ceithri failgi, ní droch-breath.
- Ceithri cuirn ima mbí ór
neach beireas leis co comól,
2140] is a fágbáil tiar 'na thig
do flaith Chruachan in chinid .
- Ceithri scéith dearga datha,
ceithri cathbairr chomdatha,
ceithri lúireacha 'na ndiaid,
2145] ceithri sleaga ri sár-gliaid.
- Geis dó Cruachu d'fás fo thrí
buaid dó loingeas for Loch Rí
mad dia ndearna seach cách sin
gébaid sé co gnáth Temair. T.
p.144
- {MS page 202d}Dligid rí Hua Maine mór
2151] ceithri cuirn díb re comól ,
fichi bó & fichi each,
édach dá chét, ní gú-breath.
- Dligid rí Hua Fiachrach find
2155] ceithri longa re laíding,
deich mná fichet, aidbli duir,
& trí cuirn do chornaib.
- Dligid rí na Tuath Teórach
gen gu fetir aneólach47
2160] fichi mart is fichi muc
fichi tindi co trén-lucht .
- Dligid rí Luigni lagaid
ceithri scéith co comramaib ,
ceithri hinair co n-ór derg ,
2165] ceithri longa, ní droch-beadg.
- Ní dligend acht mad sine
ó flaith Chruachna cnesgile
dleagaid dó cach dáil mar sin
& a ndáil co Temair. T. 48
- 2170] Dligid rí Midi in marcaid
ó ríg Érind co n-ardblaid
seacht seisreacha threbus tír
& seacht fichit ailbín.
- Dligid rí Breag in muirir
2175] fichi each, ní hardpudair,
& ní cóir a séna,
co n-édaigib n-imthréna.
p.146
- Dligid rí na Saidne só
each & dá fichit bó,
2180] uair ní lugu a ngoiri amach,
a choiri & a dabach.
- Dligid rí na nDési anocht
fichi mart is fichi molt ,
is dligid rí Luigni ar sin
2185] fichi each co sadallaib.
- Dligid rí Gaileanga gaí
cona hindsma d'órcheardai
& fichi srian sotal
do chruan is do charrmogal.
- 2190] Is amlaid sin dleagar de
tuaristol maithi Mide,
& gan a cleith re gail
& a mbreith co Temair. T.
- Geasa ríg Eógain 'na thig
2195] rígan aici a Condachtaib,
a síth re hAraidi anall
& cacad re Conall.
- 'Na aenar théid soir ó thig
rí Laisi cusna laechaib ;
2200] fichi ech dó ara astur,
is é sin a thuaristol.
- Rí nime & talman tréin ,
co ndearnom uili a óigréir,
co robam co trén 'na thig
2205] dáigh is aíbhni ná Temair. Teamair. Finit.